Luas agus Rothaíocht
Spreagtar úsáid comhtháite rothar agus tramanna i mBaile Átha Cliath ag Luas. Is bealach áisiúil, tapa agus inbhuanaithe é rothar agus tramanna comhtháite a bheith ag taisteal timpeall Bhaile Átha Cliath. Tá tairbhí breise acu ar do shláinte agus d’fholláine chomh maith.
Déan rothaíocht agus Luas a chur le chéile trí rothaíocht chuig stop Luas, do rothar a chur faoi ghlas chuig raca rothar agus léim ar thram chun do thuras a chríochnú.
Páirceáil Rothar Luas
Tá áiseanna páirceála rothar ag formhór na Stopanna Luas a bhfuil breis agus 380 spás páirceála rothar acu feadh na Línte Luas.
Is féidir leat do rothar a pháirceáil ag na stopanna seo a leanas:
Líne Uaine
Sráid Fhearchair:
|
20 raca rothar
|
Cill Mochuda:
|
10 raca rothar
|
Charlemont:
|
31 raca rothar
|
Stigh Lorgan:
|
15 raca rothar
|
Raghnallach:
|
16 raca rothar
|
Áth an Ghainimh:
|
37 raca rothar
|
Coill na Feá:
|
10 raca rothar
|
Gleann an Chairn:
|
12 raca rothar
|
Cowper:
|
13 raca rothar
|
An Eachrais:
|
5 raca rothar
|
Baile an Mhuilinn:
|
5 raca rothar
|
Gleann Bhaile na Lobhar:
|
10 raca rothar
|
Na Glasáin:
|
34 raca rothar
|
Coill Bhaile Uí Ógáin:
|
5 raca rothar
|
Dún Droma:
|
10 taisceadán rothar & 21 raca rothar
|
Carraig Mhaighin:
|
7 raca rothar
|
Info on Dundrum C+R:
|
Click anseo |
Gleann Bhríde:
|
2 raca rothar
|
Baile Amhlaoibh:
|
6 raca rothar
|
–
|
–
|
Líne Dhearg
Conghaile:
|
8 raca rothar
|
Coill an Rí:
|
8 raca rothar
|
Jervis:
|
3 raca rothar
|
Baile an Chócaigh:
|
4 raca rothar
|
Margadh na Feirme:
|
7 raca rothar
|
Tamhlacht:
|
2 raca rothar
|
Heuston:
|
4 raca rothar
|
Fothair Chardain:
|
10 raca rothar
|
Fatima:
|
14 raca rothar
|
Baile an tSíbhrigh:
|
10 raca rothar
|
Bóthar na Siúire:
|
5 raca rothar
|
Campas Gnó Iarthar na Cathrach:
|
5 raca rothar
|
An Droichead Órga:
|
5 raca rothar
|
Baile Uí Fhoirtcheirn:
|
12 raca rothar
|
An Cloigín Gorm:
|
4 raca rothar
|
Teach Sagard:
|
13 raca rothar
|
Chun fadhbanna do phaisinéirí Luas eile a sheachaint, go háirithe iad siúd faoi mhíchumas, ná húsáid ach na racaí rothar sainithe a soláthraítear amháin.
Tá 10 dtaisceadán rothair lonnaithe ar fáil chomh maith ag Saoráid Rothaíocht agus Taisteal Dhún Droma ar an Líne Luas Ghlas. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Taisceadán Rothar a fháil ar cíos cliceáil anseo.
Iompar Rothar Fillte
Is féidir rothair fillte, i gcás nó mála cosanta iompair a thabhairt ar thramanna Luas saor in aice.
Ba chóir do rothaithe cloígh leis na srianta agus treoirlínte seo a leanas maidir le rothair fillte a iompar;
- Ní mór do rothair fillte a bheith i gcás nó mála cosanta iompair
- Ní féidir le paisinéirí a bhfuil rothair fillte acu bac a chur ar dhoirse
- Ní féidir le paisinéirí a bhfuil rothair fillte acu bac a chur ar phasáistí
- Ní mór do phaisinéirí a bhfuil rothair fillte acu fanacht lena rothar fillte i gcónaí
- Iompraítear rothair fillte ar do phriacal féin
I gcás cur isteach seirbhíse nó oibreacha cothabhála a mbíonn tionchar acu ar sheirbhísí Luas glactar le rothair fillte de ghnáth ar sheirbhísí bus athsholáthair a bhíonn ag oibriú le Luas má tá sé lán, glactar leo i gcás nó mála curtha i dtaisce mar bhagáiste, faoi réir spás a bheith ann.
Iompar Rothar
Ní cheadaítear iompar rothar ar thramanna ag Luas. Tá dhá chúis ag baint leis seo:
- An chéad chúis is ea go nglacann rothair, seachas na cinn atá in ann filleadh, go leor spáis. Is féidir le tramanna éirí an-ghnóthach agus bíonn spás fíorghann. Bíonn go leor daoine ag taisteal linn a bhíonn i naíchóistí agus bíonn úsáideoirí a bhfuil lagú soghluaisteachta orthu i gcathaoir rotha mar sin ní bhíonn a dhóthain spáis againn chun cead a thabhairt do rothair a bheith ann chomh maith. Is minic a fhiafraítear dínn cén fáth nach gceadaítear rothair ag na “huaireanta seachbhuaice.” An chúis leis seo ná gur féidir le Luas a bheith gnóthach ag am ar bith. Bíonn go leor daoine á n-iompar againn go déanach sa tráthnóna agus nuair a bhíonn go leor imeachtaí agus ceolchoirmeacha ar siúl sa chathair. Éirímid an-ghnóthach ag an deireadh seachtaine chomh maith nuair a bhíonn imeachtaí spóirt ar siúl.
- An chúis eile ná nach bhfuil sé sábháilte. Níl aon áit ar bord an tram chun rothar a chur i dtaisce go slán. I gcás stop tobann nó imeacht ó stop go deimhin, d’fhéadfadh rothar titim ar phaisinéirí. An chúis nach ndéanaimid áiteanna a shuiteáil chun rothair a chur ar bord ná de bharr spáis arís, mar dá ndéanfaí amhlaidh ghlacfadh sé go leor spáis luachmhar ar ár bpaisinéirí.
Dublin Bikes agus Rothair a fháil ar Cíos i mBaile Átha Cliath
Tá seastáin Dublin Bikes lonnaithe gar do líon Stopanna Luas i lár na cathrach. Téigh chuig www.dublinbikes.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Tá líon gnólachtaí rothar neamhspleácha chomh maith a thairgeann rothair a fháil ar cíos gar do Stopanna Luas. Tá an fhaisnéis ar fáil go héasca ar an idirlíon.
Rothaíocht Shábháilte Timpeall Luas
Roinntear spásanna idir Luas agus rothaithe, coisithe agus tiománaithe ar fud an líonra Luas. Tá go leor bearta sábháilteachta i bhfeidhm chun rothaithe, coisithe agus tiománaithe a chosaint mar aon le tramanna Luas, tiománaithe agus paisinéirí. Tá an-oiliúint curtha ar thiománaithe Luas chomh maith chun sábháilteacht rothaithe, coisithe agus tiománaithe a chinntiú a oiread agus is féidir.
Roinneann rothaithe spás le tramanna Luas mar sin féach ‘Rothaíocht Shábháilte ar fud Luas‘ chun príomhfhaisnéis a fháil maidir leis an gcaoi ar féidir le rothaithe fanacht sábháilte nuair atá siad ag roinnt le tramanna Luas.
Tuilleadh faisnéise maidir le Rothaíocht agus Taisteal
- Freagraí ar na 10 gceist is coitianta maidir le Rothaíocht + Taisteal Luas
- Rothaíocht agus Taisteal Luas – Tús a chur leis
- Áiseanna Rothaíocht agus Taisteal Luas a Fheabhsú
Má bhíonn aon cheist agat téigh i dteagmháil le Seirbhís Custaiméara TFI trí ghlao a chur ar 0818 294 015 nó trí ríomhphost a chur chuig [email protected] chun tuilleadh faisnéise a fháil.