Dul ar an tram agus é a fhágáil2 riail shimplí
- Nuair atá tú ag dul ar bord tram, fan go bhfágfaidh daoine eile an Luas ar dtús agus ansin téigh ar bord: beidh sé níos éasca agus beidh níos mó spáis ann.
- Fan go bhfágann an tram an stop roimh na ráillí a thrasnú. Trasnaigh ag na pointí trasnaithe sainithe agus féach gach slí chun tramanna atá ag teacht a fheiceáil. D’fhéadfadh fón póca nó cluasáin d’aird a bhaint.
Ag Stopanna: Úsáid na boscaí bruscair atá ar fáil ag gach Stop le haghaidh do bhruscair.
Ar bord: Bíodh meas agat ar phaisinéirí eile
- Coinnítear suíochán do dhaoine aosta, do mhná atá ag iompar agus do phaisinéirí faoi mhíchumas. Cinntigh le do thoil go bhfuil siad ar fáil dóibh.
- Déan iarracht gan a bheith ag cur isteach ar phaisinéirí eile le do thoil. Coinnigh an fhuaim síos ar chluasáin. Má tá tú ag labhairt ar an bhfón, labhair go híseal.
Ar bord: Iompar tú féin i gceart
- Ná cuir do chosa ar na suíocháin agus iompar tú féin i gceart ar bord tramanna agus ag na Stopanna ar fad i gcónaí. Iarrfaidh foireann Luas ar aon phaisinéir atá ag cur isteach ar dhaoine eile maoin Luas a fhágáil.
- Ná bí ag ithe, ag ól agus ag caitheamh tobac lena n-áirítear toitíní leictreonacha ar bord an tram.
- Ní cheadaítear aon ainmhí ar bord seachas madraí treoracha.
- Má tá tú ar Luas gnóthach agus tá mála droma ort, cinntigh go mbaineann tú de do dhroim é ionas nach mbuaileann tú duine leis nuair a chasann tú timpeall nó nuair a chúlaíonn tú siar. Má éiríonn leat suíochán a fháil, smaoinigh ar dhaoine eile agus cuir an mála ar an urlár nó ar do ghlúine.
Is iad Fodhlíthe Luas a rialaíonn thaisteal agus úsáid Luas. Is coir é aon cheann de na Fodhlíthe a shárú. Más mian leat féachaint orthu, cliceáil anseo nó cuir glao ar Sheirbhís Custaiméara TFI ag 0818 294 015.