An chaoi le Faisnéis maidir le Cur Isteach Seirbhíse Luas a aimsiú
Bíonn seirbhísí Luas ag rith i bpátrún beartaithe minicíochta agus oibriúcháin.
Bíonn tramanna Líne Uaine ag oibriú mar seo a leanas:
- Gleann Bhríde – Droichead Broome – Gleann Bhríde
- Áth an Ghainimh – Parnell – Áth an Ghainimh
Bíonn tramanna Líne Dhearg ag oibriú mar seo a leanas:
- Tamhlachta – An Pointe – Tamhlachta
- Teach Sagard – Stop Uí Chonghaile – Teach Sagard
Freastalaíonn minicíocht na dtramanna ar an éileamh; bíonn an mhinicíocht is mó i gceist leis na tramanna ag buaicuaireanta na maidine agus buaicuaireanta an tráthnóna agus bíonn minicíocht níos ísle i gceist i rith an lae agus i rith na hoíche.
Deirimid go mbíonn cur isteach seirbhíse ann nuair nach bhfuil tram ag rith de réir mar a beartaítear. Tarlaíonn cur isteach seirbhísí ar go leor cúiseanna; amhail daoine ar an tram a bhfuil cúnamh leighis de dhíth orthu, deacrachtaí teicniúla leis na tramanna, soláthar an chórais nó soláthar leictreachais, coisithe ar na ráillí, timpistí ina mbíonn rothaithe, tiománaithe a bhriseann soilse dearga agus a bhuaileann tramanna, deacrachtaí teicniúla le comharthaí tráchta ag acomhail, feithiclí páirceáilte ar na ráillí, trácht ag cur bac ar acomhail, adhaimsir etc. Nuair a tharlaíonn cur isteach seirbhíse, déanann Tiománaithe Luas agus an Fhoireann Oibriúcháin bearta chun gach rud a chur ar ais ag rith mar a bhí a luaithe agus is féidir. Cinntíonn tiománaithe Luas, Seirbhís Custaiméara Luas agus Seomra Rialála Lárnach Luas go bhfaigheann custaiméirí faisnéis mar gheall ar aon athruithe ag stopanna ar thramanna agus ar líne.
Noda Fhaisnéis Seirbhíse Luas
- Déan Aip Oifigiúil Luas a íoslódáil ar Google Play nó Apple App Store
- Leabharmharcáil do leathanaigh stop ar do ghléas.
- Lean @Luas ar X chun nuashonruithe a fháil
- Féach an Leathanach Nuashonraithe Taistil ar shuíomh gréasáin Luas nó ‘News’ ar an Aip sula dtaistealaíonn tú.
- Tabhair píosa ama dó; leanfaidh an tseirbhís ar aghaidh le roinnt moill taobh istigh de thréimhse ghearr i bhformhór na gcásanna
Lean ar aghaidh ag léamh chun faisnéis a fháil le linn cur isteach seirbhíse Luas.
Sula dTaistealaíonn Tú | Ag an Stop | Ar an Tram |
Sula dTaistealaíonn tú is féidir leat faisnéis a fháil ó na háiteanna seo a leanas; | Ag an Stop is féidir leat faisnéis a fháil ó na háiteanna seo a leanas; | Ar an tram is féidir leat faisnéis a fháil ó na háiteanna seo a leanas; |
· Suíomh Gréasáin
· Aipeanna · Ríomhphost · Guthán · AA Roadwatch · Tuairiscí Nuachta |
· Suíomh Gréasáin
· Aipeanna · X · Stop · Fógraí · Ríomhphost · Guthán · AA Roadwatch · Tuairiscí Nuachta · Gléas Idirchumarsáide Cúnaimh Éigeandála (i gcás éigeandála) |
· Suíomh Gréasáin
· Aipeanna · X · Tiománaí · Fógraí · Ríomhphost · Guthán · AA Roadwatch · Tuairiscí Nuachta · Gléas Cumarsáide an Tiománaí (i gcás éigeandála)
|
Stádas Leathanach Baile an tSuímh Gréasáin
Ar Leathanach Baile ár suíomh gréasáin tá bosca teachtaireachta ‘Stádas Luas’. Is achoimre tapa é an teachtaireacht ‘Stádas Luas’ maidir leis an gcaoi a bhfuil na línte ag oibriú; mar is gnáth nó a mhalairt. Cliceáil Léigh Tuilleadh agus téann tú chuig an Leathanach Nuashonraithe Taistil.Ar Leathanach Baile móibíleach is é an chéad rud faoin íomhá. Ar an Leathanach Baile deisce tá sé ar bharr ar chlé faoin roghchlár.
NOD: Téigh chuig www.Luas.ie chun nuashonrú tapa a fháil.
Leathanach Nuashonraithe Taistil an tSuímh Gréasáin agus Aipe
Ar ár suíomh gréasáin, tá an leathanach Leathanach Foláirimh Taistil. Tá an méid spáis is mó ar an leathanach Seirbhísí Custaiméara Luas seo chun faisnéis a thabhairt. Tá an fhaisnéis is déanaí ag an leathanach seo maidir le ardaitheoirí agus staighrí beo Luas chomh maith. Ar an Leathanach baile móibíleach cliceáil Léigh Tuilleadh sa bhosca teachtaireachta ‘Stádas Luas’ nó cliceáil ar an gcnaipe ‘Roghchlár’ ar bharr ar dheis agus ‘Nuashonrú Taistil’ chun dul chuig an Leathanach Foláirimh Taisitil. Ar an Leathanach baile deisce nó aon leathanach Luas.ie is é an chéad rud ar chlé ag an roghchlár ag an mbarr.Is é an chéad Earra Nuachta ar Leathanach Nuachta an tsuímh gréasáin chomh maith. Ar na hAipeanna oifigiúla Luas is é an Leathanach Foláirimh Taistil an chéad Earra Nuachta sa rannóg Nuachta i gcónaí.
NOD: Leabharmharcáil an Leathanach Foláirimh Taistil ar do ríomhaire nó ar do ghuthán
Taispeáintí Fáisnéis Phaisinéara ar an Suíomh Gréasáin
Ar ár suíomh gréasáin, tá Taispeáint Faisnéise Paisinéara ag gach Leathanach Stop ar a léirítear an chéad chúpla tram eile do gach ardán. Ar bhunlíne na dtaispeántaí seo tá teachtaireacht scrollaithe ina dtugtar achoimre tapa duit maidir leis an gcaoi a bhfuil seirbhísí ón ardán sin ag oibriú; mar is gnáth nó a mhalairt.
NOD: Leabharmharcáil na stopanna a úsáideann tú ar do ríomhaire nó ar do ghuthán.
Taispeáintí Fáisnéis Phaisinéara Aipe / Faisnéis Bheo
Ar ár nAip oifigiúil Apple agus Android i bhFaisnéis Bheo, tá Taispeáint Faisnéise Paisinéara ag gach stop ina léirítear an chéad chúpla tram eile do gach ardán .Os cionn na dtaispeáintí seo, tá teachtaireacht ‘Stádas Luas’ ina dtugtar achoimre tapa duit maidir leis an gcaoi a bhfuil na línte ag oibriú; mar is gnáth nó a mhalairt. Ar bharr na taispeána do gach ardán tá teachtaireacht scrollaithe ina dtugtar achoimre tapa duit maidir leis an gcaoi a bhfuil seirbhísí ón ardán sin ag oibriú; mar is gnáth nó a mhalairt. Mura bhfuil seirbhísí ag oibriú mar is gnáth cliceáil isteach chuig Nuacht ar an Aip chun tuilleadh eolais a fháil.
NOD: Déan Aip Oifigiúil Luas a íoslódáil ar Google Play nó Apple App Store
Leathanach X Luas
I gcás cur isteach seirbhíse, cuirtear amach tvuíteanna trí @Luas ag tús an chur isteach, le linn an chur isteach agus nuair atá sé thart. Le linn cur isteach seirbhísí, d’fheadfaimis na mílte @Trácht (@Mentions) a fháil. Ní féidir linn freagra a thabhairt ar gach duine go haonarach mar sin déan ár dtvuíteanna is déanaí a sheiceáil chun an nuashonrú is déanaí a fháil.
NOD: Lean @Luas ar X
Fógraí Tiománaí ar an Tram
Ar gach tram tá córas fógraíochta, i gcás cur isteach seirbhísí déanfaidh an tiománaí fógra.
NOD: Cinntigh go bhfuil tú in ann Fógraí an Tiománaí a chloisteáil
Taispeáintí Faisnéise Paisinéara ag Stopanna
Ar gach ardán tá Taispeáintí Faisnéise Paisinéara ina léirítear an chéad chúpla tram eile don ardán sin. I gcás cur isteach seirbhísí déantar an líne dheireanach den Taispeáint Faisnéise Paisinéara a thiontú go teachtaireacht scrollaithe ina dtugtar achoimre tapa duit maidir leis an gcaoi a bhfuil na seirbhísí ag oibriú.
NOD: Déan an Taispeáint a sheiceáil i gcónaí
Fógraí Fuaime ag Stopanna
Ar gach ardán tá córas fógraíochta. I gcás cur isteach seirbhíse craolfar fógra fuaime thar na callairí seo ón Seomra Rialála Lárnach.
NOD: Cinntigh go bhfuil tú in ann Fógraí Stopanna a chloisteáil
AA Roadwatch
I gcás cur isteach seirbhísí cuirimid AA Roadwatch ar an eolas ag tús an chur isteach agus ina dhiadh. Cuireann siad an fhaisnéis seo ar na feasacháin tráchta a chuireann siad ar fáil chuig na stáisiúin raidió.
Seol ríomhphost chuig Luas
Mura bhfuil tú in ann rochtain a fháil ar cheann de na hAipeanna, ar an Suíomh Gréasáin, ar X, mura bhfuil tú in ann taispeáint a fheiceáil nó fógra a chloisteáil is féidir leat ríomhphost a chur chuig Seirbhís Custaiméara TFI ag [email protected].Tiocfaidh siad ar ais chugat a luaithe agus is féidir leo.
Cuir Glao Áitiúil ar Luas
Mura bhfuil tú in ann rochtain a fháil ar cheann de na hAipeanna, ar an Suíomh Gréasáin, ar X, mura bhfuil tú in ann taispeáint a fheiceáil nó fógra a chloisteáil is féidir leat glao a chur ar Sheirbhís Custaiméara TFI ag 0818 294 015.
Gléas Idirchumarsáide an Tiománaí ar an Tram
Mura bhfuil tú in ann rochtain a fháil ar cheann de na hAipeanna, ar an Suíomh Gréasáin, nó ar Stop is féidir leat an gléas idirchumarsáide a úsáid chun iarraidh ar an tiománaí cad é atá ag tarlú. É sin ráite, le cinntiú nach gcuirtear isteach ar an tiománaí, molaimid duit é seo a dhéanamh i gcás éigeandála amháin.
Gléas Idirchumarsáide Stop Éigeandála
Mura bhfuil tú in ann rochtain a fháil ar cheann de na hAipeanna, ar an Suíomh Gréasáin, ar X, nó ar Stop is féidir leat an Gléas Idirchumarsáide Cúnaimh Éigeandála a úsáid ar an ardán chun iarraidh ar an Seomra Rialála cad é atá ag tarlú. É sin ráite, molaimid duit é seo a dhéanamh i gcás éigeandála amháin.