Skip to main content

Bí Sábháilte le Chéile

An bhfuil a fhios agat go bhfuil go leor bealaí ar féidir a bheith sábháilte ar Luas agus mórthimpeall?

Trí obair i gcomhar le chéile chun aon iompraíocht mhíshóisialta ar bord na dtramanna agus ag na Stopanna a thuairisciú is féidir linn líon na n-eachtraí a tharlaíonn a laghdú.

Is seirbhís iompair sábháilte, minic, glan agus iontaofa é Luas a d’iompar breis agus 32.4 milliúin duine anuraidh.

Bímis ag obair i gcomhar le chéile chun é a choinneáil mar seo.

Luas agus Sábháilteacht

  • Ionad Sheirbhís Custaiméara TFI : Cuir glao ar 0818 294 015* agus mínigh an scéal d’ár Oifigigh Seirbhís Custaiméara.
  • Foireann Luas ar bord: Cuir foireann Luas ar bord ar an eolas maidir le haon eachtra*.
  • Pearsanra Slándála: Cuir Pearsanra Slándála ar an eolas láithreach má bhíonn eachtra*.
  • Tiománaí Luas: cuir Tiománaí Luas ar an eolas trí bhrú ar an gCnaipe Cúnaimh Éigeandála ar bord an tram lonnaithe ag an doras.

*Is iad seo a leanas uaireanta Sheirbhís Custaiméara TFI, Luan go hAoine 7am go 7pm; Dé Sathairn 8am go 6pm; Dé Domhnaigh agus Saoirí Bainc 10a.m. go 6p.m.  
*Níl foireann Luas agus slándáil Luas i láthair i gcónaí ar gach tram.Tá pointí cúnaimh Éigeandála lonnaithe in aice le doirse an tram agus gach Stop Luas.


An chaoi le cúnamh a lorg ar an ardán?

I gcás éigeandála, is féidir leat an Pointe Cúnaimh Éigeandála atá i láthair ag gach Stop a úsáid, tá sé lonnaithe in aice leis an Meaisín Díolta Ticéid.

Freagróidh an Seomra Rialála Luas do ghlao, tá forléargas acu ar an gcóras Luas trí chóras CCTV.

Chun cúnamh a fháil:

  • Aimsigh an Cnaipe Cúnaimh Éigeandála
  • Brúigh ar an gcnaipe mór Dearg uair amháin
  • Fan ar fhreagra agus ansin mínigh an scéal leis an Seomra Rialála Luas

Má tá cúnamh ag teastáil uait is féidir leat glao a chur ar Sheirbhís Custaiméara TFI ag 0818 294 015*.


An chaoi le cúnamh a lorg ar bord?

Leis na Cnaipí Cúnaimh Éigeandála, nascfar tú go díreach leis an Tiománaí Luas atá ceangailte leis an Seomra Rialála Luas chomh maith. Tá CCTV ag obair ar bord na dtramanna chomh maith.

Chun cúnamh a fháil:

  • Aimsigh an Cnaipe Cúnaimh Éigeandála in aice an dorais
  • Brúigh ar an gcnaipe mór bán uair amháin
  • Fan ar fhreagra agus ansin mínigh an scéal leis an Tiománaí atá i dteagmháil leanúnach leis an Seomra Rialála Luas.

Má tá cúnamh ag teastáil uait is féidir leat glao a chur ar TFI ag 0818 294 015*.


Ceamaraí CCTV

Tá ceamaraí CCTV i láthair ar fud an chórais Luas, ag stopanna agus ar bord tramanna.

Is féidir le Gardaí iarratas a dhéanamh d’íoslódálacha CCTV. Tabhair faoi deara gur chóir iarratas a dhéanamh láithreach go háirithe má bhaineann sé le heachtra. An cineál faisnéise atá riachtanach ná ainm an Stop, an t-am, uimhir an tram más féidir agus an dáta.

Leantar treoirlínte maidir le heisiúint CCTV de réir mar a leagtar amach sa reachtaíocht um chosaint sonraí agus i gcomhréir le dea-chleachtais.

  • Uaireanta Oscailte Sheirbhís Custaiméara TFI: Luan go hAoine ó 7a.m. go 7p.m. Dé Sathairn ó 8a.m. go 6p.m , Dé Domhnaigh agus Saoirí Bainc ó 10 a.m. go 6 p.m.
  • Tá seirbhís gléis freagartha agus rannóg ;téigh i dteagmháil linn’ ar shuíomh gréasáin Luas. Molaimid do dhaoine na huaireanta seo, taobh amuigh d’uaireanta gnó, a úsáid.