Tugaimid tús áite do do shábháilteacht phearsanta, táimid i gcónaí ag iarraidh slándáil Luas a fheabhsú le do chabhair.
Má fheiceann tú iompraíocht fhrithshóisialta ar bord Luas nó ag ardán is féidir é a thuairisciú ar thrí bhealach.
- Seirbhís téacs SMS Luas.
- Aip Luas tríd an bhfeidhm “Report” a úsáid.
- Seirbhís teachtaireachta WhatsApp Luas
Is córas iompar sábháilte, minic, glan agus iontaofa é Luas. De réir mar a mhéadaíonn líon na bpaisinéirí, agus 37.6 milliún turas custaiméara anuraidh, bímid ag obair go dian dícheallach leatsa chun é a choinneáil mar sin.
Do Shábháilteacht Phearsanta
Ba mhaith linn go mothófá sábháilte ar do thurais linn. Is iad seo a leanas na tacaíochtaí atá i bhfeidhm duitse:
- Seirbhís téacs SMS Luas – seol téacs chuig 51444 chun aon iompraíocht fhrithshóisialta a thuairisciú
- Aip Luas tríd an bhfeidhm “Report” a úsáid
- Seirbhís teachtaireachta WhatsApp Luas – seol “Hi” chuig 087 055 5715
- Gléis Idirchumarsáide Chúnaimh – Ar an Tram (labhair leis an Tiománaí) agus Ag an Stop (labhair le hIonad Rialála Luas)
- CCTV – Ar an Tram agus Ag an Stop
- Foireann*- Tiománaithe, Slándáil Luas agus Cosaint Ioncaim
- Seirbhís Custaiméara TFI* – 0818 300 604, Seol Ríomhphost [email protected], Seol Teachtaireacht @Luas Facebook nó Seol Teachtaireacht @Luas X
- Ionad Rialála Luas – Monatóireacht CCTV, Freagairt Eachtraí agus Bainistíocht Slándála
- Seirbhísí Éigeandála – cuir glao ar 999 / 112 i gcónaí i gcás éigeandála
*Uaireanta Sheirbhís Custaiméara TFI ná Luan go hAoine 7 a.m.- 7p.m., Dé Sathairn 8a.m.-6p.m., Dé Domhnaigh agus Saoirí Bainc 10a.m.-6p.m.
*Níl foireann Luas agus Slándáil Luas i láthair ar gach tram. Tá Gléis Idirchumarsáide Chúnaimh lonnaithe in aice le doirse na dtramanna ag gach stop Luas.
Seirbhís téacs SMS Luas
Chun iompraíocht fhrithshóisialta a thuairisciú, seol “LUAS” chuig 51444 le huimhir an tram agus do shuíomh. Cuir ráiteas gonta leis maidir leis an eachtra agus déanfaimid an chuid eile.
Bíonn rátaí caighdeánacha i bhfeidhm, ní mór do gach téacs a bheith 155 carachtar nó níos lú. Chun téarmaí agus coinníollacha a fháil téigh chuig an leathanach seo https://www.luas.ie/seirbhis-teacs-luas-tearmai-agus-ccanna/?lang=ga
Aip Luas
Déan an Aip Luas a íoslódáil atá ar fáil saor in aisce ar shiopaí Apple App agus Google Play .
Seirbhís teachtaireachta WhatsApp Luas
Oscail WhatsApp ar d’fhón póca (nó déan é a íoslódáil ó shiopaí Apple App agus Google Play ) Cuir Luas 087 055 57155 le do Theagmhálaithe.
Scríobh “Hi” chun tús a chur leis an gcomhrá.
Gléis Idirchumarsáide Chúnaimh
Cad é an chaoi le cúnamh a lorg ar an ardán?
Is féidir leat an Gléas Idirchumarsáide Éigeandála a úsáid atá lonnaithe ag Meaisín Díola na dTicéad
Freagróidh Ionad Rialála Luas do ghlao. Tá forléargas aige ar an gcóras Luas trí CCTV.
Chun cúnamh a fháil:
- Aimsigh an Gléas Idirchumarsáide Éigeandála
- Brúigh ar an gcnaipe mór dearg uair amháin
- Fan ar fhreagra agus ansin mínigh an scéal don Ionad Rialála Luas
- Má tá cúnamh ag teastáil uait is féidir leat glao a chur ar Sheirbhís Custaiméara TFI chomh maith ag 0818 294 015*
Cad é an chaoi le cúnamh a lorg ar bord?
Is féidir leat an Gléas Idirchumarsáide Éigeandála a úsáid ar an Tram atá lonnaithe ag doras an tram
Beidh tú in ann labhairt go díreach leis an tiománaí atá ceangailte le hIonad Rialála Luas chomh maith
Chun cabhair a fháil:
- Aimsigh an Gléas Idirchumarsáide Éigeandála atá lonnaithe in aice leis an doras
- Brúigh ar an gcnaipe mór bán uair amháin
- Fan ar fhreagra agus mínigh an scéal don Tiománaí atá ceangailte le hIonad Rialála Luas chomh maith ag 0818 294 015*
CCTV
Tá CCTV i láthair ar fud an chórais Luas, Ar an Tram agus Ag an Stop
Is féidir íoslódálacha CCTV a iarraidh ón nGarda Síochána. Tabhair faoi deara go gcaithfidh iarratas a dhéanamh láithreach má bhaineann sé le heachtra.
Is é seo a leanas an fhaisnéis a bhíonn uainn chun iarratas a phróiseáil: ainm an stop, dáta, am agus (más féidir) uimhir an tram.
Leantar treoirlíne agus CCTV á eisiúint de réir mar a leagtar amach sa reachtaíocht um chosaint sonraí agus tá sé i gcomhréir le dea-chleachtas.
Foireann
Is féidir leat labhairt le foireann atá i láthair ar bord Luas nó ag ardáin.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le tiománaithe tríd an nGléas Idirchumarsáide Éigeandála a bhrú in aice le doirse an tram. Tabhair faoi deara go mbíonn fíneálacha i bhfeidhm le haghaidh úsáid mhícheart.
Imscartar slándáil Luas Ar an Tram agus Ag an Stop chun do shábháilteacht a chinntiú.
Imscartar Gníomhairí Custaiméara chomh maith Ar an Tram agus Ag an Stop. Labhair le haon ball foirne i gcás a mbíonn eachtra.
Seirbhís Custaiméara TFI
Labhair le Seirbhís Custaiméara Luas, Luan go hAoine 7 a.m.- 7p.m., Dé Sathairn 8 a.m. – 6 p.m., Dé Domhnaigh agus Saoirí Bainc 10 a.m.- 6 p.m.Tá gléas freagartha ann do thaobh amuigh d’uaireanta gnó.
Is féidir leat ríomhphost a chur chugainn chomh maith ag [email protected] nó tríd an bhfoirm seo ar líne le linn uaireanta taobh amuigh d’uaireanta gnó.
Chun an t-eolas ar fad a fháil faoi Sheirbhís Custaiméara Luas féach an leathanach seo.
Ionad Rialála Luas
Tá forléargas ag Ionad Rialála Luas ar an gcóras Luas iomlán. Áirítear leis sin maoirseacht CCTV agus faisnéis fíor-ama maidir le tramanna. Déanann sé bainistíocht ar fhreagairt eachtraí agus Slándáil Luas.
Seirbhísí Éigeandála
I gcás éigeandála, cuir fios ar na seirbhísí éigeandála ag 999 nó 112.