Rothaíocht agus Taisteal (R+T) ná nuair a rothaíonn tú chuig stop Luas, páirceálann tú do rothar ag ceann de na Racaí Rothaíochta Luas saor in aisce agus úsáideann tú Luas chun do thuras a chur i gcrích. Ansin ar an mbealach abhaile tógann tú an Luas chuig do stop agus léimeann tú ar do rothar.
Is racaí iad na Racaí Rothaíochta Luas Saor in Aisce ar féidir leat do rothar a chur faoi ghlas leo atá lonnaithe in aice ló gar do bhreis agus dhá trian de stopanna Luas.Tá 320 Raca Rothaíochta Luas Saor in Aisce ag Luas faoi láthair, a chuireann spás ar fáil do 2 rothar an ceann, scaipthe thar an dá líne Luas. Is ionann sin agus 270 spásanna páirceála ar Líne Dhearg an Luas agus 370 ar Líne Ghlas an Luas.
Le linn 2011 agus 2012, tá An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród, arna tacú ag an Údarás Náisiúnta Iompair, ag cur áiseanna Rothaíocht + Taisteal Luas chun cinn.
Táimid i mbun pleanáil agus suiteáil 47 raca rothair bhreise (is ionann sin agus 94 spás nua) ag stopanna ar Línte Dearg agus Glas an Luas.
Racaí Rothair Líne Dhearg an Luas
- Cearnóg an Mhéara: Coláiste Náisiúnta na hÉireann:12 raca rothair nua
- Duga Sheoirse 4 raca rothair nua
Racaí Rothair Líne Ghlas an Luas
- Coill Bhaile Uí Ógáin:5 raca rothair nua
- Raghnallach:6 raca rothair bhreise; an t-iomlán ag an stop seo is ea 12
- Baile Amhlaoibh:20 raca rothair bhreise; an t-iomlán ag an stop seo is ea 26
An Chéad Áis Rothaíocht + Taisteal Luas Tiomnaithe
Osclaíodh an chéad áis Rothaíocht + Taisteal Luas tiomnaithe ag Stop Dhún Droma. Tá spásanna páirceála rothair do 52 rothar ag an áis seo. Is meascán iad na spásanna de 10 dtaisceadán rothair (rothar amháin an ceann) ar bhonn trialach agus 21 raca rothair. Tá fothainn aimsire ag an saoráid seo agus tá sé oscailte 24/7.Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leis na Taisceadáin Rothair cliceáil anseo.
Má tá éileamh ar an áis seo ónár gcustaiméirí, féachfaimid ar áiseanna comhchosúla a leathadh amach in ar fud na línte Luas.
Luas agus Níos Mó Bealaí Rothaíochta / Níos sábháilte
Bíonn feabhsuithe maidir le lánaí rothaíochta sráide taobh amuigh de smacht Luas den chuid is mó; tá an fhreagracht sin ar na húdaráis áitiúla éagsúla. É sin ráite, bímid ag obair ndlúthchomhar leo maidir le haon feabhsuithe rochtana rothaíochta chuig stopanna Luas agus táimid i mbun cainteanna leis na húdaráis áitiúla maidir le rochtain rothaíochta feabhsaithe chuig stopanna Luas.
Is féidir leatsa cabhrú; seol do chuid smaointí agus moltaí chuig an Oifigeach Rothaíochta i d’údarás áitiúil ag ceann amháin de na seoltaí thíos;
- Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath [email protected]
- Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas [email protected]
- Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin [email protected]
Is Féidir Leatsa Cabhrú!
- An mbíonn na racaí rothair ag do stop i gcónaí lán?
- An bhfuil daoine ag páirceáil a rothar chuig ráillí ag do stop?
- An bhfuil do stop gan aon raca rothair ar bith agus tá daoine ag páirceáil a rothair in aice láimhe.
- An bhfuil an soilsiú ag an raca rothair Luas a úsáideann tú ró-lag?
Seol ríomhphost chugainn ina bhfuil pictiúr agus roinnt eolais chuig [email protected]. Déanfaimid do mholadh a fhiosrú agus cuirfimid in iúl duit an chaoi a bhfuil ag éirí linn leis.