Skip to main content

Rialacha Sábháilteachta

Bí Sábháilte le Luas: Cuirtear fáilte roimh Luas i dtaobh fhorbairt Bhaile Átha Cliath. Cinntímis go mbímid ar fad sábháilte.

Gnéithe Sábháilteachta

Ag Stop an Tram

  • CCTV
  • Pointe Cúnaimh Éigeandála lonnaithe in aice leis an Meaisín Ticéid. Brúigh air agus labhair go díreach le seomra Rialála Luas.

Ar Bord Tram

  • CCTV
  • Cnaipe Éigeandála lonnaithe díreach in aice leis an doras. Brúigh air agus labhair go díreach le tiománaí an tram.
  • Lámh Éigeandála in aice an dorais. Nuair a tharraingítear an lámh seo cuirfear Stop leis an tram.
  • Pearsanra Slándála*
  • Oifigigh Cosanta Ioncaim Luas*
  • Tiománaí Tram

Is féidir íoslódálacha CCTV a iarradh ó Sheirbhís Custaiméara TFI ag 0818 294 015 agus [email protected].Tabhair faoi deara gur cheart iarratas a dhéanamh láithreach go háirithe má bhaineann sé le heachtra. An cineál faisnéise a bheidh riachtanach is ea suíomh, líne Luas agus dáta.
Leantar treoirlínte maidir le heisiúint CCTV de réir mar a leagtar amach sa reachtaíocht um chosaint sonraí agus i gcomhréir le dea-chleachtais.

*Ní bhíonn Foireann Slándála ná Gníomhaire Custaiméara Luas ar bord gach tram.

An chaoi le Tram a úsáid

  • Caithfidh tú ticéad bailí a bheith agat chun dul ar bord an tram.
  • Ná téigh ar bord an tram nó ná fág an tram nuair atá na doirse ag dúnadh
  • Bí feasach go bhfuil cnaipe/ lámh éigeandála ag gach tram ag an doras
  • Tá Pointí Cúnaimh Éigeandála ar gach ardán in aice na Meaisíní Díolta Ticéid
  • Beir greim ar ráillí láimhe agus tú ar an tram
  • Léirigh meas ar phaisinéirí eile
  • Tá CCTV ag gach tram agus Stop
  • Maidir le paisinéirí a mbíonn cathaoir rotha in úsáid acu agus paisinéirí a mbíonn bugaithe acu, úsáid na doirse dúbailte i lár an tram

Tiománaithe

  • Ná téigh sa seans riamh ag soilse oráiste. Ná bris solas tráchta dearg riamh.
  • Ná stop ar bhosca buí ar an mbóthar riamh.
  • Bí feasach maidir le haon ghluaisrothair agus rothaithe.
  • Ná cuir bac ar an trambhealach.
  • Féach ar dheis agus ar chlé agus tú ag casadh.

Coisithe agus Paisinéirí

  • Úsáid trasrianta sainithe chun trasnú.
  • Éist amach do bhonnáin agus cloigíní rabhaidh – d’fhéadfadh cluasáin agus fón póca cur isteach ort.
  • Féach gach treo roimh ráille a thrasnú.
  • Fan amach ó aon línte cumhachta lasnairde.
  • Cinntigh nach bhfuil tú i bhfolach ag carr páirceáilte nuair atá tú ag trasnú.
  • Bíonn ráillí tram sleamhain in aimsir fhliuch agus shioctha. Bí airdeallach.
  • Ná bí ag rothaíocht i lánaí tram.
  • Más gá duit na ráillí a thrasnú, déan chomh gar do dhronuillinn agus is féidir leat ionas nach rachaidh an roth i bhfostú sna ráillí Luas.
  • Úsáid lána rothaíochta i gcónaí nuair is féidir.
  • Cloígh le comharthaíocht tráchta bhóthair agus tram agus comharthaí bóthair.
  • Tóg roinnt ama chun FÉACHAINT AR DHEIS AGUS AR CHLÉ, agus éist amach do bhonnáin agus cloigíní rabhaidh ó thramanna atá ag teacht sula dtrasnaíonn tú.
  • Ullmhaigh tú féin chun trasnú i bhfad roimh ré agus tóg d’aimsir.
  • Tuirling agus trasnaigh na ráillí de shiúl na gcos más gá ar mhaithe do shábháilteachta
  • Bí airdeallach in aimsir fhliuch agus shioctha, is féidir leis an talamh agus na ráillí a bheith an-sleamhain.

Taisteal le Leanaí

  • Coimeád do leanaí gar duit
  • Beir greim láimhe leo, go háirithe agus sibh ag dul ar bord tram agus á fhágáil
  • Má tá tú ag taisteal le bugaí: téigh ar bord Luas ag an am céanna a bhfuil tú ag cur do bhugaí ar bord i gcónaí.

Limistéir shuíocháin do Theaghlaigh ar thramanna: Tá limistéir shuíocháin do Theaghlaigh ar bord. Iarr ar phaisinéirí go muinteartha ligean duit féin agus do theaghlach suí síos ionas go mbeidh sibh in ann fanacht le chéile.

Cad ar chóir duit a dhéanamh má chaileann tú do pháiste?

Má tá tú ag Stop Luas:

  • Téigh i dteagmháil le Seomra Rialála Luas trí bhrú ar an gcnaipe Éigeandála ag Stop (lonnaithe in aice le Meaisíní Díolta Ticéid).
  • Mínigh don Seomra Rialála Luas cén stop ag a bhfuil tú agus cén treo a bhfuil do leanbh ag taisteal.
  • Cinnteoidh foireann Luas go bhfuil tusa agus do leanbh ar ais le chéile chomh luath agus is féidir agus cuirfear ar an eolas tú mar gheall ar na céimeanna ar chóir a leanúint.

Tá tú ar bord Luas:

  • Téigh i dteagmháil leis an tiománaí Luas tríd an gCnaipe Éigeandála a bhrú ar bord.
  • Mínigh don tiománaí go bhfuil tú ar bord agus cén stop AG A BHFUIL do leanbh.
  • Cinnteoidh foireann Luas go bhfuil tusa agus do leanbh ar ais le chéile chomh luath agus is féidir agus cuirfear ar an eolas tú mar gheall ar na céimeanna ar chóir a leanúint.