Céim 1 – Cuir do threalamh in eagar
Bain an deannach de do rothar agus déan é a chóiriú ag cinntiú go bhfuil na boinn ceart go leor agus gur cuireadh ola ar an slabhra. Smaoinigh ar é a chur chuig siopa rothair áitiúil le féachaint air. Mura bhfuil rothar agat faigh roinnt noda ar líne maidir leis an gcaoi le rothar a roghnú, má tá tú incháilithe don scéim um Rothaíocht chun na hOibre agus labhair le siopa rothair. Cinntigh go bhfuil éadaí compordacha agus fearas sábháilteachta agat; mar aon le clogad, soilse/ frithchaiteoirí agus éadaí sofheicthe.
Céim 2 – Téigh ag spaisteoireacht
Léim ar an rothar le do chairde nó do theaghlach. Cinntigh go bhfuil do rothar ag obair mar is ceart agus go bhfuil do chlogad, d’éadaí agus d’éadaí sábháilteachta compordach. Féach cé chomh aclaí agus atá tú, níor chóir don rothaíocht a bheith níos déine ná a bheith ag siúl; má tá sé deacair tóg go bog é ar feadh píosa. Bain triail as do bhealach; an bhfuil sé sábháilte agus cé chomh fada a thógann sé ort.
Céim 3 – Déan taighde
Déan roinnt taighde ar líne agus labhair le daoine..Féach na bealaí atá ar dublincitycycling.ie nó http://maps.google.ie.Faigh amach cad é an pháirceáil rothair is gaire duitse. Labhair le daoine i do cheantar a bhíonn ag rothaíocht agus faigh roinnt noda uatha. Labhair le daoine a mbíonn tú ag obair leo agus cuir ceist ar AD (HR) faoi áiseanna chun do chlogad agus d’éadaí báistí a stóráil.
Céim 4 – Tóg go bog é
Sula ndéanann tú é gach lá, déan triail ag an deireadh seachtaine. Tomhais cé chomh fada a thógann sé ort an turas a dhéanamh agus tabhair go leor ama duit féin.Ar feadh tamaill, tabhair píosa ama breise duit féin chun a bheith ag rothaíocht níos moille agus do bhealach á dhéanamh amach agat. Smaoinigh ar tús mall a chur leis, Rothaíocht agus Taisteal (R+T) lá amháin sa tseachtain ar dtús.
Céim 5 – Bí i do shaineolaí R+T
Bain taitneamh as an ngnáthamh nua agus tréaslaigh leat féin as an turas leadránach a athrú chuig do ghnáthamh aclaíochta laethúil, as an tseift chun airgead a shábháil agus as do chuidse a dhéanamh chun an domhan a chaomhnú. Ansin seol ríomhphost chugainn ina bhfuil do chuid turas go léir ionas gur féidir linn iad a chur ar aghaidh.