Téarmaí agus Coinníollacha an tSUÍMH GRÉASÁI
Rochtain
- Tá rochtain ar shuíomh gréasáin Luas ag luas.ie agus a úsáid faoi rialú ag na Téarmaí agus Coinníollacha seo, Téarmaí agus Coinníollacha an tSuímh Gréasáin. Forchoimeádann Bonneagar Iompair Éireann (BIÉ) nó Transdev an ceart chun na Téarmaí agus Coinníollacha seo a athrú ag am ar bith trí athruithe a phostáil ar líne gan fógra a thabhairt. Tá tusa freagrach as athbhreithniú rialta a dhéanamh ar an bhfaisnéis a phostáiltear ar líne chun fógra tráthúil a fháil mar gheall ar athruithe dá leithéid mar beidh na Téarmaí agus Coinníollacha nuashonraithe i bhfeidhm ar an úsáid a bhaineann tú as an suíomh ina dhiaidh sin. Tarraingítear aird faoi leith ar na fógraí a bhaineann le cóipcheart agus trádmharc ar an leathanach seo mar aon leis an bPolasaí Príobháideachais. Mura nglacann tú leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo, ná húsáid an suíomh gréasáin seo.
- Cé go bhféachann Transdev le cinntiú go bhfuil an suíomh seo ar fáil 24 uair in aghaidh an lae de ghnáth, d’fhéadfaí rochtain ar an suíomh seo a chur ar fionraí go sealadach nó go buan gan fógra. Ní bheidh BIÉ faoi dhliteanas, mura bhfuil an suíomh gréasáin ar fáil ar chúis ar bith, ag am ar bith ná ar feadh tréimhse ar bith.
Séanadh
- Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis ar an suíomh cruinn, ní dhéanann BIÉ ná Transdev aon bharánta ná uiríoll, sainráite nó intuigthe, i ndáil le faisnéis agus ábhar den sórt sin. Tá sé mar aidhm ag na leathanaigh seo rochtain phoiblí ar fhaisnéis a chur chun cinn maidir le BIÉ agus cuirtear ar fáil iad mar threoir faisnéise ar bhonn “mar a fheictear é.”
- Ní bheidh Transdev ná BIÉ faoi dhliteanas i leith aon chaillteanas ná damáiste iarmhartach díreach nó indíreach (lena n-áirítear, gan teorainn, damáistí i leith caillteanais gnó nó caillteanais brabúis) a thagann chun cinn i leith conartha, torta nó seachas sin i leith úsáid an tsuímh seo nó éagumas é a úsáid, nó aon ábhar atá ann, nó i leith aon bheart nó cinneadh a dhéantar mar thoradh ar úsáid an tsuímh seo nó úsáid aon fhaisnéis nó ábhar den sórt sin.
- Tá ábhar ar chuid den suíomh seo a chuir tríú páirtithe isteach go Transdev. Tá tríú páirtithe freagrach as cinntiú go gcomhlíonann ábhair arna gcur isteach lena n-áireamh ar an suíomh seo dlí náisiúnta agus eachtrach ábhartha. Ní féidir le BIÉ ná Transdev cruinneas an ábhair seo a ráthú agus séantar go sainráite aon fhreagracht i leith earráide, easnaimh nó míchruinnis san ábhar, i leith mífhaisnéise agus aon chaillteanas nó gach caillteanas, díomá, faillí nó damáiste mar thoradh ar spleáchas ar an ábhar atá ar an suíomh seo nó aon mhainneachtain nó mhainneachtain líomhnaithe maidir le soláthar seirbhísí dá dtagraítear anseo, nó i gcás féimheachta, leachtaithe nó scoir aon chuideachta, duine nó gnólacht dá dtagraítear anseo. Ní mór dearbhú maidir le cruinneas agus luach maidir leis an bhfaisnéis a fháil ó na bunaíochtaí lena mbaineann.
- Ní thugann BIÉ ná Transdev barántas go bhfuil an suíomh seo ná an t-ábhar air saor ó víris nó fadhbanna agus níl BIÉ ná Transdev freagrach as aon dochair a dhéantar do do mhaoin mar thoradh ar an úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo.
Naisc
- Ní ghlacann BIÉ ná Transdev aon fhreagracht i leith ábhar aon suíomh ina bhfuil nasc hipirtéacs ann ón suíomh seo. Cuirtear naisc den sórt sin ar fáil ar mhaithe le d’éascaíocht ar bhonn “mar a fheictear é” gan aon baránta, sainráite nó intuigthe, i leith na faisnéise a sholáthraítear iontu.
Ginearálta
- I gcás ina gcinntear go bhfuil aon chinn de na Téarmaí agus Coinníollacha seo mídhleathach, neamhbhailí nó do-infheidhmithe ar bhealach eile, déanfar an Téarma (Téarmaí) nó Coinníoll (Coinníollacha) a scoitheadh agus a scriosadh ón gclásal lena bhaineann agus beidh na Téarmaí agus Coinníollacha fágtha fós ann, beidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht fós acu agus beidh siad ceangailteach agus in-fhorfheidhmithe fós.
- Beidh na Téarmaí agus Coinníollacha seo fós faoi rialú ag dlíthe na hÉireann agus forléirithe dá réir agus géilleann na páirtithe do dhlínse chúirteanna na hÉireann. É sin ráite, ní chuirfidh sin cosc ar BIÉ ná Transdev éileamh a shaothrú mar thoradh ar shárú conartha, sárú ar chóipcheart nó ar bhealach eile i leith na dTéarmaí agus Coinníollacha seo nó an suíomh seo nó aon dlínse eile.
- Tríd an suíomh seo a úsáid, ní phostálfaidh tú aon ráitis mhídhleathacha, mhímhorálta, chonspóideacha ná chlúmhillteacha in nó ar aon chuid den suíomh seo, nó ní phostálfaidh tú nó ní chuirfidh tú isteach aon ábhar a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le sárú ag BIÉ nó Transdev ar an dlí, reacht, treoir nó rialachán is infheidhme de réir lánrogha aonair BIÉ nó Transdev, d’fhéadfadh dochair a dhéanamh do cháilmheas nó clú BIÉ nó Transdev.
- Ní chuirfidh tú isteach ar ná ní dhéanfaidh tú iarracht cur isteach ar oibriú éifeachtúil an tsuímh seo (trí aon ghléas, bogearra nó gnáthamh a úsáid). Áirítear leis seo, le gníomh nó le faillí, ualach mór go díréireach nó trom a chur i bhfeidhm ar bhonneagar teicniúil an tsuímh seo (trí ollseoladh ríomhphoist, nó aon bhealach eile) ach gan bheith teoranta díbh.
Fógra Cóipchirt
Mura luafar a mhalairt, is le BIÉ an cóipcheart agus aon cheart eile i leith an ábhair ar fad ar an suíomh seo. Is ceadmhach sleachta a chló agus a íoslódáil ón suíomh seo ar an mbonn seo a leanas:
- Is ar mhaithe faisnéise agus úsáid phearsanta amháin é úsáid na ndoiciméid agus na ngrafaicí gaolmhara ar an suíomh seo.
- Féadfar úsáid a bhaint as aon chóip de na leathanaigh seo sábháladh chuig diosca nó aon mhodh stórála eile ach amháin chun féachaint orthu ina dhiaidh nó chun sleachta a chló le haghaidh úsáid phearsanta.
- Ní ceadmhach aon doiciméad nó grafaicí gaolmhara ar an suíomh seo a athrú ar aon bhealach.
- Ní ceadmhach grafaicí ar an suíomh seo a úsáid ar leithligh ón dtéacs a ghabhann leis.
- Ní ceadmhach aon chuid den suíomh seo a athchruthú nó a stóráil ar aon suíomh eile nó a chur san áireamh ar aon chóras nó seirbhís aisghabhála leictreonach poiblí nó príobháideach gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ó BIÉ.
Forchoimeádtar aon chearta nach bhforáiltear go sainráite sna Téarmaí agus Coinníollacha seo.
Fógra Trádmhairc
Is trádmharcanna, marcanna seirbhíse nó ainmneacha trádála de chuid BIÉ, a cheadúnóirí nó a chonraitheoirí iad gach ainm táirge, ainm múnla, sluán, lógó agus suaitheantas dá dtagraítear ar an suíomh seo, cé acu i gcló mór nó leis an tsiombail TM nó siombail trádmhairc (na “Marcanna”) atá siad le feiceáil, mar is cuí. Forchoimeádtar gach ceart sna Marcanna nó cearta a n-úsáid d’úsáideoirí. Ina theannta sin, ní ceadmhach úsáid nó mí-úsáid na Marcanna go sainráite gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ó BIÉ.
Ba chóir aon cheis nó cumarsáid i ndáil leis na Téarmaí agus Coinníollacha seo a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected].
AISEOLAS
Má tá aon mholtaí nó tuairimí agat maidir le suíomh gréasáin Luas seol ríomhphost chuig [email protected] nó scríobh chuig:
Seirbhísí Custaiméara TFI
Iosta Luas,
An Bhó Dhearg,
Cluain Dolcáin,
Baile Átha Cliath 22
D22 C5P3
© 2015 Transport Infrastructure Ireland. All Rights Reserved