Tá iompar ríthábhachtach chun daoine atá faoi mhíchumas a chumasú chun páirt a ghlacadh i ngnáthghníomhaíochtaí an tsaoil laethúil, m.sh obair, oideachas, fóillíocht agus gníomhaíochtaí sóisialta. Is Córas Idirthurais Iarnróid Éadroim úrscothach é Luas a sholáthraíonn modh taistil poiblí inrochtana, mealltach agus uathúil i mBaile Átha Cliath. Tá sé mar aidhm againn ag Luas, seirbhís cairdiúil, éifeachtach, compordach agus sábháilte a sholáthar d’ár bpaisinéirí ar fad. Tá cuid d’ár bpaisinéirí atá faoi mhíchumas, uaireanta míchumas nach bhfuil sofheicthe; is féidir le réimse éagsúlachtaí a bheith ann freisin maidir leis an tslí a mbíonn tionchar ag riocht áirithe ar dhaoine, bíonn réimse ó mhíchumas éadrom go míchumas trom. Bíonn tionchar ag timpeallacht duine, lena n-áirítear na tacaíochtaí a bhfuil acu agus na bacainní fisiciúla nó sóisialta a bhíonn rompu, ar an scála dúshlán a bhíonn rompu sa saol laethúil, mar sin bíonn níos mó cúram agus aire ag teastáil ó roinnt paisinéirí.
Tá ár n-oifig poiblí lonnaithe ag Iosta Luas na Bó Deirge, Bóthar an Náis, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22, D22 C5P3 agus tá sé go hiomlán inrochtana.
Chun faisnéis a fháil nó iarratas a dhéanamh do chló mór téigh i dteagmháil le hoifig Sheirbhísí Custaiméara Luas ag 0818 294 015 nó seol ríomhphost chuig [email protected]
Sonraítear na sonraí maidir le tionscnaimh inrochtaineachta Luas thíos.
Beartas Inrochtaineachta Luas
Nuair a dhéanann paisinéirí atá faoi mhíchumas turas, bíonn na hionchais chéanna acusan agus a bhíonn ag daoine eile sa phobal. Trí sheirbhís iompar poiblí a sholáthar, cuirtear riachtanais inrochtaineachta ár bpaisinéirí reatha agus ár bpaisinéirí sa todhchaí san áireamh ag Luas. Níl aon liosta críochnúil de riochtaí a chuimsíonn míchumas.
Maidir le riachtanais soghluaisteachta, bíonn réimse ó na cinn is soiléire lena n-áirítear iad siúd ar mhaidí croise, úsáideoirí cathaoireacha rothaí, iad siúd a bhfuil madra treorach acu nó iad siúd a bhfuil bugaithe go daoine a bhfuil lagú fisiciúil orthu (mar shampla paisinéirí a bhfuil airtríteas orthu, nó pian sa dhroim nó sna géaga).Cuimsíonn riachtanais soghluaisteachta paisinéirí atá ag taisteal le leanaí, le siopadóireacht nó le bagáiste agus a bhféadfadh cuidiú a bheith ag teastáil uatha.
Is éard is míchumas “dofheicthe,” neamhfheicthe,” “faoi cheilt” “míshoiléir,” nó “míchumas nach bhfeictear” ná aon lagú fisiciúil, meabhrach nó mothúchánach nach bhfuil soiléir go láithreach d’aon fhianaiseach. Is féidir go n-áireofaí an méid seo a leanas le míchumas dofheicthe, ach níl sé teoranta chuig: lagú cognaíoch agus gortú inchinne, speictream an uathachais; tinnis ainsealacha amhail scléaróis iolrach, tuirse ainsealach, pian ainsealach agus fibrimiailge; imní, dúlagar, PTSD agus go leor eile.
Riachtanais chéadfacha lena n-áirítear daille, lagú radhairc, bodhaire agus iad siúd atá faoi allaíre.
Is féidir go n-áireofaí le deacrachtaí foghlama raon ó disléicse go heaspa oideachais foirmiúil.
Agus é ag iarraidh a bheith comhlíontach le caighdeáin inrochtaineachta agus comhshaoil do chórais iompair, tá sé mar aidhm ag Luas:
- Tú a sholáthar le turas tram sábháilte agus compordach.
- Imeacht i gcomhairle le daoine a bhfuil riachtanas áirithe uatha, chun iarracht a dhéanamh freastal ar a gcuid riachtanais agus ionchais chomh maith agus is féidir linn.
- Ár seirbhísí Luas a dhéanamh chomh inrochtana agus is féidir go praiticiúil.
- Obair i gcomhair le gníomhaireachtaí eile taobh amuigh amhail Bonneagar Iompair Éireann (TII) agus an an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) le cinntiú go bhfuil ardáin agus tramanna Luas go hiomlán inrochtana.
- Athbhreithniú a dhéanamh ar ár seirbhísí ar bhonn rialta le fáil amach cad é an tslí is fearr chun é a fheabhsú.
- Oiliúint feasachta maidir le míchumas a sholáthar mar chuid d’ár n-oiliúint cúraim paisinéirí do gach ball foirne Luas.
- Ár gcóras cumarsáide a uasghrádú agus faisnéis inrochtana a sholáthar nuair is gá.
Cé nach féidir a bheith ag súil le gach deacracht a bhíonn roimh chustaiméirí ar a n-aistear linne, déanaimid iarracht i gcónaí a bheith ag súil le deacrachtaí agus déanaimid iarracht iad a réiteach nuair is féidir de réir mar a eascraíonn siad.
Molaimid d’ár bhfoireann a bheith solúbtha agus gairmiúil maidir lena gcur chuige i leith imní agus riachtanais paisinéirí agus déanaimid gach iarracht ár seirbhís a dhéanamh chomh inrochtana agus is féidir.
Comhlíontacht Táille agus an Saorthaisteal
Agus paisinéirí ar bhonneagar Luas nó ar thramanna Luas, ní mór dóibh ticéad nó pas bailí a bheith acu. Tá taisteal ar an Luas saor in aisce dóibh siúd a bhfuil Pas Saorthaistil Seirbhísí Poiblí nó Pas Saorthaistil Seirbhísí Poiblí pinsinéara acu. Níl aon srian ar cén uair ar féidir le paisinéir taisteal leis na pasanna seo.
Tá dualgas ar Ghníomhairí Custaiméara (GC) Luas agus tiománaithe a sheiceáil go bhfuil pas bailí in úsáid agat agus gur tusa an duine atá le feiceáil ar an bpas.
Ag Dul ar an Luas
Cinntigh go ndéanann tú do Phas Saorthaistil a bhailíochtú nó go gceannaíonn tú ticéad roimh dhul ar an tram Luas. Tá dhá bailíochtóir lonnaithe ag gach críoch den ardán chun do phas taistil a bhailíochtú agus tá Meaisín Díolta Ticéad (MDT) ar fáil ar gach ardán, ag gach stop chun ticéid a cheannach. Mura bhfuil do phas saorthaistil agat, beidh ort ticéad Luas a cheannach nó íoc as do thuras ag úsáid Cárta Leap. Ní mór duit a chinntiú i gcónaí go bhfuil tú tar éis do Phas Saorthaistil nó do Chárta Leap a bhailíochtú, nó ticéad bailí atá réidh seiceáil a dhéanamh air ag Gníomhaire Custaiméara (GA) nó duine údaraithe ag am ar bith le linn do thurais.
Nuair is féidir, téigh ar an Luas trí na doirse dúbailte mar is iad an iontráil is gaire do na suíocháin tosaíochta agus an limistéar cathaoireacha rothaí sainithe. Lig do phaisinéirí teacht den Luas roimh iarracht a dhéanamh bordáil.
Má tá cúnamh breise ag teastáil uait agus tú ag taisteal linn nó má theastaíonn uait iarratas a dhéanamh cúnamh a fháil roimh thaisteal, cuir glao ar Sheirbhís Custaiméara Luas ag 0818 300 604.
Cúnamh Taistil
Má tá cinneadh déanta agat taisteal le Luas agus tá a fhios agat go mbeidh cúnamh breise ag teastáil uait, cuir ar an eolas sinn roimh an taisteal ionas go mbeifear in ann socrúcháin a dhéanamh le cinntiú go mbeidh ball foirne ar fáil chun cúnamh a thabhairt duit. Is féidir linn a bheith i do chuideachta le linn do thurais agus comhairle a thabhairt duit maidir le turas a phleanáil ag úsáid Luas.
Tá Cúnamh Taistil saor in aisce agus is féidir é a iarradh le linn na huaireanta oibre Luas ar fad.
Dá mhéad eolas atá againn mar gheall ar an gcúnamh atá ag teastáil uait, is ea is mó a bheimid in ann cúnamh a thabhairt duit.
Nuair atá teagmháil á dhéanamh agat le Luas chun Cúnamh Taistil a iarraidh, soláthair na sonraí seo a leanas:
- Dáta taistil
- Am taistil
- Stop imeachta
- Stop teachta
- Cineál an mhíchumais
- Cúnamh atá ag teastáil
- Cé acu an mbeidh tú ag taisteal leat féin nó an mbeidh comrádaí leat
- Cé acu an mbeidh cúnamh ag teastáil uait ag an stop imeachta agus an stop teachta araon nó nach mbeidh
- An chaoi a mbeidh ball foirne in ann tú a aithint (déan cur síos ort féin)
- Aon sonraí eile a chuideoidh leis an mball foirne Luas nó a teastaíonn uait a shoiléiriú
Más gá duit turas a chur ar cheal ina bhfuil socrúcháin speisialta déanta, cuir ar an eolas sinn ionas gur féidir linn an fhoireann a chur ar fáil chun cúnamh a thabhairt do dhaoine eile.
Chun cúnamh a shocrú téigh i dteagmháil le hoifig Sheirbhísí Custaiméara Luas:
Guthán: 0818 294 015
Ríomhphost: [email protected]
Cárta JAM
Tá Luas sásta a bheith i measc Transport for Ireland mar aon le Bus Éireann, Go-Ahead Ireland, Iarnród Éireann agus Nasc Áitiúil a bheith ag tacú le Cárta JAM agus Aip NOW Group.
Is féidir le daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama nó cumarsáide acu cárta JAM a úsáid chun iarraidh orthu “nóiméad a thabhairt dóibh (just a minute)” chun a gcuid smaointí a eagrú. Cé acu an deacrachtaí urlabhra iad nó go bhfuil níos mó ama ag teastáil chun ticéad Luas nó Cárta Leap a aimsiú, is bealach discréideach é an cárta JAM nó an aip chun foireann Luas a chur ar an eolas go bhfuil píosa beag níos mó ama ag teastáil.
Rinne rannpháirtithe ag an NOW Group an Cárta JAM a fhorbairt, rannpháirtithe a d’aithin go mbíonn nóiméad ag teastáil i gcásanna sóisialta áirithe ó roinnt daoine a bhfuil riocht orthu amhail uathachas. Tabharfaidh an Cárta JAM cúnamh do chustaiméirí a úsáideann Luas agus beidh an méid is lú brú ag baint leis an eispéireas agus is féidir.
Deir an cárta ‘Just a Minute’ ar thaobh amháin agus nuair a ordaíonn tú Cárta JAM roghnaíonn tú cén teachtaireacht ar mhaith leat ar an taobh eile de do chárta:
- Tá uathachas/ Asperger’s orm
• Tá uathachas orm, nó
• Tá riocht orm nó Tá néaltrú orm/ tá deacrachtaí cuimhne agamNuair atá tú ag taisteal le Luas, ní gá ach an cárta seo a thaispeáint chuig ball foirne Luas a dteastaíonn uait labhairt leo nó a labhraíonn leatsa.
Tá oiliúint feasachta maidir leis an gCárta JAM déanta ag foireann Luas lena n-áirítear Tiománaithe agus Oifigigh Iontaofachta Custaiméirí, múintear dóibh an chaoi leis an gcárta sainiúil a aithint agus déantar iad a sholáthar leis an bhfaisnéis atá ag teastáil uatha le cinntiú go mothaíonn an t-úsáideoir cárta JAM go bhfuil fáilte rompu ar bord Luas. Le linn na hoiliúna, chuir an fhoireann an-eolas ar na cineálacha éagsúla míchumais agus d’fhoghlaim siad an chaoi le cumarsáid a dhéanamh le custaiméir a d’fhéadfadh deacracht cumarsáide a bheith acu.
Tá Cártaí JAM ar fáil le bailiú ó na moil iompair seo a leanas i mBaile Átha Cliath
Stáisiún Uí Chonghaile, Baile Átha Cliath
Stáisiún na bPiarsach, Baile Átha Cliath
Stáisiún Heuston, Baile Átha CliathIs féidir leat ceann a iarraidh go díreach ón NOW Group chomh maith trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin Cárta JAM agus an fhoirm iarratais a chomhlánú.
Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gCárta JAM ag www.jamcard.org, agus NOW Group ag www.nowgroup.org.
Lagú Radhairc
Tá cloigín ar gach tram ar féidir a bhualadh le taispeáint go bhfuil an tram ag teacht chuig ardán Luas agus ag imeacht uaidh. Is féidir iarratas a dhéanamh go mbuailfí an clog le táscaire áirithe (buail an clog faoi dhó nuair a shroichtear stop Fhearchair) trí iarratas a dhéanamh tríd an gcnaipe Point Cabhrach Éigeandála. Tá Pointí Cabhrach Éigeandála lonnaithe ar thaobh gach meaisín díolta ticéid Luas ag bun fothain an ardáin, i gcásanna áirithe d’fhéadfadh go mbeadh sé ina sheasamh as féin san áit chéanna. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hIonad Seirbhísí Custaiméirí Luas chomh maith ag 0818 300 604. Mura fheiceann tú taispeáint seachtrach an tram atá ag teacht (lonnaithe ar an dhá thaobh den tram os cionn cábán an tiománaí) a léiríonn stáisiún ceann aistir an tram, brúigh an cnaipe Pointe Cabhrach Éigeandála. Cuirfidh seo tú i dteagmháil le Seomra Rialaithe Lárnach Luas. Is féidir leat fiafraí díobh cá háit a mbeidh an tram ag críochnú. Is féidir leat iarraidh orthu aon chúnamh eile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait a thabhairt duit chomh maith. Is féidir leat dul chuig cábán an tiománaí ón taobh amuigh chomh maith nuair a stopann an tram.
Tá fógraí fuaime uathoibríocha ar bord chomh maith a sholáthraíonn ainm gach stop mar aon le teachtaireachtaí réamhthaifeadta eile. Léireoidh an fógra a dhéanfar ainm an chéad stop eile nuair a fhágfar an stop roimhe sin agus roimh theacht chuig an gcéad stop eile. Déantar na fógraí seo i mBéarla agus i nGaeilge. Má tá aon amhras ort agus tú ar bord, tá gléas cumarsáide éigeandála custaiméara ar bord gach tram lonnaithe ag an ursain ar thaobh na láimhe deise ag gach sraith doirse dúbailte. Brúigh an cnaipe seo chun labhairt leis an tiománaí agus chun do shuíomh a dhearbhú.
Nuair atá tú ag dul isteach sa tram nó ag imeacht ón tram, tá ton rabhaidh a dhéanann dordán le taispeáint go bhfuil doirse an tram ag dúnadh. Tá solas oráiste a bhíonn ag splancáil lonnaithe os cionn gach doras chomh maith agus beidh sé ag splancáil sula ndúnann na doirse. Ná déan iarracht an tram a fhágáil nó dul ar an tram má tá an fhuaim sin cloiste agat mar d’fhéadfadh na doirse dúnadh ort. Tá Córas Brathadóra Bacainne curtha isteach ar gach doras Luas rud a chuirfidh cosc ort a bheith sáinnithe sna doirse. Ní féidir leis an tram bogadh má tá bacainn sna doirse.
Lagú Éisteachta
Léiríonn na taispeántaí seachtracha ceann scríbe an tram chun tosaigh, ar chúl agus ar thaobhanna na feithicle. Tá siad seo lonnaithe os cionn chábán an tiománaí ag bun an tram agus díreach faoi líne an dín feadh taobhanna an tram. Tá go leor doirse feadh taobh leis an tram ar féidir a ghníomhachtú tríd an gcnaipe glas ar an doras a bhíonn ag splancáil a bhrú. Ar gach tram, tá taispeántaí leictreonacha le fáil ar a bhfuil téacs i gceannlitreacha, i litreacha beaga agus codarsnacht ard. Léireoidh na taispeántaí seo an stop reatha má tá an tram tar éis dul chuig an ardán mar aon leis an stop atá ag teacht aníos nuair atá an tram tar éis imeacht. Nuair atáthar ag dul ar bord tramanna agus á bhfágáil, beidh solas LED oráiste a bhíonn ag splacáil atá lonnaithe os cionn gach doras le taispeáint do phaisinéirí go bhfuil na doirse ag dúnadh. Ná déan iarracht dul ar bord an tram ná é a fhágáil a luaithe agus a tharlaíonn an comhartha mar d’fhéadfadh na doirse dúnadh ort.
Tá lúb ionduchtúcháin curtha isteach i ngach tram do phaisinéirí a úsáideann áiseanna éisteachta agus an T-lasc ann, mar a thugtar air. Soláthraítear rochtain ar fhógraí a dhéantar ar bord sa trian lárnach den tram, ón tiománaí nó trí na teachtaireachtaí taifeadta a fhógraíonn an chéad stop tram eile agus an ceann scríbe, i gcás éigeandála, ciallaíonn sé sin go bhfaighidh úsáideoirí áiseanna éisteachta comhairle ón tiománaí ag an am ceannann céanna agus na paisinéirí eile.
Paisinéirí a Úsáideann Cathaoir Rothaí
D’úsáideoirí cathaoir rothaí nó iad siúd a bhfuil soghluaisteacht laghdaithe acu, tá ardaitheoirí, rampaí agus spásanna páirceála feabhsaithe suiteáilte againn nuair is cuí.
Tá gach tram agus ardán go hiomlán oiriúnach do chathaoireacha rothaí. Tá na hardáin ardaithe 280 mm os cionn an ráille agus tá siad inrochtana tríd na rampaí gearra 5-6 m atá lonnaithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh den ardán nuair is gá. I gcás inar gá, tá ardaitheoir ann chun rochtain a fháil ar an ardán. Ar thramanna, tá dhá áit sainithe d’úsáideoirí cathaoir rothaí, atá inrochtana tríd na 4 shraith lárnacha de dhoirse dúbailte an tram. Léirítear na háiteanna seo trí na greamáin dhéthaobhacha cathaoir rothaí ar na fuinneoga os cionn na cathaoireacha a fhilleann síos agus an limistéir taca droma. Tugtar tús áite d’úsáideoirí cathaoir rothaí thar gach duine eile chun an spás sin a úsáid toisc gurb é seo an t-aon spás ar féidir leo taisteal go sábháilte.
Nuair atáthar ag dul ar bord an Luas, molaimid d’úsáideoirí cathaoir rothaí dul isteach trí na doirse dúbailte. Nuair atáthar ar bord, ba chóir d’úsáideoirí cathaoir rothaí an coscán a chur i bhfeidhm agus iad féin a dhaingniú i gcoinne na lámhráillí agus a bheith ag féachaint i leith a gcúil chun an méid is mó sábháilteachta a chinntiú agus iad ag taisteal.
Mura bhfuil tú in ann dul ar bord an Luas nó tá cúnamh ag teastáil uait, brúigh an cnaipe Pointe Cabhrach Éigeandála atá lonnaithe ag bun na fothana in aice leis an meaisín díolta ticéad, cuirfidh sé sin tú i dteagmháil leis an Seomra Rialaithe Lárnach, a sholáthróidh cúnamh éigeandála nuair is gá. De rogha air sin, téigh i dteagmháil le hoifig Sheirbhísí Custaiméara Luas ag 0818 294 015.
Scútair Soghluaisteachta
Ceadaítear scútair soghluaisteachta ar bord an Luas. Nuair atáthar ag dul ar bord an Luas, molaimid d’úsáideoirí cathaoir rothaí dul isteach trí na doirse dúbailte. Nuair atáthar ar bord, ba chóir d’úsáideoirí cathaoir rothaí an coscán a chur i bhfeidhm agus iad féin a dhaingniú i gcoinne na lámhráillí agus a bheith ag féachaint i leith a gcúil chun an méid is mó sábháilteachta a chinntiú agus iad ag taisteal.
Paisinéirí a bhfuil Madra Cuidithe acu
Cuireann Luas fáilte roimh mhadraí cuidithe ar bord. Ní mór do mhadraí cuidithe an úim chuí nó seaicéad cuí a chaitheamh a léireodh don tiománaí gur madra cuidithe atá ann. Tá úinéir an mhadra chuidithe freagrach as agus caithfear smacht a choimeád air, cé acu más in úim, ar iall nó in iompróir atá sé. Níor chóir do mhadra cuidithe a bheith sa bhealach ar an bpasáiste. Soláthraítear spás leordhóthanach do mhadraí treoracha faoi na suíocháin sainithe ar an Luas.
Chomh fada agus atá spás ann, níl aon teorann leis an líon madraí cuidithe ar féidir leis an tiománaí a cheadú ar an tram.
Paisinéirí a bhfuil Bugaí Linbh acu
Tá dhá áit sainithe do bhugaithe linbh a bhfuil rochtain orthu trí na ceithre shraith lárnacha de dhoirse dúbailte an tram. Léirítear na háiteanna seo trí na greamáin dhéthaobhacha cathaoir rothaí/ bugaithe ar na fuinneoga os cionn na cathaoireacha a fhilleann síos agus an limistéir taca droma. Tugtar tús áite d’úsáideoirí cathaoir rothaí agus bugaithe thar gach duine eile chun an spás sin a úsáid toisc gurb é seo an t-aon spás ar féidir leo taisteal go sábháilte.
Tá urlár na dtramanna ag leibhéal íseal ionas gur féidir le bugaithe fanacht neamhfhillte i spás na cathaoireach rothaí má tá sé saor. Cinntigh go bhfuil an bugaí suite go sábháilte agus go bhfuil an coscán ar siúl. Ní féidir le bugaithe neamhfhillte taisteal sa phasáiste. Ba chóir go mbeifeá in ann dul ar bord aon Luas le bugaí. Má mheasann an tiománaí go bhfuil sé ró-phlódaithe chun dul ar bord go sábháilte, d’fhéadfadh sé/ sí taisteal a dhiúltú. Níor chóir bugaithe a chur go díreach taobh thiar de dhoras an tiománaí riamh mar d’fhéadfadh siad rochtain a chosc ar salún an tram ó chábán an tiománaí sa chás a bhíonn éigeandáil.
Más mian le duine i gcathaoir rothaí dul ar bord Luas nuair a bhíonn bugaí neamhfhillte sa spás cathaoir rothaí, iarrfaidh an tiománaí nó ball foirne Luas eile ort an bugaí a fhilleadh agus é a chur sa spás bagáiste nó é a choimeád taobh leat.
Faisnéis Taistil
Tá faisnéis shoiléir, achomair, chruinn agus thráthúil ríthábhachtach do phaisinéirí a bhíonn turais á dhéanamh acu trí iompar poiblí agus is féidir leis cur le muinín sa chóras Luas. Do phaisinéirí atá faoi mhíchumas, dea-fhaisnéis is ea an difear idir a bheith in ann turas a dhéanamh nó a mhalairt. Cuirimid Faisnéis Fíor-ama do Phaisinéirí ar fáil le haonaid Taispeáint Faisnéise do Phaisinéirí (PID) ar an ardán ag gach ardán Luas. Léirítear leis sin trí líne de théacs a chuireann paisinéirí ar an eolas faoi na hamanna teachta a bhfuiltear ag súil leo agus ceann scríbe na chéad trí thram eile ón ardán. Baintear úsáid as an Taispeáint Faisnéise do Phaisinéirí (PID) chomh maith chun seirbhísí a sholáthar maidir le cur isteach seirbhíse nó faisnéis eile.
Is féidir faisnéis fíor-ama a fháil freisin trí chuairt a thabhairt ar www.luas.ie, an aip Luas saor in aisce a íoslódáil ó shiopaí Aip Apple nó Google Play nó trí fhéachaint ar leathanach twitter oifigiúil Luas @LUAS. Ceadaítear méadú cló agus léamh trí Browse Aloud ar shuíomh gréasáin an Luas. Seoladh leagan nua den suíomh gréasáin le déanaí agus dearadh é chun príomhfhaisnéis a chur ar fáil do phaisinéirí ar bhealach tapa agus éifeachtach. Rinneadh na príomhghnéithe ar fad ó sheansuíomh gréasáin an Luas a bharrfheabhsú ionas go bhfuil sé tapa, inrochtana agus éasca a a nascleanúint.
Stopanna Luas
Tá dhá ardán 40 m i bhfad x 3m leithead ag formhór na stopanna Luas ag an dá thaobh den ráille, seachas ag Fhearchair agus Busáras, áit a bhfuil ardáin idir na ráillí. Níl ach ardán amháin ag limistéir ar an líne Luas Glas, áit a bhfuil an taisteal aontreoch, an lúb idir Westmoreland – Parnell – Coláiste na Tríonóide. Tá na hardáin ardaithe 280 mm os cionn an ráille agus tá siad inrochtana tríd na rampaí gearra 5-6 m atá lonnaithe ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh den ardán.
Tá fothain stáin agus gloine lonnaithe ar fhormhór na n-ardán le cúpla eisceacht. Bíonn na Meaisín Díolta Ticéad (TVM) agus na Pointí Cabhrach Éigeandála le fáil anseo, mar aon le suíochán a sholáthar do phaisinéirí. Tá clár fógraí suite ar go leor de na fothain Luas ina léirítear léarscáil bhealaigh suímh. Maidir leis an léarscáil, taispeántar príomhghnéithe áitiúla agus soláthraítear faisnéis maidir le táillí agus faisnéis taistil chomh maith. D’fhéadfadh go mbeadh na cláir fógraí sin ina seasamh astu féin in áiteanna áirithe.
Tá Tótam Fógraí Stop nó Clár Fógraí Stop ag gach stop Luas ina bhfuil Taispeáint Faisnéise Paisinéirí (PID).Cinntigh na taispeántaí seo a sheiceáil go rialta chun an fhaisnéis taistil is déanaí a fháil.
Léirítear ainm an stop le comharthaí móra ag gach stop. Tá “brat” daite ag na comharthaí seo chomh maith a chuidíonn an líne áirithe ar a bhfuil an stop a aithint (Dearg nó Glas).
Inrochtaineacht ag Stopanna Luas
Tá na stopanna seo a leanas inrochtana trí ardaitheoir:
- CILL MOCHUDA -Tá ardaitheoir ag gach ardán.
- BAILE AMHLAOIBH – Tá ardaitheoir inrochtana ar an dá ardán, lonnaithe ar an taobh istigh.
- RAGHNALLACH – tá ardaitheoir inrochtana ar an dá ardán, lonnaithe ar an taobh amuigh.
- CHARLEMONT – tá ardaitheoir amháin inrochtana ar an dá ardán, lonnaithe ar aon taobh istigh.
- STÁISIÚN UÍ CHONGHAILE – tá staighre beo os comhair na n-ardán Luas, mar aon le hardaitheoir inmheánach taobh istigh de phríomhbhealach isteach an stáisiúin.
- DÚN DROMA – tá ardaitheoir inrochtana ar an dá ardán, lonnaithe ar an taobh istigh.
- BAILE PHIB – tá dhá ardaitheoir inrochtana ar an dá ardán, ceann amháin lonnaithe ar an taobh amuigh agus an ceann eile lonnaithe ar an taobh istigh.
Tá gléas idirchumarsáide lonnaithe ag an bPointe Cabhrach Éigeandála chun deis a thabhairt duit imeacht i dteagmháil le Seomra Rialaithe Lárnach Luas i gcás éigeandála. Tá gach ardaitheoir clúdaithe ag ceamaraí CCTV go hinmheánach agus go seachtrach.
Cinntigh an rannóg nuashonraithe taistil ar www.luas.ie agus an aip mhóibíleach a sheiceáil chun faisnéis maidir leis an bhfaisnéis ardaitheora cothrom le dáta a fháil.
Ag Imeacht den Luas
Ba chóir do phaisinéirí Luas iad féin a ullmhú de réir mar atá an tram ag druidim i dtreo an stop. Ní mór do phaisinéirí a bheith réidh chun an tram a fhágáil nuair a shroicheann sé an stop. Léireoidh fógra mar aon leis an taispeáint inmheánach LED an chéad stop eile. Ba chóir do phaisinéirí an cnaipe glas a bhíonn ag splancáil ar an doras a bhrú má theastaíonn uatha an tram a fhágáil. Iarraimid ar phaisinéirí a bhfuil sé beartaithe acu dul ar bord chun seasamh siar chun deis a thabhairt do phaisinéirí an tram a fhágáil ar dtús. Má bhíonn cúnamh ag teastáil uait, cuir ar an eolas sinn trí ghlao a chur ar 0818 300 604 nó trí ríomhphost a chur chuig [email protected] leis na dátaí, amanna agus suíomhanna.
Cuidigh Linn Iompar a Sholáthar do Chách
Tabhair faoi deara gur spás sainithe d’úsáideoirí cathaoir rothaí agus dóibh siúd atá ag taisteal le bugaithe é an spás ar an Luas a chuirtear in iúl leis an gcomhartha a léirítear ar chlé. Faigheann úsáideoirí cathaoir rothaí tús áite san áit seo. Bog ón áit seo nuair a bhíonn an spás seo ar an Luas ag teastáil ó dhuine i gcathaoir rothaí.
Má thugann tú duine a bhfuil lagú radhairc orthu faoi deara agus iad ag seasamh ar an ardán, cuir ar an eolas iad cén treo atá an tram ag dul nuair a thagann an tram chuig an ardán. Ofráil do chathaoir Luas chuig duine atá níos sine, ag iompar nó daoine a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu má tá siad ina seasamh.
Cuidigh le do chomhúsáideoirí Luas má bhíonn cúnamh ag teastáil uatha.
Áiseanna Páirceála
Tá 7 n-áis páirceála páirceáil agus taisteal, a bhfuil spásanna suaitheantas gorm sainithe acu ar fad atá lonnaithe in áiteanna áisiúla. Tá spásanna Suaitheantas Gorm lonnaithe chomh gar leis na hardáin Luas agus is féidir.
Tá páirceáil do phaisinéirí faoi mhíchumas saor in aisce i spásanna Suaitheantas Gorm sainithe. Ní mór duit a chinntiú go léiríonn tú do phas Suaitheantas Gorm go soiléir agus go bpáirceálann tú i spás Suaitheantas Gorm sainithe. Bíonn na spásanna seo ar fáil ar bhonn “tús freastail ar an gceann is túisce.” Mura bhfuil Spásanna Páirceála Suaitheantas Gorm ar fáil nuair a shroicheann tú, ceadaítear duit páirceáil i spás eile agus tá sé saor in aisce chomh fada agus a bhíonn do Suaitheantas Gorm le feiceáil.
Gearrán a Dhéanamh
Is féidir le duine atá ag iarraidh gearrán a dhéanamh má mhainníonn Luas An tAcht um Míchumas, 2005, a chomhlíonadh, amhlaidh a dhéanamh trí scríobh chuig Ionad Seirbhísí Custaiméara Luas trí ríomhphost a chur chuig [email protected] nó i scríbhinn chuig:
Seirbhísí Custaiméara Luas
Luas Depot,
An Bhó Dhearg,
Cluain Dolcáin,
Baile Átha Cliath 22
D22 C5P3
Anuas air sin, is féidir gearrán a dhéanamh chuig ár nIonad Seirbhísí Custaiméirí trí ghlao a chur ar 0818 294 015.