Skip to main content

Freagraí ar na 10 gceist is coitianta maidir le Rothaíocht + Taisteal Luas

Rothaíocht + Taisteal (R+T) is ea nuair a rothaíonn tú chuig stop Luas, páirceálann tú do rothar ag ceann de na Ráillí Rothar Luas saor in aisce a sholáthraítear agus úsáideann tú an Luas chun do thuras a chríocnú. Ansin ar an mbealach abhaile tógann tú an Luas ar ais chuig do stop agus léimeann tú ar do rothar.

Ba mhaith linn go mbainfeá triail as R+T mar sin rinneamar na deich gceist is coitianta a chuirtear orainn a fhreagairt duit. Léigh ar aghaidh chuig Ceist 10 Cén chaoi a gcuirfidh mé tús leis?

Is dua gach rud sa saol ach tá níos lú dua ag baint le R+T i gcomparáid le turais eile agus is iad seo a leanas na cúiseanna air sin:

  1. Tá sé tapa. Is féidir leis a bheith chomh tapa céanna agus dul i gcarr, níos tapa fiú agus tá sé i bhfad níos tapúla ná siúl chuig an stop Luas. Is féidir leat an t-ionad aclaíochta a fhágáil ar leataobh freisin.
  2. Tá sé áisiúil. Is féidir leat rothaíocht ó do dhoras chuig an stop, tá páirceáil rothar ag beagnach gach stop Luas agus bíonn tramanna ag rith gach cúpla nóiméad.
  3. Mothóidh tú níos fearr. Tá go leor tairbhí sláinte agus laghdaíonn sé brú.
  4. Sábhálfaidh tú airgead. D’fhormhór na ndaoine tá sé níos saoire ná carr a bheith agat.
  5. Cuidíonn sé leis an gcomhshaol. Ní bhíonn aon CO2 ó do charr agus is féidir leat fáil amach cén chaoi a gcuideoidh do thuras Luas tríd Áireamhán Eco Luas a úsáid.

Ní ghlacfaidh sé an méid ama agus a cheapann tú. Is féidir leis a bheith chomh tapa céanna, níos tapa fiú ná dul i gcarr nuair a chuireann tú an t-am caite sa trácht agus spás páirceála a lorg san áireamh etc. Tá sé i bhfad níos tapúla ná siúl chuig an stop Luas. Tomhais an méid ama a thógann sé ort dul ó dhoras go doras thar cúpla lá agus ansin cuir i gcomparáid é ag úsáid na céimeanna thíos:

  • Tomhais an turas rothaíochta ó do theach chuig an Luas agus ansin iolraigh gach 1km faoi 3.75 nóiméad le fáil amach cé chomh fada agus a ghlacfadh sé ort rothaíocht a dhéanamh i.e. siúlóid 2km=7.5 nóiméad Íoslódáil Léarscáil Rothaíochta Luas nó logáil isteach chuig Google Maps chun cúnamh a fháil.
  • Tabhair 1-2 nóiméad chun do charr a pháirceáil agus fanacht ar do thram.
  • Roghnaigh an Am Turais Pointe le haghaidh do thurais ón tábla seo.
  • Tomhais an méid ama a thógann sé ort siúl ó do stop Luas chuig do cheann scríbe nó déan meastachán maidir leis an bhfad agus iolraigh faoi 12.5 nóiméad in aghaidh an 1km.
  • Suimigh é sin le chéile agus is é sin am iomlán do thurais.

Tá a fhios againn nach n-oireann seo do gach cás ach tá rothaíocht agus an Luas a thógáil níos saoire ná an turas céanna a dhéanamh i gcarr. Trí liosta de na costais a úsáid thíos suimigh na costais chairr ar fad agus cur i gcomparáid le do chostais rothaíochta/ Luas iad agus féach cén coigilteas a d’fhéadfadh a bheith agat.

Liosta de Chostais Chairr

  • Costas carr a cheannach
  • Árachas cairr
  • Cáin Chairr
  • Seirbhísí
  • Cothabháil
  • Páirceáil
  • Peitreal nó Díosal
  • Ba chóir Dímheas Bliantúil, Costais NCT agus Dolaí a chur san áireamh freisin

Liosta de Chostais R+T:

  • Rothar (Ná dearmad chun fáil amach má tá tú incháilithe don Scéim um Rothaíocht chun na hOibre)
  • Árachas
  • Cothabháil
  • Do thicéad Luas (aimsigh an ticéad Luas is fearr duitse)
  • Ba chóir Dímheas Bliantúil agus costas fearais a chur san áireamh chomh maith (Clogad, Éadaí Báistí agus Éadaí Sofheicthe)

Mothóidh, is aclaíocht aerobach é rothaíocht agus beag beann ar d’aois, do mheáchan ná do chumas aclaíochta, tá aclaíocht aerobach tairbhiúil duit. De réir Mayo Clinic, is féidir le 30 nóiméad gníomhaíochta aerobach (i.e. 11.25 nóim / 3km rothaíocht agus rothaíocht 3km agus 5 nóiméad/ 400m siúlóid dhá uair in aghaidh an lae) an méid seo a leanas a dhéanamh:

  1. Cuidigh leat meáchan a chailliúint agus gan é a chur ort arís.
  2. An teacht aniar ionat a ardú agus tuirse a laghdú thar am.
  3. Tinnis víreasacha a chosc amhail slaghdáin agus an fliú.
  4. Rioscaí sláinte a laghdú amhail murtall, galar croí, brú fola ard, diaibéiteas chineál 2, stróc agus cineálacha áirithe ailse.
  5. Riochtaí ainsealacha a bhainistiú amhail brú fola ard agus diaibéiteas.
  6. Do chroí a dhéanamh níos láidre agus an sruth fola a fheabhsú cuid gach cuid de do chorp.
  7. D’artairí a choinneáil glan agus borradh a chur ar cholaistéaról “maith” agus colaistéaról “olc” a laghdú.
  8. Do mheon a spreagadh agus teannas nó imní a laghdú.
  9. Tú a choinneáil gníomhach agus neamhspleách de réir mar a théann tú in aois i dtaobh do choirp agus d’aigne.
  10. Tú a choimeád beo níos faide.

Beidh cúpla rud ag teastáil uait le cinntiú go bhfuil tú compordach agus sábháilte. Mar aon le do rothar beidh na rudaí seo a leanas ag teastáil;

  • Clogad rothaíochta
  • Bróga compordacha amhail bróga reatha; is maith an smaoineamh go mbeadh siad uiscedhíonach
  • Solas rothair
  • Éadaí sofheicthe (veist, bandaí láimhe etc.)
  • Lomra nó seaicéad éadrom
  • Seaicéad uiscedhíonach agus luiteoga a bhfuil aeráil acu
  • Glas rothair láidir
  • Caipín cithfholctha agus banda leaisteach
  • Mála droma (a bhfuil stiallacha sofheicthe aige)

Níl uait ach an fearas ceart don aimsir agus bí sábháilte.

  • Caith do chlogad.
  • Caith bróga compordacha uiscedhíonacha
  • Bíodh éadaí sofheicthe i gcónaí ort go mbeidh úsáideoirí bóthair eile in ann tú a fheiceáil go héasca.
  • Caith seaicéad uiscedhíonach agus luiteoga a bhfuil aeráil acu ionas nach mbeidh tú ag cur allais.
  • Bí airdeallach níos mó ar na bóithre.
  • Cuir caipín cithfholctha ar an diallait chun é a choinneáil tirim.

Má tá ualach éadrom agat úsáid mála droma (a bhfuil stiallacha sofheicthe aige) nó ciseán. Má tá ualach níos troime agat, cuimhnigh ar phainnéir a fháil, is málaí iad sin ar féidir iad a cheangail le fráma an rothair. Cuimhnigh ná fág aon rud ar taispeáint nuair a dhéanann tú do rothar a pháirceáil; beir gach rud leat.

Seo a leanas cúpla céim chun an bealach is fearr a phleanáil;

  • Faigh amach cad é an bealach is sábháilte a bhfuil na lánaí / conair rothaíochta is fearr acu; dublincitycycling.ie
  • Faigh amach cad iad na bealaí is tapúla; dublincitycycling.iehttp://maps.google.ie
  • Faigh amach má tá tú incháilithe don an scéim um rothaíocht chun na hoibre
  • Faigh amach cad é an pháirceáil rothar is gaire duitse.
  • Cuir ceist ar shaineolaí; labhair le daoine i do cheantar a bhíonn ag rothaíocht agus faigh roinnt noda uatha.
  • Labhair le hAcmhainní Daonna (AD) mar gheall ar do chlogad agus éadaí báistí a stóráil.
  • Déan an bealach de shiúl nó déan é a thiomáint chun é a fhiosrú; seachain bóithre cúnga agus trácht gnóthach.
  • Tomhais an méid ama a ghlacann sé ort; smaoinigh ar é a dhéanamh ag an deireadh seachtaine agus faigh amach cé chomh fada a ghlacann sé ort.

Baineann ciall agus stuaim le sábháilteacht rothaíochta den chuid is mó ach tá roinnt príomhphointí léirithe againn thíos;

  • Tabhair aire do do rothar agus cinntigh go bhfuil dea-bhail air.
  • Léigh Rialacha an Bhóthair, go háirithe an chuid a bhaineann le rothaíocht.
  • Géill do chomharthaí tráchta- is ionann solas dearg agus stopadh do rothaithe chomh maith!
  • Bí airdeallach mar gheall ar an méid atá ag tarlú mórthimpeall ort; ná caith cluasáin agus tú ag tiomáint.
  • Bíodh solas bán ag tús an rothair agat, solas dearg ar chúl agus frithchaiteoir cúil; is ceanglas dlí é seo.
  • Caith éadaí sofheicthe agus cinntigh go bhfuil stiallacha sofheicthe ag málaí droma etc.
  • Úsáid lánaí rothaíochta i gcónaí nuair a bhíonn siad ar fáil.

Ar fud Luas:

  • Bí airdeallach in aimsir fhliuch agus shioctha. Bíonn ráillí tram sleamhain.
  • Bí ag faire amach d’eitrí an ráille.
  • Bí ag faire amach do thramanna agus éist amach dóibh chomh maith.
  • Ullmhaigh tú féin chun trasnú i bhfad roimh ré.
  • Trasnaigh na ráillí ag úsáid comharthaíocht láimhe.
  • Tóg d’aimsir agus tú ag trasnú.

Déan roinnt léitheoireachta ar líne chun tuilleadh eolais a fháil:

Céim 1 – Cuir do threalamh in eagar

Bain an deannach de do rothar agus déan é a chóiriú ag cinntiú go bhfuil na boinn ceart go leor agus gur cuireadh ola ar an slabhra. Smaoinigh ar é a chur chuig siopa rothair áitiúil le féachaint air. Mura bhfuil rothar agat faigh roinnt noda ar líne   maidir leis an gcaoi le rothar a roghnú, má tá tú incháilithe don scéim um Rothaíocht chun na hOibre  agus labhair le siopa rothair. Cinntigh go bhfuil éadaí compordacha agus fearas sábháilteachta agat; mar aon le clogad, soilse/ frithchaiteoirí agus éadaí sofheicthe.

Céim 2 – Téigh ag spaisteoireacht

Léim ar an rothar le do chairde nó do theaghlach. Cinntigh go bhfuil do rothar ag obair mar is ceart agus go bhfuil do chlogad, d’éadaí agus d’éadaí sábháilteachta compordach. Féach cé chomh aclaí agus atá tú, níor chóir don rothaíocht a bheith níos déine ná a bheith ag siúl; má tá sé deacair tóg go bog é ar feadh píosa. Bain triail as do bhealach; an bhfuil sé sábháilte agus cé chomh fada a thógann sé ort.

Céim 3 – Déan taighde

Déan roinnt taighde ar líne agus labhair le daoine..Féach na bealaí atá ar  dublincitycycling.ie nó http://maps.google.ie.Faigh amach cad é an  pháirceáil rothair is gaire duitse. Labhair le daoine i do cheantar a bhíonn ag rothaíocht agus faigh roinnt noda uatha. Labhair le daoine a mbíonn tú ag obair leo agus cuir ceist ar AD (HR) faoi áiseanna chun do chlogad agus d’éadaí báistí a stóráil.

Céim 4 – Tóg go bog é

Sula ndéanann tú é gach lá, déan triail ag an deireadh seachtaine. Tomhais cé chomh fada a thógann sé ort an turas a dhéanamh agus tabhair go leor ama duit féin.Ar feadh tamaill, tabhair píosa ama breise duit féin chun a bheith ag rothaíocht níos moille agus do bhealach á dhéanamh amach agat. Smaoinigh ar tús mall a chur leis, Rothaíocht agus Taisteal (R+T) lá amháin sa tseachtain ar dtús.

Céim 5 – Bí i do shaineolaí R+T

Bain taitneamh as an ngnáthamh nua agus tréaslaigh leat féin as an turas leadránach a athrú chuig do ghnáthamh aclaíochta laethúil, as an tseift chun airgead a shábháil agus as do chuidse a dhéanamh chun an domhan a chaomhnú. Ansin seol ríomhphost chugainn ina bhfuil do chuid turas go léir ionas gur féidir linn iad a chur ar aghaidh.