Tá go leor bealaí eile a bheith sábháilte le Luas. Ag Stopanna, ar bord nó gar do na ráillí, faigh tuilleadh eolais maidir leis na rialacha sábháilteachta agus gnéithe sábháilteachta a chuireann Luas ar fáil duit.
- Rialacha Sábháilteachta Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil
- Bí Sábháilte le Chéile Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil
- Siúl Sábháilte ar fud Luas Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil
- Tiomáint Sábháilte ar fud Luas Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil
- Rothaíocht Sábháilte ar fud Luas Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil
Beir Greim Láimhe – Teachtaireacht Sábháilteachta ón Luas
Ní theastaíonn ó aon duine a bheith scartha óna leanbh nó leanbh faoina gcúram.
Tá Luas ag meabhrú do gach custaiméir a bhíonn ag taisteal le leanaí chun dul ar bord an tram agus imeacht den tram ag an am céanna leis an leanbh/ na leanaí atá ag taisteal in éineacht leat.
Ar an dea-uair, ní bhíonn mórán eachtraí ina mbíonn leanaí scartha óna dtuismitheoirí nó a gcomrádaithe taistil ach tá eachtra amháin ann féin iomarcach, mar sin táimid ag meabhrú do dhaoine:
- Beir greim láimhe
- Téigh ar bord an tram agus imigh den tram ag an am céanna.
- Cuimhnigh má scarann tú féin agus an leanbh faoi do chúram óna chéile is féidir leat an cnaipe SOS a bhrú ar bord an tram agus labhair leis an tiománaí, is féidir leat an Pointe Cabhrach Éigeandála a bhrú ag Stop Luas in aice leis an meaisín ticéad agus labhair le Rialú Luas.
- D’fhéadfadh go mbeidh tú ag iarraidh fios a chur ar na Gardaí ag 999.