Skip to main content

Ticéid Leanaí

Tá ticéid leanaí bailí do leanaí atá idir 5 agus 15 bliana d’aois san áireamh. Taistealaíonn leanaí idir 0 agus 4 bliana d’aois, san áireamh, saor in aisce. D’fhéadfadh go mbeadh fianaise aoise ag teastáil. Is féidir Cártaí Leap TFI do Leanaí atá 5-15 bliana d’aois a úsáid chun íoc as taisteal d’aon duine atá idir 5 agus 15 bliana d’aois (san áireamh, suas leis an 16ú breithlá) agus Cártaí Leap TFI do Leanaí 16-18 mbliana d’aois a úsáid chun íoc as taisteal d’aon duine atá idir 16 agus 18 mbliana d’aois (san áireamh, suas leis an 19ú breithlá).

Ticéid Shingil agus Fhillte Leanaí Luas

Táillí Líne Dhearg agus Uaine
Limistéir Singil Fillte
1-8 limistéir €0.90 €1.80

Táille TFI 90 Nóiméad Leanaí

Tá Táillí TFI 90 Nóiméad Leanaí ar fáil le Cártaí Leap TFI do Leanaí ar Luas agus ar chóras iompair Bhaile Átha Cliath eile.

Nuair atá úsáid á baint agat as Táille TFI 90 Nóiméad ar do Chárta Leap, ní mór duit Tadhaill Ar i gcónaí ag úsáid Bailíochtóir ar an ardán roimh dul ar bord Luas agus Tadhaill As nuair a fhágann tú Luas. Cinntítear leis sin go bhfuil ticéad bailí agat do do thuras agus ní bheidh tú i mbaol Fógra Táille Caighdeánach Luas de €100 a fháil. Cinntítear go bhfaigheann tú an luach is fearr ar do thuras chomh maith.

Leanbh
Táille TFI 90 Nóiméad  €0.65

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Táillí TFI 90 Nóiméad agus Luas cliceáil anseo.

Cliceáil anseo chun féachaint ar an PDF maidir le hAchoimre ar Tháillí Luas.