Skip to main content

An chaoi a n-íoctar as Páirceáil ag Clóis Pháirceála Pháirceáil + Taisteal Luas

Tá clóis pháirceála Páirceáil + Taisteal (P+R) lonnaithe ag an mBó Dhearg, i mBaile an tSíbhrigh agus i dTamhlacht ar an Líne Dhearg agus i gCarraig Mhaighin, Áth an Ghainimh, Stigh Lorgan agus Baile Amhlaoibh ar an Líne Ghlas. Is féidir leat íoc as do pháirceáil trí na roghanna íocaíochta a liostaítear thíos. Tá d’Uimhir Chlárúcháin Feithicle ag teastáil agus tú ag íoc as páirceáil.

Ní mór duit an Uimhir Clárúcháin Feithicle cheart a chur isteach. Mura dhéantar amhlaidh d’fhéadfaí d’fheithicil a chlampáil.

Tabhair faoi deara go mbíonn éagsúlachtaí idir na roghanna íocaíochta do Pháirceáil agus Taisteal Thamhlachta agus liostaítear thíos iad chomh maith.

Roghanna Íocaíochta do gach Páirceáil agus Taisteal Luas seachas P+T Thamhlachta

Roghanna Íocaíochta do P+T Thamhlachta Luas

Íoc as páirceáil ag Meaisín Ticéid Luas
Is féidir leat íoc as páirceáil ag úsáid Meaisín Ticéid Luas lonnaithe ag Stopanna Luas agus ag gach Páirceáil + Taisteal seachas Páirceáil + Taisteal Thamhlachta. Chun eolas a fháil mar gheall ar an gcaoi le híoc as do pháirceáil ag Páirceáil + Taisteal Thamhlachta
cliceáil anseo.

Céim 1: Roghnaigh ‘Ticéid Pháirceála’ (‘Parking Tickets’) chun íoc as páirceáil amháin nó ‘Luas agus Ticéid Pháirceála’ (‘Luas and Parking Tickets’) chun íoc as páirceáil agus ticéad Luas a cheannach.

Céim 2: Roghnaigh an rogha páirceála atá ag teastáil uait.

  • Tá Ticéid Páirceála 4 uair, 1 Lá, Seachtainiúla agus Míosúla ar fáil ag na Meaisíní Ticéid. Chun liosta a fháil maidir le táillí páirceála do chustaiméirí Luas féach https://www.luas.ie/pairceail-charr/?lang=ga

Céim 3: Cuir isteach d’Uimhir Chlárúcháin Feithicle

Céim 4: Deimhnigh go bhfuil d’Uimhir Chlárúcháin Feithicle i gceart. D’fhéadfaí d’fheithicil a chlampáil má chuirtear isteach an Uimhir Chlárúcháin Feithicle mhícheart.

Céim 5: Roghnaigh an rogha íocaíochta is fearr leat agus déan íocaíocht. Is féidir páirceáil a cheannach leis an méid seo a leanas:

  • airgead tirim (ní ghlactar le nótaí €50 d’idirbhearta faoi €30)
  • cárta creidmheasa nó dochair (is féidir Íocaíocht gan Tadhall a úsáid d’idirbhearta suas le €50).
  • Apple PayGoogle Pay.

Céim 6: I ndiaidh d’íocaíocht imeacht isteach go rathúil, más rud é gur íoc tú as le cárta creidmheasa/ dochair nó rogha Íocaíochta gan Tadhaill, iarrfar ort má theastaíonn uait go ndéanfar admháil a phriontáil duit. Roghnaigh ‘Ba mhaith’ (yes) nó ‘Níor mhaith’ (no). Tabhair faoi deara nach bhfuil d’admháil mar an gcéanna le do thicéad páirceála.

Céim 7: Ansin déanfar do thicéad pháirceála a phriontáil. Ní gá é seo a chur ar taispeáint i d’fheithicil; ach cinntigh go gcoinníonn tú do thicéad páirceála le haghaidh do thaifid féin.

Nóta: ní mór duit ticéad Luas bailí a bheith agat ar an lá a dhéanann tú d’fheithicil a pháirceáil. Gearrfar táille bhreise ort mura bhfuil ticéad Luas bailí agat nuair a fhágfaidh tú an clós páirceála.

 

Íoc as páirceáil leis an Aip APCOA Connect Ireland

Is féidir leat íoc as páirceáil leis an Aip APCOA Connect Ireland do gach Páirceál agus Taisteal Luas seachas Páirceáil agus Taisteal Thamhlachta. Chun eolas a fháil mar gheall ar an gcaoi le híoc as do pháirceáil ag Páirceáil + Taisteal Thamhlachta  cliceáil anseo.

Céim 1: Íoslódáil Aip APCOA Connect Ireland, ar fáil ar Google Play agus Apple App Store

Céim 2: Logáil isteach nó cláraigh do chuid sonraí chun cuntas a shocrú

Céim 3: Logáil isteach ag úsáid faisnéis aitheantais ón gcuntas a chruthaigh tú (uimhir fóin agus pasfhocal)

Céim 4: Cliceáil ‘Ceannaigh Páirceáil’ (‘Buy Parking’) chun an suíomh páirceála a aimsiú. Is féidir leat suíomh páirceála a aimsiú agus a roghnú go tapa tríd an ainm nó an cód suímh a chlóbhualadh isteach (is féidir an dá cheann a fheiceáil ar chomharthaíocht Páirceáil agus Taisteal, a léirítear ar fud an chlóis páirceála)

Céim 5: Ansin, cuir isteach d’uimhir clárúcháin feithicle, an tsamhail agus an dath. Nuair a dhéanann tú é a shábháil, cliceáil ar an Uimhir Chlárúcháin Feithicle chun an dáta agus am tosaigh a roghnú

Céim 6: Nuair atá tú sásta le do rogha, cliceála ar ‘Lean ar aghaidh’ (‘Continue’)

Céim 7: Roghnaigh an fad ama a theastaíonn uait páirceáil

Céim 8: Roghnaigh modh íocaíochta. Tabharfar deis duit roghnú idir íocaíocht cárta nó cuntas tiachóg leictreonach (eWallet).

Céim 8: Nuair a bheidh tú críochnaithe le do phas a shocrú, cliceáil ‘Ceannaigh Páirceáil’ (‘Buy Parking’) agus fan ar an dearbhú mír aníos. Cruthaíodh do phas.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig suíomh gréasáin APCOA Connect Ireland

 

Íoc as do pháirceáil ar líne trí shuíomh gréasáin APOCA Connect Ireland

Is féidir leat íoc as páirceáil ar líne le hAip APCOA Connect Ireland do gach Páirceáil agus Taisteal Luas seachas Páirceáil agus Taisteal Thamhlachta. Chun eolas a fháil mar gheall ar an gcaoi le híoc as do pháirceáil ag Páirceáil + Taisteal Thamhlachta cliceáil anseo.

Céim 1:Téigh chuig suíomh gréasáin APCOA Connect Ireland

Céim 2: Cliceáil ar an táb ‘Buy Parking’ ar an leathanach baile agus cuardaigh suíomh tríd an suíomh atá ag teastáil uait a chur isteach nó tríd on rogha ‘Find Nearby on Map’ chun cuardach a dhéanamh ar Léarscáil APCOA Connect.

Céim 3: Roghnaigh do shuíomh ón roghchlár anuas

Céim 4: Roghnaigh d’fheithicil cláraithe nó de rogha air sin cuir feithicil nua leis a bheidh le clúdach

Céim 5: Roghnaigh an t-am agus dáta tosaigh chun tús a chur le do pháirceáil agus roghnaigh an tréimhse ama atá ag teastáil uait de réir do riachtanais pháirceála

Céim 6: Is féidir leat rogha a dhéanamh íoc as do chuntas eWallet nó do chárta íocaíochta cláraithe a úsáid chun íoc as an bpáirceáil.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig suíomh gréasáin APCOA Connect Ireland

 

Íoc as do pháirceáil ag úsáid sheirbhís páirceála SMS APCOA Connect

Is féidir leat íoc as páirceáil trí SMS do gach Páirceáil agus Taisteal Luas seachas Páirceáil agus Taisteal Thamhlachta. Chun eolas a fháil mar gheall ar an gcaoi le híoc as do pháirceáil ag Páirceáil + Taisteal Thamhlachta cliceáil anseo.

Ní mór duit a bheith cláraithe le APCOA Connect Ireland chun an tseirbhís páirceála SMS a úsáid.

Más sealbhóir cuntais APCOA Connect thú, is féidir leat íoc as do pháirceáil tríd an eochairfhocal ‘Park’ mar aon le huimhir CVV/ CV2 an chárta atá cláraithe agat le APCOA Connect agus an Cód Faid Ama don am páirceála atá de dhíth ort a chur chuig 086-1801630 (e.g. Dá mbeifeá ag páirceáil ag Páirceáil + Taisteal na Bó Deirge, sheolfá téacs ag rá “park XXX 240 1510” chun páirceáil ar feadh 4 uair an chloig, agus uimhir CVV do chárta creidmheasa/ dochair a chur in áit “XXX”).Bíonn Cóid Faid Ama agus Cóid Suímh éagsúil ó suíomh go suíomh agus is féidir iad a fháil ar shuíomh gréasáin APCOA Connect trí chliceáil anseo agus an suíomh a roghnú. Bíonn sonraí maidir le gach suíomh Páirceáil + Taisteal ar fáil ar chomharthaíocht a bhíonn ar taispeáint ar fud Pháirceáil + Taisteal Luas.

Is féidir leat ‘Preferred Vehicle Registration’ agus ‘Preferred Location’ a shocrú tríd an rannóg ‘My account’  ar shuíomh gréasáin APCOA Connect nó tríd an rannóg ‘Manage Account’ ar Aipeanna APCOA Connect. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh d’Uimhir Clárúcháin Feithicle ná an Cód Suímh ag teastáil uait nuair a íocfaidh tú as páirceáil trí SMS ag an suíomh feithicle is fearr leat.

Is féidir leat admháil CBL a fháil ó shuíomh gréasáin APCOA Connect Ireland as aon pháirceáil a íocann tú as le hAPCOA Connect. Má chláraíonn tú, is féidir leat meabhrúcháin ama páirceála a fháil, cur le do chuid ama páirceála gan filleadh ar do charr agus féachaint ar do stair pháirceála iomlán chomh maith,

Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin APCOA Connect Ireland.

 

An Chaoi a nÍoctar as Páirceáil ag Páirceáil agus Taisteal Thamhlachta

Íoc as Páirceáil leis an aip Best Car Parks App

Is féidir leat íoc as páirceáil ag Páirceáil + Taisteal Thamhlachta Luas ag úsáid an Aip Best Car Parks.

Céim 1: Íoslódáil an Aip Best Car Parks, ar fáil ar Google Play agus App Store

Céim 2: Cliceáil ‘Book Now’

Céim 3: Roghnaigh ‘Best Car Parks Tallaght Cross West‘ ón roghchlár

Céim 4: Cliceáil ‘Book Now’

Céim 5: Roghnaigh do Dháta Áirithinte má tá sé éagsúil ón dáta a thagann in airde

Céim 6: Roghnaigh líon na spásanna atá ag teastáil

Céim 7: Roghnaigh an Táirge (Product) atá ag teastáil: páirceáil lae, sheachtainiúil nó mhíosúil

Céim 8: Beidh an Costas Iomlán (Total Cost) le feiceáil. Cliceáil ‘Book Parking’ chun leanúint ar aghaidh

Céim 9: Cuir isteach d’uimhir chlárúchán feithicle

Céim 10: Roghnaigh ‘Disabled Parking Space Required’ más gá

Céim 11: Glac leis na Téarmaí agus Coinníollacha chun leanúint ar aghaidh

Céim 12: Cliceáil ‘Proceed to Checkout’

Céim 13: Cuir isteach na sonraí íocaíochta riachtanacha agus cliceáil ‘Proceed’

 

Íoc ar líne ar an suíomh gréasáin Best Car Parks 

 

Is féidir leat íoc as páirceáil ag Páirceáil agus Taisteal Thamlachta Luas ar shuíomh gréasáin Best Car Parks.

Céim 1: Téigh chuig Suíomh gréasáin Best Car Parks

Céim 2: Cliceáil ‘Book Now’

Céim 3: Roghnaigh ‘Best Car Parks Tallaght Cross West‘ ón roghchlár

Céim 4: Cliceáil ‘Book Now’

Céim 5: Roghnaigh do Dháta Áirithinte má tá sé éagsúil ón dáta a thagann in airde

Céim 6: Roghnaigh líon na spásanna atá ag teastáil

Céim 7:Roghnaigh an Táirge (Product) atá ag teastáil: páirceáil lae, sheachtainiúil nó mhíosúil

Céim 8: Beidh an Costas Iomlán (Total Cost) le feiceáil. Cliceáil ‘Book Parking’ chun leanúint ar aghaidh

Céim 9: Cuir isteach d’uimhir chlárúchán feithicle

Céim 10: Roghnaigh ‘Disabled Parking Space Required’ más gá

Céim 11: Glac leis na Téarmaí agus Coinníollacha chun leanúint ar aghaidh

Céim 12: Cliceáil ‘Proceed to Checkout’

Céim 13: Cuir isteach na sonraí íocaíochta riachtanacha agus cliceáil ‘Proceed’

 

An bhfuil Cúnamh ag teastáil uait?

Téigh i dteagmháil le Foireann Sheirbhís Custaiméara TFI má tá ceist pháirceála agat.
Glao áitiúil ar 0818 294 015 nó seol ríomhphost chuig [email protected].
Cliceáil anseo chun uaireanta oscailte Sheirbhís Custaiméara TFI a fháil.

 

Foireann Tacaíochta Custaiméara APCOA Connect Ireland
Téigh i dteagmháil le hIonad Tacaíochta Custaiméara APCOA trí ríomhphost a chur chuig [email protected] nó trí ghlao a chur ar 0818 462 899 má bhaineann do cheist le haon Pháirceáil agus Taisteal Luas seachas Páirceáil agus Taisteal Thamhlachta.

Má tá tú ag glao ó taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann, cuir glao ar +353 1 651 6900.

Bíonn Foireann Tacaíochta Custaiméara APCOA ar oscailt ag na huaireanta seo a leanas:

Luan go hAoine: 07:00- 22:00

Dé Sathairn:07:00- 19:00

Best Car Parks
Téigh i dteagmháil le Best Car Parks má bhaineann do cheist le Páirceáil agus Taisteal Thamhlachta.
Cuir glao ar 01 689 6424 nó 01 8782074 nó seol ríomhphost chuig [email protected]
Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Best Car Parks anseo