Skip to main content

Cárta Leap TFI

TFI Leap Card Fares
Adult Young Adult Student Child
TFI 90 Minute Fare €2.00 €1.00 €1.00 €0.65
Short Fare €1.50 €0.75 €0.75 €0.65

Tá Táille TFI 90 nóiméad i bhfeidhm do formhór na dturas Luas a n-íoctar astu le Cárta Leap TFI. Áirítear leis seo turais il-líne a thosaítear taobh istigh de 90 nóiméad den chéad Tadhaill Ar ag an stop Luas. Tá an Táille Ghearr i bhfeidhm do thurais Luas áirithe atá suas le thart ar 3km.

Tá Táillí TFI 90 Nóiméad i bhfeidhm chomh maith do thurais ilmhodh ina mbíonn Luas agus cineál modha eile i gceantar Bhaile Átha Cliath.

Ná déan dearmad, ní mór duit Tadhaill Ar roimh do thuras agus Tadhaill As tar éis do thurais ag an stop Luas, áirítear leis sin nuair atá do thuras ar Luas i ndiaidh turas ar mhodh eile. Cinntítear leis sin go bhfuil ticéad bailí agat ar Luas agus go bhfaigheann tú an Táille TFI 90 Nóiméad.

Nuair atá úsáid á baint agat as Táille TFI 90 Nóiméad ar do Chárta Leap, ní mór duit Tadhaill Ar i gcónaí ag úsáid Bailíochtóir ar an ardán roimh dul ar bord Luas agus Tadhaill As nuair a fhágann tú Luas. Cinntítear leis sin go bhfuil ticéad bailí agat do do thuras agus ní bheidh tú i mbaol Fógra Táille Caighdeánach Luas de €100 a fháil. Cinntítear go bhfaigheann tú an luach is fearr ar do thuras chomh maith.

Tabhair cuairt ar leapcard.ie chun tuilleadh eolais  a fháil maidir le Táillí 90 Nóiméad TFI.

Caidhpeanna Chártaí Leap TFI

Déanann Caidhpeanna Chártaí Leap TFI do chaiteachas creidmheasa taistil a chaidhpeáil, mar sin a luaithe agus a sroicheann tú Caidhp chuí is féidir leat taisteal ar an tseirbhís saor in aisce don chuid eile den lán nó den tseachtain.

Tá caidhpeáil mar chuid d’fheidhmiúlacht Chárta Leap TFI. Tar éis duit an Chaidhp a shroicheadh beidh an chuid eile den taisteal i rith 1 lá nó 7 lá sin saor in aisce. Níl aon rud ag teastáil uait; ní gá ach do Chárta Leap TFI a úsáid mar is gnáth ar Luas. Beidh na Caidhpeanna i bhfeidhm go huathoibríoch.

Bíonn caidhpeáil i bhfeidhm do thurais ilmhodh chomh maith lena n-áirítear Luas agus bus nó traein i gceantar Bhaile Átha Cliath.

Ná déan dearmad, ní mór duit Tadhaill Ar roimh do thuras agus Tadhaill As tar éis do thurais ag an stop Luas, fiú má shroicheann tú an Chaidhp. Cinntítear leis seo go bhfuil ticéad bailí agat a bheith ag taisteal ar Luas agus go ngearrtar an méid ceart ort.

TFI Leap Card Caps
 Zones 1-8 Luas Daily Cap Luas Weekly Cap (Mon – Sun) Dublin Bus, Luas, DART and Commuter Rail – Daily Cap Dublin Bus, Luas, DART and Commuter Rail – Weekly Cap
Adult €5.60 €22.00 €8.00 €32.00
Young Adult €2.80 €11.00 €4.00 €16.00
Student €2.80 €11.00 €4.00 €16.00
Child €2.10 €6.80 €2.80 €11.20

Caidhp Laethúil = An chéad tram chuig an tram deireanach ar lá áirithe. Cuirtear tús leis an tréimhse caidhpe laethúla ag 4.30a.m. gach lá agus cuirtear críoch leis ag 4.29a.m. an mhaidin ina dhiaidh sin. Déantar an méid a caitheadh a athshocrú ag 4.29a.m. gach maidin agus ní féidir é a thabhairt ar aghaidh.

Caidhp Sheachtainiúil (Luan – Aoine) = An chéad tram Dé Luain chuig an tram deireanach Dé Domhnaigh. Cuirtear tús leis an tréimhse caidhpe seachtainiúla ag 4.30a.m. Dé Luain agus cuirtear críoch leis ag 4.29a.m. an Luan ina dhiaidh sin. Déantar an méid a caitheadh a athshocrú ag 4.29a.m. gach Luan agus ní féidir é a thabhairt ar aghaidh.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Caidhpeanna Ilmhodha Chárta Leap TFI féach https://about.leapcard.ie/fare-capping.

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Cárta Leap TFI féach leapcard.ie.

Cliceáil anseo chun féachaint ar an PDF maidir le hAchoimre ar Tháillí Luas.