Skip to main content

Fógraíocht a dhéanamh ar Luas

Is é Clear Channel a dhéanann bainistíocht ar shuíomhanna fógraíochta tráchtála ar Luas faoi chonradh ag Bonneagar Iompair Éireann. Déanann Clear Channel bainistíocht ar na réimsí fógraíochta seo a leanas;

(1) Suíomhanna fógraíochta Luas ar an ardán

(2) Suíomhanna fógraíochta Luas ar thramanna

(3) Suíomhanna fógraíochta eile ar an gcóras Luas

Má tá spéis agat fógraíocht a dhéanamh ar Luas téigh i dteagmháil le Clear Channel. Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar

https://www.clearchannel.ie/

Gearáin Fógraíochta

Má dhéantar táirge a fhógairt ar Luas, ní formhuiniú é sin ag Luas ar an táirge sin. Díoltar fógraíocht ar Luas ar bhonn tráchtála agus ní mór do Chonraitheoir Fógraíochta Luas, Clear Channel, oibleagáidí a comhlíonadh, lena n-áirítear comhlíontacht le gach  reachtaíocht ábhartha agus comhlíontacht le Cód Údarás Caighdeán Fógraíochta na hÉireann. Má chuireann tú i gcoinne aon fhógra ar Luas, nó aon áit eile, is féidir leat gearrán a chur isteach le hÚdarás Caighdeán Fógraíochta na hÉireann anseo.

Spás Fógraíochta Nua a Fhorbairt ar Luas

Forbrófar aon spás fógraíochta nua de rogha Bhonneagar Iompair Éireann. Nuair atá sé ar fáil, is Clear Channel a dhéanfaidh bainistíocht ar aon spás fógraíochta atá ar fáil le bheith ar cíos ar an gcóras Luas faoi chonradh ag  Bonneagar Iompair Éireann.

Má tá spéis agat i spás fógraíochta nua a fhorbairt ag Luas téigh i dteagmháil le Clear Channel.Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar

https://www.clearchannel.ie/

Sampláil, Imeachtaí nó Promóisin ar Luas

Ní cheadaítear aon sampláil, imeachtaí ná promóisin ar Línte Dearg ná Glas Luas.

Ceadanna

Tá gach gníomhaíocht ar an gcóras Luas faoi réir faofa ceada ó Transdev Ireland (oibritheoir Luas).Ní mór ceadanna a fháil 15 lá oibre / 3 seachtaine oibre ar a laghad roimh aon rochtain bheartaithe ar an gcóras. Ní mór teastas árachais dliteanais phoiblí a bheith mar chuid den iarratas, mar aon le foirm comhlánaithe agus aon sonraí ábhartha eile; féach http://www.luas.ie/luas-permits chun Foirmeacha Iarratais Ceada a fháil. Bainfear aon duine nó cuideachta atá ag feidhmiú ar an gcóras Luas gan cead agus ionchúiseofar iad.

Fógraíocht Luas agus Bhonneagar Iompair Éireann.

Cuirtear aon fhógraíocht Luas agus Bhonneagar Iompair Éireann i bhfeidhm de réir Pleananna Fógraíochta ag úsáid meáin a roghnaítear go cúramach. Má tá meán nua ag teastáil uait nó má tá tú ag iarraidh go ndéanfaí d’fhoilseachán a chur san áireamh d’Fhógraíocht Luas, seol an t-eolas maidir le d’fhoilseachán nó do tháirge chuig [email protected]