Bímid ag obair 24/7 chun an líonra Luas a choimeád ag rith
Is comhiarracht é an líonra Luas a rith le haghaidh chomaitéirí Bhaile Átha Cliath. Bíonn foirne díograiseacha ar fud na cathrach i gceist leis na hoibríochtaí agus an chothabháil laethúil a dhéanaimid chun Baile Átha Cliath a choimeád ag gluaiseacht, bíonn na foirne seo ag obair i gcomhar le chéile ag cinntiú go gcuirimid an tseirbhís is fearr ar fáil do na comaitéirí a bhíonn ag brath ar Luas gach lá.
Cad is cothabháil ann?
Cothabháil is ea obair atá ríthábhachtach maidir le hoibríochtaí an chórais Luas agus cinntítear go ndéanaimid seirbhís shábháilte, iontaofa a sholáthar d’ár gcustaiméirí. Tacaíonn ár bhfostaithe cothabhála lenár n-oibríochtaí agus ár bhfoirne tionscadail trí chinntiú go bhfuil gach cuid dár mbonneagar – amhail comharthaí agus soláthar cumhachta, nó áiseanna amhail ráillí agus ardáin – á chothabháil agus ag feidhmiú mar is ceart.
Bíonn obair gnáthchothabhála amhail glanadh bonneagair, nigh na n-ardán agus na ráillí, bainistíocht dramhaíola, scrúduithe ar an gcóras soláthair cumhachta agus deisiú solais ar siúl ar fud an chórais gach lá agus oíche sa bhliain.
Bíonn cothabháil throm bheartaithe amhail athsholáthar ráille, sacadh, meilt agus gearradh crann ar siúl istoíche go príomha mar éilítear leo sin nach mbeadh aon tramanna ag rith.
Bíonn oibreacha éigeandála amhail deisiú ráillí nó deisiú cábla lastuas ar siúl a luaithe agus is féidir chun leanúnachas seirbhíse a choinneáil. D’fhéadfadh sé seo tarlú istoíche nó i rith an lae.
Tuigimid go mbeidh tionchar ag obair chothabhála ort agus ar do chomharsana agus maidir le hobair chothabhála ghlórmhar, déanaimid bileoigín ‘Fógra maidir le hOibreacha Ráillí Luas’ a scaipeadh go díreach chuig cónaitheoirí in aice láimhe roimh ré nó cuirimid sonraí maidir leis na hoibreacha in airde ar shuíomh gréasáin an Luas. Maidir le hoibreacha éigeandála, seans nach mbeidh an deis fógra a scaipeadh sula dtugtar faoin obair.
Is mór againn d’fhoighne agus do thuiscint i gcónaí.
Féilire Oibreacha Beartaithe
Féach na sonraí maidir le limistéir ina mbeidh tionchar ag oibreacha ráille beartaithe orthu, lena n-áirítear an dáta agus an t-am a chuirfear tús leo agus a chuifear i gcrích iad agus na cineálacha oibreacha a thabharfar faoi.
Location Dates Times Type Balally Luas Stop Monday 3 March – Monday 5 May 2025 24/7 Essential Maintenance Works Bíonn glanadh na Stopanna Luas leanúnach agus ní chuirtear san áireamh é san fhaisnéis thuas.
Má tá ceisteanna agat maidir le hoibreacha Luas beartaithe téigh i dteagmháil le Seirbhís Custaiméara TFI ag 0818 294 015.