Skip to main content

Fodhlíthe Luas

FODHLÍTHE IARNRÓID ÉADROIM (TAISTEAL A RIALÁIL AGUS ÚSÁID), 2015

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 66 (1) den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001 (Uimh. 55 de 2001), déanann An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród na fodhlíthe seo a leanas.

Lua agus Tosaíocht

  1. Na Fodhlíthe Iarnróid Éadroim (Taisteal a Rialáil agus Úsáid), 2015, is teideal na fodhlíthe seo. Gabhfaidh na Fodhlíthe seo in ionad Fhodhlíthe Iarnróid Éadroim (Taisteal a Rialáil agus Úsáid) roimhe seo.

 

Sainmhínithe

  1. Sna Fodhlíthe seo:

“duine údaraithe” is ea oifigeach, fostaí nó gníomhaire oibritheora atá ag gníomhú i bhfeidhmiú a dhualgais nó a dualgais thar ceann iarnróid éadroim nó i ndáil leis nó aon bhall den Gharda Síochána ar gá dóibh a bheith i láthair ar iarnród éadrom ag duine údaraithe.

“oibritheoir” is ea an Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród nó duine eile dá leithéid a bhfuil socraithe déanta ag an nGníomhaireacht leo faoi alt 43 (5) den Acht Iompair (Bonneagar Iarnróid), 2001 chun iarnród éadrom a oibriú;

“ticéad” is ea aon ticéad nó doiciméad nó modh leictreonach chun luach taistil a stóráil a eisítear thar ceann oibritheora as léiriú aon duine ar fheithicil iarnróid éadroim agus áirítear leis sin aon ticéad séasúrach, ticéad comaitéara, saor in aisce, ticéad pribhléide nó aon dearbhán, cárta aitheantais nó a údarás dá leithéid mar mhalairt ar thairge ina bhfeadfaí ticéad a eisiúint as léiriú aon duine.

“ticéad bailí” is ea ticéad inar íocadh as an táille ceart don turas atá idir láimhe agus atá i bhfeidhm nuair atá an turas á dhéanamh;

“paisinéir” is ea duine atá ag taisteal nó atá ag déanamh iarracht taisteal ar fheithicil iarnróid éadroim,

“ardán stop” is ea ardán do bhailiúchán nó scaoileadh amach paisinéirí ag tramanna. Beidh an t- ardán stop 6 mhéadar ar leithead ón líne bhán ag imeall an ardáin  nó má tá sé níos lú ná 6 mhéadar, chuig an maoin, balla nó claí teorantach is gaire. Beidh an t-ardán stop teoranta i bhfad chuig an limistéar idir na trasrianta coisithe ar na ráillí nó teoranta ag bac fisiceach amhail ráille cosanta, balla nó claí.

 

Ticéid

3.

(1) Ní dhéanfaidh paisinéir an méid seo a leanas –

(a) taisteal nó iarracht a dhéanamh taisteal ar fheithicil iarnróid éadroim gan ticéad bailí,

(b) ticéad a úsáid nó iarracht ticéad a úsáid seachas ceann faoi na téarmaí agus coinníollacha faoinar eisíodh é,

(c) ticéad a úsáid nó iarracht ticéad a úsáid do níos mó turais ná mar a cheadaítear leis an ticéad,

(d) aon ticéad a bhrionnú, a chóipeáil a mhilleadh nó a scriosadh nó ticéad a úsáid nó iarracht a dhéanamh ticéad a úsáid a brionnaíodh, a cóipeáladh a milleadh nó a scriosadh

(e) mainneachtain nó diúltú ticéad a thabhairt do dhuine údaraithe chun iniúchadh a dhéanamh nuair a iarrtar ort

(f) mainneachtain nó diúltú cineál aitheantais nó  doiciméad áirithe eile a thabhairt do dhuine údaraithe chun iniúchadh a dhéanamh nuair a iarrtar ar an bpaisinéir nuair a bhraitheann bailíocht an ticéid atá i seilbh an phaisinéara ar chineál aitheantais nó doiciméad áirithe a bheith i seilbh an phaisinéara

(g) ticéad a úsáid nó iarracht a dhéanamh ticéad a úsáid gan cineál aitheantais nó doiciméad áirithe eile a bheith i seilbh an phaisinéara  nuair a bhraitheann bailíocht an ticéid atá i seilbh an phaisinéara ar chineál aitheantais nó doiciméad áirithe a bheith i seilbh an phaisinéara,

(h) ticéad a aistriú chuig aon duine nuair nach bhfuil an ticéad inaistrithe

(i) ticéad a úsáid nó iarracht a dhéanamh ticéad a úsáid a eisíodh chuig duine eile agus nach bhfuil inaistrithe,

(j) áit a mbraitheann bailíocht aon ticéad ar an ticéid a bheith bailíochtaithe ag úsáid meaisín bailíochtaithe ticéid, ticéad a úsáid nó iarracht a dhéanamh ticéad a úsáid nár bailíochtaíodh.

(2) Tá duine údaraithe i dteideal aon ticéad nó cineál aitheantais nó aon doiciméad eile áirithe atá riachtanach a choinneáil maidir le húsáid leis an ticéad sin.

(3) Féadfaidh oibritheoir táille réasúnach a ghearradh as aon ticéad nó cineál aitheantais nó aon doiciméad eile áirithe atá riachtanach maidir le húsáid aon ticéad

(4) Ní eiseoidh aon duine aon ticéad seachas nuair atá sé nó sí údaraithe i scríbhinn ag oibritheoir amhlaidh a dhéanamh.

(5) Is maoin an oibritheora é gach ticéad a eisítear ag oibritheoir nó a eisítear thar ceann oibritheora i gcónaí.

 

Táille chaighdeánach

4.

(1) Tá paisinéir, a théann ar fheithicil iarnróid éadroim, nach bhfuil ticéad bailí ina seilbh acu faoi dhliteanas an táille caighdeánach a íoc.

(2) Nuair a thugann duine údaraithe faoi deara go bhfuil duine ag fágáil feithicil iarnróid éadroim is féidir leo iarraidh ar an duine ticéad bailí a thabhairt lena iniúchadh ar ardán an stop.

(3) Tá paisinéir, a fhágann fheithicil iarnróid éadroim, nach bhfuil ticéad bailí ina seilbh acu faoi dhliteanas an táille caighdeánach a íoc.

(4) Ní mheastar go bhfuil duine ag stop ag taisteal ar sheirbhís tram ach amháin sa chás a tháinig siad ann trí tram a fhágáil.

(5) Íocfaidh paisinéir atá ar bord feithicil iarnróid éadroim gan ticéad bailí an táille caighdeánach chuig duine údaraithe láithreach, nó de rogha an duine údaraithe agus má tá an duine údaraithe sásta maidir le hainm agus seoladh an phaisinéara, taobh istigh de thréimhse 14 lá ónar ndeachaigh an paisinéir ar an bhfeithicil iarnróid éadroim, chuig an oibritheoir lena mbaineann.

(6) Eiseoidh duine údaraithe an ticéad ábhartha chuig an duine a d’íoc as an táille caighdeánach agus le ticéad dá leithéid ceadaítear don phaisinéir taisteal chuig an chéad cheann aistir eile.

(7) Áit a dtagann duine údaraithe ar phaisinéir ar fheithicil iarnróid éadroim gan ticéad bailí agus diúltaíonn an paisinéir íoc as an táille caighdeánach láithreach, féadfaidh an duine údaraithe iarraidh ar an bpaisinéir an fheithicil iarnróid éadroim a fhágáil ag an gcéad stop eile agus comhlíonfaidh an paisinéir iarratas dá leithéid.

(8) Sna Fodhlíthe seo “táille caighdeánach” is ea táille iníoctha de bhun Fhodhlí 4, socraithe ag an nGníomhaireacht um Fháil Iarnród agus foilsithe ó am go ham ag an oibritheoir.

 

Gníomhartha toirmiscthe

5.

(1) Ní dhéanfaidh duine an méid seo a leanas ar fheithicil iarnróid éadroim nó ar iarnród éadrom –

(a) gníomhú ar bhealach atá drochídeach, bagrach nó maslach i leith aon duine

(b) gníomhú ar bhealach a chuireann isteach ar aon duine nó atá contúirteach i leith aon duine;

(c) aon teanga bhagrach, gháirsiúil nó mhaslach a úsáid nó aon ghotha bagrach, gáirsiúil nó maslach a dhéanamh

(d) Fáil réidh le haon bhruscair seachas sa choimeádán a soláthraíodh chun na críche sin;

(e) scríobh ar fheithicil iarnróid éadroim nó ar iarnród éadrom nó é a scríobadh é a dhó, nó péinteáil air nó aon rud a ghreamú chuig  feithicil iarnróid éadroim nó iarnród éadrom.

(f) dochar a dhéanamh nó iarracht dochar a dhéanamh chuig aon chuid d’fheithicil iarnróid éadroim nó iarnród éadrom nó maoin aon duine atá air;

(g) feithicil iarnróid éadroim nó iarnród éadrom nó maoin aon duine atá air a shalú;

(h) aon rud a chaitheamh nó seile a chaitheamh i bhfeithicil iarnróid éadroim nó iarnród éadrom, nó ar fheithicil iarnróid éadroim nó iarnród éadrom nó i dtreo feithicile iarnróid éadroim nó iarnród éadrom;

(i) a bheith ar meisce (taobh istigh den sainmhíniú a thugtar in alt 4 An tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994, (Uimh 2 de 1994) nó aon bhuidéal nó coimeádán oscailte de dheoch meisciúil nó druga rialaithe a bheith i do sheilbh (taobh istigh den sainmhíniú a thugtar in alt 2 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí. 1977 (Uimh 12 de 19));

(j) aon ghunna, scian nó gaireas pléascach nó aon arm nó earra contúirteach eile a bheith i do sheilbh

(k) aon toitín, todóg nó píoba a chaitheamh, nó aon ábhar lasta a bheith i do sheilbh nó aon gléas ionanálaithe nicitín nó toitín leictreonach a úsáid;

(l) Clár scátála, lann rollála, scáta rollála nó aon rud dá leithéid a úsáid;

(m) aon bhagáiste, earraí nó maoin a fhágáil gan duine ina mbun;

(n) doras feithicil iarnróid éadroim a oscailt nó dul ar bord feithicil iarnróid éadroim nó í a fhágáil in aon áit seachas an ceann atá sainithe ag an oibritheoir mar áit ar féidir le paisinéirí  dul ar bord feithicil iarnróid éadroim nó í a fhágáil agus nuair atá an fheithicil iarnróid éadroim ina stad;

(o) dul ar bord feithicil iarnróid éadroim nó í a fhágáil nó iarracht amhlaidh a dhéanamh nuair a bhíonn tonn rabhaidh ar siúl a léiríonn go bhfuil doirse na feithicle iarnróid éadroim ar tí dúnadh

(p) dul ar bord feithicil iarnróid éadroim nó í a fhágáil nó iarracht amhlaidh a dhéanamh nuair nach bhfuil sé sábháilte é sin a dhéanamh; lena n-áirítear nuair atá an fheithicil go hiomlán lán;

(q) dul ar bord feithicil iarnróid éadroim nó í a fhágáil nó iarracht amhlaidh a dhéanamh le rothar seachas sa chás ina bhfuil sé fillte agus ina chás;

(r) dul isteach chuig feithicil iarnróid éadroim nó iarracht amhlaidh a dhéanamh in aon chuid d’fheithicil iarnróid éadroim nár dearadh d’úsáid custaiméirí;

(s) scuaine a dhéanamh ar bhealach mí-ordúil;

(t) cur isteach ar an tiománaí nó iarracht amhlaidh a dhéanamh ar thiománaí feithicle iarnróid éadroim gan cúis réasúnach agus leordhóthanach;

(u) neamhaird a thabhairt ar aon fhógra nó treoir nó mainneachtain géilleadh dóibh a bhféadfadh a bheith i bhfeidhm nó a bhféadfadh oibritheoir a dhéanamh chun aird paisinéirí nó aon ghrúpa díbh a fháil

(v) neamhaird a thabhairt ar aon treoir a thugann duine údaraithe nó mainneachtain géilleadh dó

(w) faisnéis bhréagach, mhíthreorach nó dhlítheanach a thabhairt go duine údaraithe,

(x) cumarsáid éigeandála a úsáid nó iarracht a dhéanamh cumarsáid éigeandála a úsáid le tiománaí iarnróid éadroim nó oibritheoir gan cúis réasúnach ná leordhóthanach

(y) aon rud a chur ar fheithicil iarnróid éadroim ar bhealach atá ina chontúirt nó a bhféadfadh a bheith ina chontúirt don saol ná don tsláinte, d’oibriúchán agus cothabháil feithicle iarnróid éadroim nó iarnróid éadroim, nó seachas sin a chuirfeadh isteach ar oibriúchán ceart feithicle iarnróid éadroim nó iarnróid éadroim;

(z) mainneachtain cúram cuí a ghlacadh maidir le gortú chuig aon duine nó maoin a sheachaint.

(2) Féadfaidh duine údaraithe aon rud a úsáidtear mar shárú ar an bhFodhlí seo a urghabháil agus a choinneáil ar feadh tréimhse réasúnach nó go críochnú aon imeacht cúirte ábhartha.

 

Iompraíocht shrianta

6.

(1) Ní dhéanfaidh duine ar fheithicil iarnróid éadroim nó ar iarnród éadrom gan chead tugtha ag an oibritheoir nó thar ceann an oibritheora an méid seo a leanas –

(a) aon bhileoigín, póstaer, fógra, nuachtán saor in aisce nó doiciméad eile a dháileadh ná a chur ar taispeáint

(b) déirce, luíocht, custam nó fostaíocht a lorg nó a iarraidh nó mangaireacht a dhéanamh.

(c) aon earra nó seirbhís a dhíol nó díolachán a thairiscint;

(d) canadh nó seinm le huirlisí ceoil nó gan cheann nó le trealamh eile;

(e) aon raidió nó teilifís nó aon chineál trealamh a úsáid chun fuaim nó íomhánna a athsheinm chun go mbeidh sé inchloiste d’aon duine eile

(f) aon cheamara nó fístaifeadán nó aon chineál trealamh a úsáid chun fuaim nó íomhánna a thaifeadadh chun cur isteach ar aon duine eile

(g) aon chineál cearrbhachais a bheith i do sheilbh agat;

(h) Aon ainmhí a bheith i do sheilbh (seachas madra treorach nó madra teiripe Peata)

(i) síománaíocht nó fanacht ar iarnród éadrom gan cúis réasúnach ná leordhóthanach,

(j) aon chruinniú poiblí nó agóid a stiúradh nó páirt a ghlacadh ann

(2) Féadfaidh duine údaraithe aon rud a úsáidtear mar shárú ar an bhFodhlí seo a urghabháil agus a choinneáil ar feadh tréimhse réasúnach nó go críochnú aon imeacht cúirte ábhartha.

 

Páirceáil

7.

(1) Ní dhéanfaidh duine an méid seo a leanas ar iarnród éadrom:

(a) aon fheithicil a pháirceáil nó a úsáid seachas sna limistéir sainithe chun na críche sin.

(b) aon fheithicil a pháirceáil nó a úsáid seachas i gcomhréir le haon fógra nó treoir a bhféadfadh a bheith i bhfeidhm nó a thug oibritheoir;

(c)  aon fheithicil a pháirceáil nó a úsáid i limistéir ina bhfuil srian ar rochtain agus a bhfuil sainithe d’úsáid coisithe amháin

(d)  aon fheithicil a pháirceáil nó a úsáid in aon áit a bhféafadh sí a bheith ina contúirt nó ina cúis núise nó ina bac d’aon duine nó a bheith ina gcontúirt don saol nó don tsláinte nó d’oibriúchán agus cothabháil feithicle iarnróid éadroim nó iarnróid éadroim, nó seachas sin a chuirfeadh isteach ar oibriúchán ceart feithicle iarnróid éadroim nó iarnróid éadroim;

(e) aon fheithicil a pháirceáil nó a úsáid in áit a bhféadfadh sé srian a chur ar bealach aon fheithicil iarnróid éadroim,

(f) aon fheithicil a pháirceáil nó a úsáid in áit íoctha páirceála gan an táille a íoc as páirceál dá leithéid nó gan fianaise íocaíochta dá leithéid a léiriú, nuair a cheanglaítear ort.

(2) Áit a dtagann duine údaraithe ar fheithicil atá páirceáilte agus a sháraíonn alt (1) (a)-(f) den Fodhlí seo, féadfaidh sé nó sí fíneáil a ghearradh, gléas a shocrú a chuirfidh bac gluaiseachta ar fheithiclí leis an bhfeithicil nó a chur faoi deara an fheithicil a bhogadh nó an dá rud a dhéanamh.

(3) I gcás ar bith nuair a shocraítear léas a chuirfidh bac gluaiseachta ar fheithiclí i gcomhréir leis an bhFodhlí seo, socrófar fógra rabhaidh leis an bhfeithicil chomh maith ina sonraítear –

(a) gur socraíodh bac gluaiseachta leis an bhfeithicil agus níor chóir iarracht ar bith a dhéanamh an fheithicil a thiomáint nó a chur ar siúl, agus

(b) na céimeanna ar ghá a thógáil chun an fheithicil a scaoileadh ón mbac gluaiseachta.

(4) Ní bhainfidh ná ní chuirfidh duine isteach ar aon fhógra ná aon ghléas a chuirfidh bac ar ghluaiseacht a shocraigh duine údaraithe leis an bhfeithicil faoin bhFodhlí seo.

(5) Ní féidir an fheithicil ar baineadh nó ar socraíodh bac gluaiseachta léi faoin bhFodhlí seo, a scaoileadh ón bac gluaiseachta nó a thabhairt ar ais chuig an duine atá i bhfeighil ar an bhfeithicil, ag duine údaraithe amháin nó faoina threoir/ a treoir, ar an costas a íoc ag an duine atá i bhfeighil ar an bhfeithicil, chuig oibritheoir, costas a bhaineann le baint nó socrú an ghléis.

(6) Ní bhainfidh duine atá i bhfeighil ar an bhfeithicil atá in áit íoctha páirceála nó ní dhéanfaidh sé nó sí iarracht an fheithchil a bhaint go dtí go n-íocfar as aon táillí i leith pháirceáil na feithicle ag an áit sin.

(7) San Fhodhlí seo –

“áit íoctá páirceála” is ea áit a sholáthraítear ag an oibritheoir chun feithiclí a pháirceáil i gcomhréir le táillí a ghearrtar ag an oibritheoir as páirceáil agus áit a mbíonn rátaí na dtáillí ar taispeáint ag an áit sin in áit feiceálach.

“feithicil” is ea feithicil inneall-ghluaiste (leis an sainmhíniú a thugtar in alt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 (Uimh. 24 de 1961)) nó rothar nó aon chineál iompair eile.

 

Earraí caillte

8.

(1) Beidh oibritheoir i dteideal aon earra a ghlacadh ina sheilbh/ ina seilbh a bhfuil drochamhras réasúnach air/ uirthi a bheith caillte ach ní bheidh sé nó sí ina earbaí ar an earra sin.

(2) Maidir le haon earra a ghlac an oibritheoir ina sheilbh/ ina seilbh nach ndéantar a athshlánú taobh istigh de 3 mhí ón dáta ar glacadh seilbh air, féadfaidh an oibritheoir é a dhíol, a scriosadh nó seachas sin a dhiúscairt.

(3) Is féidir le paisinéir a chaill aon earra ar iarnród éadrom iarratas a chur i scríbhinn chuig an oibritheoir ina sholáthrófar faisnéis a bheadh riachtanach go réasúnach chun déileáil leis an iarratas.

(4) Féadfaidh an oibritheoir táille riaracháin réasúnach  a ghearradh ar an bpaisinéir as stóráil aon earra a chaill an paisinéir agus diúltú an t-earra a scaoileadh go dtí go n-íocfar as an táille.

 

Aisíocaíochtaí

9.

(1) Déanfar gach iarratas d’aisíocaíochtaí i leith ticéad a eisítear ag oibritheoir i scríbhinn, agus ticéad an iarrthóra agus aon doiciméad eile iniata is gá le réasún chun déileáil leis an iarratas, chuig an oibritheoir.

(2) Déanfar gach iarratas d’aisíocaíochtaí i leith ticéad a eisítear ag aon duine eile seachas an oibritheoir, chuig an duine eile sin.

(3) Féadfaidh oibritheoir táille réasúnach a ghearradh as déileáil le haon iarratas maidir le aisíocaíocht.

 

Baint bhacainní

  1. Féadfaidh oibritheoir aon chéimeanna réasúnacha a thógáil chun aon fheithicil nó earra atá ina contúirt nó a bhféadfadh a bheith ina contúirt don saol, don tsláinte agus d’oibriúchán agus cothabháil feithicle iarnróid éadroim nó iarnróid éadroim, nó seachas sin a chuirfeadh isteach ar oibriúchán ceart feithicle iarnróid éadroim nó iarnróid éadroim.

 

Srian maidir le hÚsáid

11.

(1) Maidir le paisinéir a bhfuil drochamhras réasúnach ar oibritheoir faoi aon cheann de na Fodhlíthe seo a shárú nó iarracht a dhéanamh iad a shárú, fágfaidh siad iarnród éadrom chomh luath agus a iarrfaidh duine údaraithe orthu amhlaidh a dhéanamh.

(2) Féadfaidh oibritheoir ar chúinsí réasúnacha, trí fhógra a thabhairt i scríbhinn a chuig aon duine, an duine sin a thoirmeasc ná a shrianadh ó iarnród éadrom a úsáid.

 

ARNA THABHAIRT faoi Shéala

na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród

Arna fíordheimhniú ag 24 Iúil 2015

COLM O’ROURKE Cathaoirleach
RORY O’CONNOR Príomhfheidhmeannach Gníomhach

 

Táille chaighdeánach Luas

Tá Táille Caighdeánach iníoctha, de bhun Fhodhlí 4 d’FODHLÍTHE IARNRÓID ÉADROIM (TAISTEAL A RIALÁIL AGUS ÚSÁID), 2015 I.R. Uimh 322 de 2015, sna cúinsí seo a leanas:

  1. Paisinéir, atá ag dul ar fheithicil iarnróid éadroim, nach bhfuil ticéad bailí ina seilbh acu
  2. Paisinéir, atá ag fágáil feithicil iarnróid éadroim, nach bhfuil ticéad bailí ina seilbh acu; nó
  3. Paisinéir, atá ar fheithicil iarnróid éadroim nach bhfuil ticéad bailí ina seilbh acu

Is é seo a leanas Táille Caighdeánach Luas:

  • má dhéantar é a íoc taobh istigh de 14 lá ón dáta ar eisigh an duine údaraithe an Táille Caighdeánach chuig an bpaisinéir; nó
  • má dhéantar é a íoc níos mó ná 14 lá ón dáta ar eisigh an duine údaraithe an Táille Caighdeánach chuig an bpaisinéir ach nach déanaí ná 28 lá ónar eisíodh an Táille Caighdeánach.