Bíodh ciall agat. Ná déan loitiméireacht.
Ní dhéanann loitiméireacht maitheas do dhuine ar bith, féadfar go mbainfidh iarmhairtí míthaitneamhacha léi do phaisinéirí Luas eile nó do thramanna Luas agus cuirtear moill ar na seirbhísí dá bharr. Is í sábháilteacht ár bpaisinéirí an chloch is mó ar ár bpaidrín. Déanaimid ár seacht ndícheall le cinntiú go mbíonn turas sábháilte agus compordach ag cách. Is é an ní is lú agus is féidir linn a dhéanamh ná go gcinntímid nach ndéanaimid rudaí níos deacra do dhaoine eile.
Bíodh ciall agat, ná déan loitiméireacht.
Chomh maith leis an droch-chuma atá uirthi, is féidir le loitiméireacht dul i bhfeidhm go díreach ar dhaoine atá faoi mhíchumas, ar dhaoine a bhfuil lagú radhairc nó soghluaisteacht theoranta acu, ar dhaoine scothaosta, agus ar dhaoine atá ag taisteal le daoine óga.
Tá sé dainséarach gloine a bhriseadh ar an ardán nó ar thram, ní hamháin don té atá páirteach sa loitiméireacht ach do dhaoine eile atá i bhfoisceacht freisin. D'fhéadfaí go mbeadh tionchar tromchúiseach ag graifítí a chur ar phóstaeir stad nó comharthaí, iad a stróiceadh nó iad a bhaint anuas dúinne atá níos íogaire i dtaca le rudaí a bheith as ord, nó nach bhfuil in ann an t-eolas a chuardach ar líne. Ní féidir le gach duine fón cliste a úsáid le seiceáil cé acu an ndearnadh athruithe don seirbhís.
Iallach a chur ar dhaoine bugaí á iompar síos staighrí, mic léinn ar beag nach gcailleann siad scrúdaithe toisc gur scriosadh meaisíní ticéid nó Bailíochtóirí cártaí Leap, paisinéirí trí chéile toisc nach féidir leo athruithe ar an seirbhís a léamh ós rud é gur cheap duine éigin gur smaoineamh maith a bheadh ann póstaeir a tharraingt anuas... ar mhaith leat go dtarlódh sé seo do dhuine éigin a bhfuil aithne agat orthu?
Ba mhaith linn a chur i gcuimhne duit go bhfuil tú in ann cabhrú le loitiméireacht Luas a stopadh. Má fheiceann tú na gníomhartha loitiméireachta seo, ná lig do na daoine ciontacha éalú ó na hiarmhairtí.
Má fheiceann tú loitiméireacht ar bun ar stopanna Luas, tramanna nó staighrí gluaiseachta, nó má tá aithne agat ar dhuine éigin a ndearna amhlaidh, déan teagmháil linn le do thoil. Trí eachtraí a thuairisciú, beidh tú ag cabhrú linn loitiméireacht a stopadh le go gcinntítear go ndéileálfar le loitiméireacht agus le graifítí go pras.
Is féidir leat gníomh loitiméireachta a thuairisciú go discréideach i bhfíor-am ar thrí bhealach: trí úsáid a bhaint as Seirbhís Téacs Slándála Luas, tríd an aip Luas ag baint úsáide as an bhfeidhm 'Tuairisciú', nó trí sheirbhís teachtaireachtaí WhatsApp Luas. Más maith leat tuilleadh eolais a léamh, cliceáil anseo.
Mar mhalairt air sin, déan teagmháil le Seirbhís Custaiméirí Luas ag:
Uimhir theileafóin: 0818 300 604 Ríomhphost: info@luas.ie
X: @Luas
Facebook: @Luas