Skip to main content

Faisnéis maidir le hAchomharc Táille Caighdeánach

Gach bliain, bíonn na milliúin paisinéir á iompar ag Luas ar a gcuid tramanna. Má rinne fiú céatadán íseal de phaisinéirí dearmad íoc as a dticéid, bheadh an t-ioncam a bheadh á chailliúint ag Luas suntasach.

Is cion coiriúil é imghabháil táille. Caithfidh ticéad bailí a bheith i do sheilbh agat don turas atá á dhéanamh agat sula dtéann tú ar aon tram Luas. Mura bhfuil ticéad bailí nó cárta Leap TFI bailíochtaithe agat nuair a iarrfar ort do thicéad a thaispeáint, d’fhéadfaí an dlí a chur ort sa Chúirt Dúiche faoin Acht um Shábháilteacht Iarnróid, 2005. D’fhéadfaí fíneáil €1,000 ar chiontú sa Chúirt Dúiche a ghearradh ar aon phaisinéir a bhíonn ag taisteal gan ticéad bailí mar aon le costais dhlíthiúla.

Mura bhfuil tú in ann ticéad bailí a thaispeáint nuair a iarann Gníomhaire Custaiméara nó Oifigeach Údaraithe ort, d’fhéadfaí Fógra Táille Caighdeánach (FTC) a eisiúint ort.

Ráiteas Míniúcháin a Chur Isteach

Eisíodh Fógra Táille Caighdeánach (FTC) duit ar luach €100 i gcomhréir leis na Fodhlíthe Iarnród Éadrom.

Tugtar cead ag Luas, do chustaiméirí rogha Ráiteas Míniúcháin a chur isteach taobh istigh de 14 lá ó dháta eisithe an fhógra. Is féidir ráiteas míniúcháin a chur isteach anseo.

Cuirfear táille caighdeánach ar ceal ach amháin sa chás go ndéantar an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar.

  1. Má eisíodh fógra táille caighdeánach ort ar chúis 00, cuir cóip de thicéad do mhic léinn ar fáil dúinn ina bhfuil uimhir an Chárta Leap TFI do mhic léinn nó d’aosaigh óga priontáilte go soiléir ar thosach an ticéid.Ní mheasfar aon ticéad eile a soláthraíodh agus an gníomh déanta mar achomharc rathúil.
  2. Má eisíodh fógra táille caighdeánach ort ar chúis 03, cuir an t-aitheantas cuí ar fáil dúinn mar aon leis an ticéad. Más mac léinn nó aosach óg thú, soláthair cóip den ticéad ina bhfuil uimhir an Chárta Leap TFI do mhic léinn nó d’aosaigh óga priontáilte go soiléir ar thosach an ticéid.
  3. Más Custaiméir Coigilteora Cánach thú, cuir uimhir an Chárta Leap TFI ar fáil dúinn i ngach comhfhreagras. Má rinneadh an Cárta Leap TFI a bhailíochtú agus tá an táirge cuí lódáilte leis an gcárta, cuirfear an FTC ar ceal.
  4. Má eisíodh fógra táille caighdeánach duit ar chúis 08, cuir stair idirbhirt ar fáil dúinn ó do chuntas Chárta Leap TFI ina léirítear Tadhaill Ar ag an am a raibh tú ag taisteal.

Déanfar gach ráiteas eile a fhaightear a mheas mar neamhbhailí agus déanfar an FTC cuí a fhorfheidhmiú.

Tabhair faoi deara, ní úsáidtear CCTV ar mhaithe le himghabháil táille agus ní fianaise é an CCTV maidir le ceannachán ticéid ná Tadhaill Ar Chárta Leap TFI rathúil.

 

Íoc as d’Fhógra Táille Caighdeánach anseo

Is féidir linn an ráta laghdaithe de €45 a thairiscint duit má íocann tú as an FTC taobh istigh de 14 lá ón dáta eisithe.

Má chuir tú ráiteas míniúcháin isteach taobh istigh den achar ama cuí de 14 lá déanfar an FTC a reo go dtí go ndéantar cinneadh faoin bhfógra a chur ar ceal nó a fhorfheidhmiú. Ní gá duit aon ghníomh eile a dhéanamh go dtí go bhfaigheann tú litir chinnidh ó Luas.

Tá sé tábhachtach nóta a dhéanamh go bhfuil €100 i gceist leis an bhFógra Táille Caighdeánach, ceadófar ráta laghdaithe de €45 chomh fada agus a íoctar taobh istigh de 14 lá é.

Mura n-íocann tú as an bhfógra taobh istigh de 28 lá, d’fhéadfaí toghairm a chur ort chuig an gcúirt, má chiontófar thú as imghabháil táille déanfar fíneáil suas le €1000 a eisiúint duit chomh maith le ciontú coiriúil.. i ndáiríre, an fiú é seo ar mhaithe le cúpla euro.

Chun íoc as an FTC a eisíodh duit cliceáil anseo.