Bailíonn agus úsáideann Transdev Ireland sonraí pearsanta (faisnéis phearsanta) daoine a bhíonn i dteagmháil linn, chun críocha éagsúla, lena n-áirítear maidir le custaiméirí Luas agus úsáideoirí aipe agus suímh gréasáin. I gcásanna a mbímid freagrach as cinneadh a dhéanamh faoin gcaoi a ndéanaimid sonraí pearsanta maidir le daoine a choinneáil agus a úsáid, is “rialtóir sonraí” sinn.
Sonraítear san Fhógra Príobháideachta seo faisnéis maidir leis na sonraí pearsanta a mbailímid maidir le custaiméirí Sheirbhís Iarnróid Éadroim Luas agus seirbhísí gaolmhara (lena n-airítear seirbhísí Páirceáil + Taisteal, Coigitleoir Cánach Luas agus Seirbhís Téacs Luas) (“Seirbhísí Luas”) agus mar gheall ar úsáideoirí ár n-aip agus ár suíomhanna gréasáin (www.luas.ie and www.transdevireland.ie). Is seirbhís é Seirbhís Téacs Luas a ligeann do chustaiméirí Luas agus baill den phobal eachtraí iompraíochta míshóisialta a fheiceann siad ar bord tramanna Luas agus ag stopanna Luas a thuairisciú.
Úsáidimid fianáin ar ár suíomhanna gréasáin, chun tuilleadh faisnéise a fháil mar gheall air seo, téigh chuig ár bhFógra Fianáin ar ár suíomhanna gréasáin.
San Fhógra Príobháideachta seo, soláthraítear faisnéis maidir le sonraí pearsanta eile a bhailímid agus a úsáidimid maidir le daoine atá seachtrach ónár ngnólacht.
Mar a shainítear sa rannóg ‘Maidir Linn’ thuas, bíonn an Luas á oibriú againn faoi chonradh ón Údarás Náisiúnta Iompair (“NTA” féach www.nationaltransport.ie) agus Bonneagar Iompair Éireann (“TII”, féach www.tii.ie). Is rialtóir sonraí sinn d’fhaisnéise pearsanta a bhailítear ar ár suíomhanna gréasáin maidir le Táillí Caighdeánacha Luas agus Coigilteoir Cánach Luas don Chóras Íocaíochta Clós Páirceála, mar aon le taifid CCTV a ghabhtar ag stopanna Luas agus ar thramanna Luas maidir le hoibríocht Sheirbhís Foláirimh Téacs Luas. Soláthraímid tuilleadh faisnéise san Fhógra Príobháideachta seo maidir leis na gníomhaíochta próiseála sonraí seo.
Is iad an NTA agus TII rialtóirí roinnt faisnéise pearsanta a dhéanaimid a phróiseáil maidir leis an Seirbhís Luas. Tá siad freagrach as faisnéis pearsanta a bhailítear agus a úsáidtear chun críocha Cártaí Leap a eisiúint, go háirithe agus bíonn na suíomhanna gréasáin www.leapcard.ie agus www.studentleapcard.ie á bhfeidhmiú acu. Mar shampla, déanaimid iarratais do chártaí Leap a phróiseáil agus nuair a dhéanaimid amhlaidh, is sinne na próiseálaithe sonraí maidir leis an bhfaisnéis pearsanta seo ar son NTA agus TII.
Tá sé thar a bheith tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil cearta áirithe ag NTA agus TII faoinár gconradh leo chun rochtain a fháil ar fhaisnéis custaiméara agus nuair a chuirfear críoch leis an gconradh eadrainn, go ndéanfaí an fhaisnéis custaiméara sin a aistriú chucu nó chuig an soláthraí seirbhíse a thiocfaidh i gcomharbas orainn don Luas.
Nuair a dhéanaimid tagairt d’ár ngníomhaíochtaí próiseála sonraí san Fhógra Príobháideachta seo maidir le haon ceann de na Seirbhísí Luas, tabhair faoi deara go ndéanaimid amhlaidh maidir le próiseáil sonraí le haghaidh agus thar ceann an NTA agus TII, de réir mar a shainaithníodh thuas.
An príomhreachtaíocht um chosaint sonraí atá i bhfeidhm dúinn ná An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí AE (An RGCS), éifeachtach ó 25 Bealtaine 2018, agus déanann reachtaíocht na hÉireann an RGCS a fhorlíonadh (is é sin na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988- 2018 agus na Rialacháin ríomh-Phríobháideachais 2011). Ceann d’ár n-oibleagáidí faoin RGCS is ea a bheith trédhearcach leatsa agus maidir lenár mbailiúchán agus ár n-úsáid d’fhaisnéis pearsanta do dhaoine aonair.