Mar phaisinéir, tá cearta agat. Geallaimid:
- Turas tram sábháilte agus compordach a sholáthar duit.
- Faisnéis phaisinéara fhíor-ama ag stopanna a sholáthar duit 99% den am.
- Freagra a thabhairt ar do litreacha agus do ríomhphoist laistigh de sheachtain.
- Seirbhís tram iontaofa 99% den am a sholáthar duit agus ár bhfeidhmíocht a fhoilsiú gach 12 seachtain.
- Fógra seachtaine a thabhairt do phaisinéirí/ cónaitheoirí i gcás a bhíonn oibreacha cothabhála beartaithe.
- Tú a chur ar an eolas agus nuashonruithe a thabhairt duit i gcás ina mbeidh do thuras tram níos faide ná mar is gnáth.
- A chinntiú go bhfuil an caighdeán inrochtaineachta is airde á bhaint amach ag Luas agus go bhfuil oiliúint curtha ar ár bhfoireann maidir le feasacht míchumais chun cúnamh a thabhairt duit más gá.
- Na tramanna a ghlanadh gach oíche agus ar a laghad uair amháin in aghaidh an lae ag gach stop.
- Rogha neamhdhíobhálach don timpeallacht a sholáthar duit, agus 3.5 an méid CO2 níos lú á scaoileadh dá ndéanfaí an turas céanna i gcarr.
- An táille is saoire duit a mholadh duit má théann tú i dteagmháil le Seirbhís Custaiméara TFI nó téigh chuig www.luas.ie.
Tá cearta againn an méid seo a leanas a iarraidh ortsa:
- Ticéad bailí a bheith agat agus tú ar bord an tram.
- Meas a léiriú ar fhoireann Luas, ar phaisinéirí eile agus ar mhaoin.