Skip to main content

Seirbhís Téacs Luas – Téarmaí agus CCanna

Is seirbhís é Seirbhís Téacs SMS Luas (“Seirbhís Téacs Luas”) a thugann deis do chustaiméirí eachtra iompraíochta míshóisialta ar bord tramanna Luas agus ag stopanna Luas a thuairisciú go discréideach.

Úsáid Seirbhís Téacs Luas nuair a fheiceann tú eachtraí iompraíochta míshóisialta ar bord tram Luas nó ag stop Luas, eachtraí a chreideann tú ar chóir a thuairisciú chun ár n-eispéireas custaiméara foriomlán a fheabhsú.

Chun eachtraí a bhaineann le sábháilteacht a thuairisciú nó i gcás éigeandála tram, cuir fios ar 999 i gcónaí.

Seol an t-eocharfhocal “LUAS” i dtéacs, mar aon le do thuairisc maidir le hiompraíocht mhíshóisialta chuig 51444.

Tá sé tábhachtach go n-úsáideann tú an t-eocharfhocal “LUAS” mar is Seirbhís Téacs roinnte é an uimhir 51444 (féach thíos) nuair a úsáidtear “LUAS” cinntítear go ndíreofar an téacs orainne.

Chun eachtraí a bhaineann le sábháilteacht a thuairisciú nó i gcás éigeandála tram, cuir fios ar 999 i gcónaí.

Is iad seo a leanas roinnt Samplaí de chásanna éigeandála (ach gan a bheith teoranta dóibh):

  • Nuair a bhíonn saol duine i mbaol;
  • Nuair a bhíonn coir ar siúl ag an am;
  • Nuair a bhíonn duine gortaithe nó faoi bhagairt;
  • Nuair a bhíonn otharcharr ag teastáil go práinneach;
  • Má bhíonn tine.

Ba chóir iompraíocht mhíshóisialta a thuairisciú ag úsáid Seirbhís Téacs Luas. Tarlaíonn iompraíocht mhíshóisialta nuair a bhíonn duine ag gníomhú ar bhealach a mbíonn ciapadh i gceist do dhuine eile, nó a gcuireann imní suntasach nó leanúnach ar dhuine mar aon le heagla nó le himeaglú, nó a gcuireann isteach ar úsáid nó sásamh a maoin, seirbhísí Luas nó maoin Luas ar bhealach suntasach nó leanúnach.
Seo a leanas roinnt samplaí d’iompraíocht mhíshóisialta ar féidir a thuairisciú chuig Seirbhís Téacs Luas , ach gan a bheith teoranta dóibh, tocsaineacht phoiblí, iompar mí-ordúil, loitiméireacht nó iompraíocht dhrochídeach nó mhaslach.

I measc samplaí de théacsanna a bhféadfadh custaiméirí seoladh tríd Sheirbhís Téacs Luas chun iompraíocht mhíshóisialta a thuairisciú tá:

  • “Tá daoine ar an tram ag seinm ceol go hard agus ag ól alcóil.”
  • “Tá duine ar an tram ag luascadh ar an ráille lasnairde.”
  • “Tá daoine ag béiceadh go hard agus ag cur isteach ar dhaoine eile – táim míchompordach dá bharr.”

Chun eachtraí a bhaineann le sábháilteacht a thuairisciú nó i gcás éigeandála tram, cuir fios ar 999 i gcónaí.

Tá. Is féidir eachtraí a bhaineann le sábháilteacht a chur in iúl chuig Luas tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Brúigh ar an gcnaipe ag an bPointe Cúnaimh Éigeandála (PCÉ) lonnaithe ag an Stop Luas in aice leis an meaisín ticéid chun labhairt le Rialú Luas.
  • Brúigh ar an gcnaipe in aice leis an doras chun labhairt leis an tiománaí tram.
  • Tarraing an lámh éigeandála lonnaithe in aice le doras an tram chun stop a chur leis an tram Luas. Tabhair faoi deara go bhféadfadh paisinéirí Luas a bheith faoi réir fíneála de €2,000 as mí-úsáid a bhaint as an tseirbhís.

Chun eachtraí a bhaineann le sábháilteacht a thuairisciú nó i gcás éigeandála tram, cuir fios ar 999 i gcónaí.

Níor tugadh. Rinneadh Seirbhís Téacs Luas a dhearadh chun sásamh foriomlán custaiméirí a fheabhsú. Déanfar é seo a bhaint amach trí fhreagairt, nuair is féidir, d’eachtraí d’iompraíocht mhíshóisialta san fhíor-am.

Nuair a sheolann tú téacs “LUAS” chuig 51444, faigheann ár soláthraí seirbhíse, Neon Communications, an téacs (ar dtús), ansin seoltar ar aghaidh chuig Foireann Luas sainithe é nó cuirtear ar fáil dóibh é chun fiosrúchán a dhéanamh. (Tá sé seo i gcónaí faoi réir aon fhadhb líonra nó moill ama.)

  • Nuair a fhaightear do théacs, seolfar téacs uathoibrithe chugat ó Neon Communications chun comhairle a thabhairt duit gur ghá don téacs a bheith bainteach le hiompraíocht mhíshóisialta agus má bhaineann do théacs le heachtra sábháilteachta nó le héigeandáil, ba chóir fios a chur ar na Gardaí ag 999.
  • Má dhéanann do théacs iompraíocht mhíshóisialta a thuairisciú, déanfaidh foireann Luas an tuairisc a athbhreithniú agus leanfaidh siad prótacail chun gníomhartha a dhéanamh ag leanúint as an eachtra (lena n-áirítear leatsa, más gá).

Beidh a fhios agat má tá an téacs faighte mar tar éis do théacs a fháil, seolfar téacs uathoibrithe chugat chun comhairle a chur ort faoi do théacs agus má bhaineann sé le heachtra sábháilteachta nó le cás éigeandála gur cheart fios a chur ar na Gardaí ag 999.

Ní gá duit fanacht ar an tram Luas nó ag stop le cinntiú go bhfuil freagairt i leith an ábhair a ardaíodh. Freagrófar do gach teachtaireacht a bhaineann le hiompraíocht mhíshóisialta de réir phrótacail Luas.

Ní féidir. Ní dhéanfaidh foireann Luas ach ceisteanna a bhaineann le hiompraíocht mhíshóisialta a athbhreithniú.

Is féidir ceisteanna custaiméara, tráchtanna, ceisteanna agus gearráin a chur in iúl chuig Seirbhís Custaiméara Luas trí na modhanna seo a leanas:

  1. Ríomhphost: [email protected]
  2. Cuir Glao orainn: Ar fáil Luan go hAoine idir 7 a.m. agus 7 p.m., Dé Sathairn dir 8 a.m. – 6 p.m., Dé Domhnaigh agus Saoirí Bainc idir 10 a.m. – 6 p.m. ag 0818 294 015.
  3. X: @Luas
  4. Trí Phost: Seirbhísí Custaiméara TFI, Iosta Luas, An Bhó Dhearg, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22, D22 C5P3

Ní úsáidfear. Is córas tuairiscithe é Seirbhís Téacs Luas. Beidh faisnéis maidir le cur isteach Luas ar fáil ó Thaispeáintí Faisnéise Luas ag stopanna, trí fhógraí tram ar bord, trí @Luas ar X, ag Luas.ie. ar AA Roadwatch agus ar chraoltaí meán.

Bíonn Seirbhís Téacs Luas ag feidhmiú le linn uaireanta oibriúcháin Luas.

Tá. Bíonn ar an gcustaiméir atá ag seoladh téacs chuig Luas íoc as costas an téacs.

Braitheann an ráta teachtaireachta ar oibritheoir móibíleach an úsáideora agus an praghasphlean áirithe lena bhfuil siad cláraithe.

Chun faisnéis a fháil mar gheall ar an ráta caighdeánach teachtaireachta, téigh i dteagmháil le d’oibritheoir móibíleach.

Tá 155 Carachtar i gceist le téacs caighdeánach.

Níl Seirbhís Téacs Luas saor in aisce mar moladh do Luas dá mba sheirbhís shaor í go bhféadfaí níos mó téacsanna bréagacha / neamhfhíorúla a fháil mar thoradh.

Tá sé mar aidhm ag Seirbhís Téacs Luas eispéireas custaiméirí a fheabhsú agus gan cur isteach ar sheirbhís Luas a bheith ag plé le téacsanna bréagacha.

Ní dhéanfar do shonraí pearsanta a fuarthas ón téacs a nochtadh chuig foireann Luas (seachas iad siúd atá sainithe chun an tseirbhís sin a oibriú) ná chuig tríú páirtithe. An aidhm a bhaineann le Seirbhís Téacs Luas ná chun fáilte a chur roimh chustaiméirí téacs a sheoladh go discréideach chun aon iompraíocht mhíshóisialta a thuairisciú.

É sin ráite, is Luas a dhéanann maoirseacht ar iompraíocht mhíshóisialta ar an Luas agus ag stopanna ag úsáid CCTV. D’fheadfaimis taifid CCTV a sheiceáil maidir le haon eachtra a thuairiscítear dúinn trí Sheirbhís Téacs Luas agus d’fhéadfadh taifid duitse a bheith ann, agus d’fhéadfaí tú a aithint uaidh sin.

Braitheann sé sin ar chineál na heachtra, d’fhéadfadh go n-éileofaí ar Luas d’fhaisnéis a thabhairt chuid na Gardaí go háirithe má tá Gardaí ag fiosrú gníomhaíocht choiriúil ar an Luas nó ag stopanna Luas agus gur fhinné thú maidir le déanamh coire.

Bítear ag súil go gcloífidh gach paisinéir leis na Fodhlíthe Iarnróid Éadroim (Taisteal a Rialáil agus Úsáid), 2015. Cuirtear cosc ar an méid seo a leanas ag na Fodhlíthe:

(a) gníomhú bhealach atá drochídeach, bagrach nó ionsaitheach i leith aon duine eile;

(b) gníomhú ar bhealach a chuireann isteach ar aon duine nó atá contúirteach i leith aon duine;

(c) Aon teanga bhagrach, gháirsiúil nó mhaslach a úsáid nó aon ghotha bagrach, gáirsiúil nó maslach a dhéanamh

(d) Fáil réidh le haon bhruscair a seachas sa choimeádán a soláthraíodh chun na críche sin;

(e) Scríobh ar fheithicil iarnróid éadroim nó ar iarnród éadrom nó é a scríobadh, é a dhó, nó péinteáil air nó aon rud a ghreamú chuig feithicil iarnróid éadroim nó iarnród éadrom.

(f) Dochar a dhéanamh nó iarracht dochar a dhéanamh chuig aon chuid d’fheithicil iarnróid éadroim nó iarnród éadrom nó maoin aon duine atá air;

(g) feithicil iarnróid éadroim nó iarnród éadrom nó maoin aon duine atá air a shalú;

(h) Aon rud a chaitheamh nó seile a chaitheamh in, ar nó ag feithicil iarnróid éadroim nó iarnród éadrom;

(i) A Bheith ar meisce (taobh istigh den sainmhíniú a thugtar in alt 4 An tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí), 1994, (Uimh 2 de 1994) nó aon bhuidéal nó coimeádán oscailte de dheoch meisciúil nó druga rialaithe a bheith i do sheilbh (taobh istigh den sainmhíniú a thugtar in alt 2 den Acht um Mí-Úsáid Drugaí. 1977 (Uimh 12 de 19));

(j) Aon ghunna, scian nó gaireas pléascach nó aon arm nó earra contúirteach eile a bheith i do sheilbh

(k) Aon toitín, todóg nó píoba a chaitheamh, nó aon ábhar lasta a bheith i do sheilbh nó aon gléas ionanálaithe nicitín nó toitín leictreonach a úsáid;

(I) Clár scátála, lann rollála, scáta rollála nó aon rud dá leithéid a úsáid;

(m) Aon bhagáiste, earraí nó maoin a fhágáil gan duine ina mbun;

(n) Doras feithicil iarnróid éadroim a oscailt nó dul ar bord feithicil iarnróid éadroim nó í a fhágáil in aon áit seachas an ceann atá sainithe ag an oibritheoir mar áit ar féidir le paisinéirí dul ar bord feithicil iarnróid éadroim nó í a fhágáil agus nuair atá an fheithicil iarnróid éadroim ina stad;

(o) Dul ar bord feithicil iarnróid éadroim nó í a fhágáil nó iarracht amhlaidh a dhéanamh nuair a bhíonn tonn rabhaidh ar siúl a léiríonn go bhfuil doirse na feithicle iarnróid éadroim ar tí dúnadh

(p) Dul ar bord feithicil iarnróid éadroim nó í a fhágáil nó iarracht amhlaidh a dhéanamh nuair nach bhfuil sé sábháilte é sin a dhéanamh; lena n-áirítear nuair atá an fheithicil go hiomlán lán;

(q) Dul ar bord feithicil iarnróid éadroim nó í a fhágáil nó iarracht amhlaidh a dhéanamh le rothar seachas sa chás ina bhfuil sé fillte agus ina chás;

(r) Dul isteach chuig feithicil iarnróid éadroim nó iarracht amhlaidh a dhéanamh in aon chuid d’fheithicil iarnróid éadroim nár dearadh d’úsáid custaiméirí;

(s) Scuaine a dhéanamh ar bhealach mí-ordúil;

(t) Cur isteach ar an tiománaí nó iarracht amhlaidh a dhéanamhar ar thiománaí feithicle iarnróid éadroim gan cúis réasúnta agus suntasach;

(u) Aon rud a chur ar fheithicil iarnóid éadroim ar bhealach atá ina chontúirt nó a bhféadfadh a bheith ina chontúirt don saol ná don tsláinte, d’oibriúchán agus cothabháil feithicle iarnróid éadroim nó iarnróid éadroim, nó seachas sin a chuirfeadh isteach ar oibriúchán ceart feithicle iarnróid éadroim nó iarnróid éadroim;

 

Anuas air sin, cuirtear coisc ar an méid seo a leanas ag Fodhlíthe Luas seachas sa chás a thug oibritheoir nó duine thar ceann an oibritheora cead amhlaidh a dhéanamh:

(a) Aon bhileoigín, póstaer, fógra, nuachtán saor in aisce nó doiciméad eile a dháileadh ná a chur ar taispeáint

(b) Déirce, luíocht, custam nó fostaíocht a lorg nó a iarraidh nó mangaireacht a dhéanamh.

(c) Aon earra nó seirbhís a dhíol nó díolachán a thairiscint;

(d) Canadh nó seinm le huirlisí ceoil nó gan cheann nó le trealamh eile

(e) Aon raidió nó teilifís nó aon chineál trealamh a úsáid chun fuaim nó íomhánna a athsheinm chun cur isteach ar aon duine eile

(f) Aon chineál cearrbhachais a bheith i do sheilbh agat;

(g) Aon ainmhí a bheith i do sheilbh (seachas madra treorach nó madra teiripe Peata);

(h) Síománaíocht nó fanacht ar iarnród éadrom gan cúis réasúnta ná leordhóthanach;

(i) Aon chruinniú poiblí nó agóid a stiúradh nó páirt a ghlacadh ann

Ní shamhlaímid go gcuirfí stop le seirbhís Luas má thuairiscíonn duine iompraíocht mhíshóisialta.

É sin ráite, i gcás éigeandála nó eachtra a bhaineann le sábháilteacht, leanfaidh an Luas gnáthphrotacáil agus d’fhéadfadh cur isteach a bheith i gceist le seirbhís nó seirbhísí.

Baileofar d’uimhir fóin agus an téacs a sheol tú agus próiseálfaidh Transdev (mar oibritheir Sheirbhís Iarnróid Éadroim Luas i mBaile Cliath) agus ár bpróiseálaí sonraí, Neon Communication iad. Nuair a fhaightear téacs trí Sheirbhís Téacs Luas, féadfaidh Transdev taifid CCTV ar an tram nó ag an stop a sheiceáil maidir leis an am a tuairiscíodh an eachtra, agus d’fhéadfadh go mbeadh taifid duitse agus d’fhéadfaí tú a aithint uaidh sin (mar aon le custaiméirí ag stopanna Luas agus ag taisteal ar Luas ag an am a tuairiscíodh an eachtra agus an duine / na daoine a líomhnaítear go bhfuil siad freagrach as an iompraíocht mhíshóisialta.

Maidir le gach téacs a fhaighimid, seachas sa chás a éilítear orainn na sonraí pearsanta a choinneáil chun críocha dlíthiúla (mar shampla chun deis a thabhairt do na Gardaí ciontaí coiriúla a fhiosrú agus chun teagmháil a dhéanamh leat mar fhinné nó mar fhianaise d’ár n-árachóirí nó mar chuid d’éilimh shibhialta uainne) scriosfar an teachtaireacht agus d’uimhir ag deireadh na chéad mhíosa eile ónar seoladh an téacs. De rogha air sin, coimeádfar an uimhir mar aon leis an téacs go dtí go molann na Gardaí, ár n-árachóirí nó ár gcomhairleoirí dlíthiúla nach gá dúinn na sonraí a choinneáil a thuilleadh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le próiseáil ár bhfaisnéis pearsanta mar chuid de Sheirbhís Téacs Luas, féach ár mBeartas Príobháideachta ar fáil ag www.luas.ie.

An aidhm a bhaineann leis an bpróiseáil seo ná chun cur ar chumas Transdev iompraíocht mhíshóisialta ar an Luas nó ag na stopanna Luas a rianú agus déileáil go cuí leis nó chun dochar do mhaoin a rianú agus déileáil go cuí leis.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le próiseáil ár bhfaisnéis pearsanta mar chuid de Sheirbhís Téacs Luas, féach ár mBeartas Príobháideachta ar fáil ag https://www.luas.ie/fogra-priobhaideachta/?lang=ga

Tá bonn dlíthiúla maidir le próiseáil an téacs agus uimhir fóin de réir toiliú de bhua na húsáide a bhaintear as Seirbhís Téacs Luas. Tá tuilleadh próiseála maidir leis an bhfaisnéis seo agus faisnéis eile a bhaineann leis an eachtra a tuairiscíodh (lena n-áirítear taifid CCTV, más gá) de réir ár leasanna dlisteanacha chun iompraíocht mhíshóisialta ar an Luas nó ag na stopanna Luas a rianú agus déileáil go cuí leis nó chun dochar do mhaoin a rianú agus déileáil go cuí leis.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir lenár bpróiseáil de d’fhaisnéis phearsanta mar chuid de Sheirbhís Téacs Luas, féach ár mBeartas Príobháideachta ar fáil ag www.luas.ie.

Tabhair faoi deara, go ndéanfar sonraí a phróiseáil ar bhealach dleathach, comhionann agus trédhearcach i gcónaí de réir na reachtaíochta cuí um chosaint sonraí.

Gheobhaidh ár soláthraí seirbhíse téacs, Neon Communication Solutions Limited, do shonraí chun cuidiú linn maidir le hoibriú Sheirbhís Téacs Luas.

Ag brath ar chineál na heachtra, d’fhéadfadh go gceanglófaí ar Luas do shonraí a chur ar aghaidh chuig na Gardaí, go háirithe má bhíonn na Gardaí ag fiosrú gníomhaíocht choiriúil ar Luas (nó ag stopanna Luas) agus is finné thú maidir le déanamh coire.

Anuas air sin, d’fhéadfadh go mbeadh orainn d’fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig ár n-árachóirí nó comhairleoirí dlíthiúla mar chuid d’aon éileamh i ndáil leis an eachtra a tuairiscíodh.

Tá an ceart agat faisnéis a bheith agat mar gheall ar do shonraí pearsanta agus rochtain a bheith agat orthu (ar leithligh) agus i gcásanna áirithe go ndéanfaí do shonraí pearsanta a cheartú nó a scriosadh, “go ndéanfaí dearmad ar do shonraí pearsanta”, chun cur i gcoinne próiseáil (lena n-áirítear próifíliú), cearta i gcoinne cinnteoireachta uathoibrithe agus cearta maidir le hiniomparthacht sonraí.

Téigh i dteagmháil linn i scríbhinn má theastaíonn uait aon cheann de na cearta sin a chleachtadh, is fearr é a dhéanamh i scríbhinn chuig [email protected].

Ní úsáidfidh. Ní roinnfidh Luas d’fhaisnéis phearsanta le tríú páirtithe, seachas sa chás go mbíonn sé riachtanach chun dul i ngleic leis an bhfaisnéis atá i do théacs trí Sheirbhís Téacs Luas sna Téarmaí agus CCanna seo agus inár mBeartas Príobháideachta.

Féadfaidh Luas faisnéis custaiméara a roinnt ar fud eintiteas agus cuideachtaí gnó a bhíonn ag obair ar ár son. Ní úsáidfear an fhaisnéis a sholáthraíonn tú mar chuid de Sheirbhís Téacs Luas chun críocha margaíochta a bhaineann leatsa, áfach.

De réir mar a sainaithnítear sna Téarmaí agus CCanna seo, téann Luas i gconradh le soláthraithe seirbhíse tríú páirtí chun cuidiú le Seirbhís Téacs Luas. Éilítear ar ár soláthraithe seirbhíse an fhaisnéis a fhaightear ar son Luas a choinneáil faoi rún agus ní cheadaítear dóibh an fhaisnéis a úsáid chun críocha eile seachas na seirbhísí a chuireann siad ar fáil do Luas. Féadfaidh na soláthraithe seirbhíse seo athrú nó d’fhéadfaimis imeacht i gconradh le soláthraithe seirbhíse breise chun freastal níos fearr ar ár gcustaiméirí.

Ní ghlacann Luas, thar a ceann féin agus thar ceann aon chonraitheoir, fochonraitheoir, gníomhaire nó comhpháirtí Luas, le haon fhreagracht as aon chliseadh nó mífheidhmiú nó aon fhadhb eile in aon líonra, córas, friothálaí, soláthraí nó eile ina bhféadfadh téacs a sheoltar tríd an Seirbhís a chailleadh nó a bheith seolta nó faighte go míchruinn nó freagra tugtha air.

Leis seo, tarscaoileann custaiméirí agus úsáideoirí eile na Seirbhíse aon éileamh ar bith i gcoinne Luas as dliteanas, caillteanas, costas agus dochar ar bith a eascraíonn as aon fhadhb dá leithéid nó a eascraíonn mar thoradh ar úsáid na Seirbhíse nó i ndáil léi.

Leagtar amach ár mbeartas úsáide thíos.

Níor chóir Seirbhís Téacs Luas a úsáid ach amháin chun fíor-eachtraí d’iompraíocht mhíshóisialta ar bord tram Luas nó ag stop Luas a thuairisciú.

Forchoimeádann Luas an ceart chun bac a chur ar duine agus roinnt teachtaireachtaí (nó iad ar fad) a sheoltar chuig Luas ó uimhreacha fóin ina sheoltar teachtaireachtaí a mheastar atá bagrach, drochídeach nó maslach. I gcásanna a chuirtear bac i bhfeidhm, leanfar ar aghaidh ag gearradh táille ar na téacsanna ag na hoibritheoirí líonra ach ní rachaidh na téacsanna sin chuig Luas le haghaidh athbhreithnithe.

Mar chuid den phróiseas seo, seolfaidh Luas téacs chuig uimhir fóin as a bhfuil an téacs (na téacsanna) bagrach, drochídeach nó maslach ag teacht, iarrfar ar an seoltóir stop agus scoir ó theachtaireachtaí den chineál seo a sheoladh amach anseo agus cuirfear ar an eolas iad, mura ndéantar amhlaidh go gcuirfear bac i bhfeidhm agus ní rachaidh a dteachtaireachtaí chuig Luas a thuilleadh le haghaidh athbhreithnithe agus sonrófar, in ainneoin seo, go leanfaidh oibritheoirí líonra orthu ag gearradh costais as na teachtaireachtaí sin.

I gcás a leanfar ar aghaidh ag seoladh teachtaireachtaí bagrach, drochídeacha agus maslacha ón bhfón móibíleach i gceist, seolfaidh Luas téacs amháin eile chuig an uimhir chiontach ag dearbhú go gcuireadh an bac i bhfeidhm.

Is cinneadh críochnaitheach é Luas maidir le baic theachtaireachtaí agus fad na mbac sin agus ní rachfar isteach in aon chomhfhreagras.

Áit a mheastar a bhfuil sé cuí, forchoimeádann Luas an ceart sonraí seolteora agus teachtaireachta a chur ar aghaidh chuig na húdaráis chuí le haghaidh fiosrúcháin agus gníomhaíocht leantach.

Úsáidimid an uimhir 51444 d’ár uimhir téacs. Soláthraítear an uimhir seo dúinn ag Neon Communications. Baineann seirbhísí eile úsáid as an uimhir 51444, rud a chaillaíonn gur uimhir roinnte í.

Tríd an eocharfhocal “LUAS” a úsáid i do théacs, áfach, sainítear go mbaineann do théacs le Seirbhís Téacs Luas agus ciallaíonn sé go bhfuil do théacs spriocdhírithe orainne (agus go sonrach chuig foirne Neon Communications agus Luas a dhéanfaidh athbhreithniú air agus a dhéanfaidh beart ina leith.)