Feidhm
Leagtar amach sa nós imeachta seo na céimeanna atá riachtanach a leanúint i gcás a bhfaigheann TDLR fógra maidir le Leanbh/ Duine Leochaileach Caillte (LDLC) nó Foláireamh TLÉ.
Raon feidhme
Tá riachtanais an nós imeachta seo i bhfeidhm do gach ball foirne TDLR lena n-áirítear na daoine seo a leanas ach gan a bheith teoranta dóibh, Seirbhís Custaiméara Rialálaithe Iontaofachta Custaiméara, Gníomhairí Custaiméara, Tiománaithe, Bainisteoirí Dualgais Luas, an tIonad Bainistíochta Líonra (IBL) agus Sábháilteacht.
Sainmhínithe agus Giorrúcháin
Téarma | Míniú |
---|---|
LDLC | Leanbh Caillte/ Duine Leochaileach |
TDLR | Iarnród Éadrom Transdev (Transdev Light Rail) |
Foláireamh TLÉ | Tarrtháil Leanaí Éireann |
IBL | Ionad Bainistíochta Líonra |
Nós Imeachta
Tuairisc maidir le Leanbh Caillte nó Duine Leochaileach:
Nuair a fhaightear fógra maidir le Leanbh Caillte, Duine Leochaileach (LDLC) nó Foláireamh TLÉ, tabharfaidh Bainisteoir Dualgais Luas (BDL) treoir don fhoireann Oibríochtúil (Stiúrthóirí Tráchta, Rialálaithe Iontaofachta Custaiméara agus foireann Sheirbhís Custaiméara Luas) chun tacaíocht a chur ar fáil de réir mar a iarrtar ón Ionad Bainistíochta Líonra nó Tarrtháil Leanaí Éireann (TLÉ) An Garda Síochána.
An nós imeachta ná chun teachtaireachtaí a chraoladh trí fhógraí agus PIDanna ar fud an líonra agus cur síos á thabhairt maidir leis an LDLC chuig an bhfoireann agus chuig paisinéirí araon. Tugtar sonraí chomh maith maidir leis an gcaoi chun teagmháil a dhéanamh má aimsítear an LDLC.
Má iarrann TLÉ, tabharfaidh an BDL treoir do na Stiúrthóirí Tráchta chun cumarsáid a dhéanamh go díreach le Tiománaithe agus foireann Iontaofachta Custaiméara trí chraoladh raidió, agus iad a chur ar an eolas mar gheall ar an eachtra agus iarraidh orthu a bheith ag faire amach. Is féidir leis seo tarlú má tá faitíos ann go bhféadfadh an LDLC nó fuadaitheoir teitheadh dá mba rud é go bhfuil siad feasach go bhfuiltear á lorg.
I gcás a n-aimsítear LDLC ar an líonra:
Cuirfidh foireann TDLR an tIonad Bainistíochta Líonra Luas (Stiúrthóirí Tráchta nó Rialálaithe Iontaofachta Custaiméara ar an eolas láithreach maidir leis an scéal trí chainéal cumarsáide dúnta. Ansin roinnfear an fhaisnéis leis an mBainisteoir Dualgais Luas agus cuirfear An Garda Síochána ar an eolas.
I gcás a bhfuarthas fógra cheana féin mar gheall ar LDLC, rachaidh foireann Transdev in éineacht leis an duine chuig an stáisiún Garda is gaire, nó fanfaidh siad ar na Gardaí chun teacht má thugtar an treoir sin dóibh.
I gcás nach bhfuarthas fógra cheana féin rachaidh foireann Transdev in éineacht leis an duine chuig a gcaomhnóir (ar an gcóras, a mbaile nó áit eile a bhfuil a gcaomhnóir i láthair), nó an stáisiún Gardaí is gaire.
Déanfar iarrachtaí réasúnta go mbeidh ball foirne TDLR leis an inscne chéanna agus an LDLC in éineacht leo.
I gcás a mbíonn duine faoi aois leo féin ar an trambhealach (ní tuairiscíodh mar chaillte iad go fóill):
Ba chóir go rachaidh an ball foirne TDLR i dteagmháil le IBL agus an fhoireann Seirbhís Custaiméara chun iad a chur ar an eolas mar gheall ar an scéal.
Níor chóir aon chraoladh raidió a dhéanamh i gcás mar seo.
Mura tuairiscíodh aon scaradh, ba chóir An Garda Síochána a chur ar an eolas agus ba chóir don bhall foirne an duine faoi aois a thabhairt chuig na Gardaí nó ba chóir don IBL socrúchán a dhéanamh go dtiocfaidh na Gardaí. Glacfaidh na Gardaí an fhreagracht ina dhiaidh sin chun tuismitheoir/ caomhnóir an duine a shainaithint agus tabhairt le chéile a shocrú.
I gcás a mbíonn scaradh Linbh:
Nuair a chuirtear tiománaí ar an eolas maidir le scaradh linbh ó thuismitheoir/ ó chaomhnóir ag stop nó fad atá stop á fhágáil acu, cuirfidh an tiománaí an IBL ar an eolas mar gheall ar an scéal agus stopfar tram láithreach. Osclófar an doras singil amháin, aimseofar an leanbh agus tabharfar an leanbh agus tuismitheoir/ caomhnóir atá ag taisteal leis nó léi ar ais le chéile arís.
Nuair a chuirtear tiománaí ar an eolas maidir le scaradh linbh ó thuismitheoir/ ó chaomhnóir agus iad ag taisteal idir stopanna, cuirfidh an tiománaí an IBL ar an eolas maidir leis an scéal agus stopfar ag an gcéad stop eile, is é seo an cleachtas is fearr. Osclófar an doras singil amháin, aimseofar an leanbh agus cuirfear an IBL ar an eolas. Cuirfidh an IBL ar an eolas iad maidir leis an bpróiseas a bhíonn i gceist le leanbh a thabhairt ar ais le chéile le tuismitheoir/ caomhnóir. Ní ligfidh do bhall foirne Luas don leanbh leanúint ar aghaidh i gcás ar bith. Ní féidir leis sin tarlú ach amháin sa chás a dtabharfar na páirtithe lena mbaineann ar ais le chéile arís.
An chaoi le scaradh Linbh a thuairisciú
Má scarfar leanbh ó thuismitheoir/ caomhnóir tá go leor bealaí chun tiománaí nó an IBL a chur ar an eolas maidir le scéal den chineál sin.
Bealach amháin ná chun an cnaipe éigeandála dearg (SOS) a bhrú ag an stop Luas, tá ceann ag gach stop agus tá sé lonnaithe in aice leis an meaisín ticéid. Ligeann an cnaipe seo duit labhairt go díreach leis an IBL a labhróidh le tiománaí an tram agus cuirfidh sé tús leis an bpróiseas chun na daoine a thabhairt ar ais le chéile arís. Bíonn ceamara ag an IBL chomh maith ar an duine atá ag an gcnaipe SOS ag labhairt leo agus cinntítear go bhfuil an scéal iomlán á fáil acu.
Tá cnaipe éigeandála ar bord an tram chomh maith a ligeann duit labhairt go díreach leis an tiománaí.
Tá lámh éigeandála ar bord an tram chomh maith agus nuair a dhéantar é a tharraingt, is féidir le paisinéirí stop a chur leis an tram.