Skip to main content

Téarmaí agus Coinníollacha Chlós Páirceála Luas

  1. Rialaitheoir Páirceála, Seirbhís do Chustaiméirí TFI, Íosghlao 0818 294 015.
  2. Oibritheoir Clampála, APCOA, Glaoch ar: 0818 432 899.
  3. Clós páirceála íoctha 24/7.
  4. D’fhéadfaí d’fheithicil a chlampáil má íoctar as páirceáil le cláruimhir feithicle mhícheart.
  5. Íoc as an bpáirceáil sula dtéann tú ar bord an tram ag Meaisíní Ticéid Luas nó tríd an aip APCOA Connect.
  6. Spásanna páirceála do Chustaiméirí Luas amháin.
  7. Tá sé éigeantach do chláruimhir feithicle cheart a chur isteach nó d’fhéadfaí d’fheithicil a chlampáil.
  8. Ní mór duit Ticéad Luas bailí, Cárta Seirbhísí Poiblí bailí a bhfuil Saorthaisteal aige, Pas Taistil bailí nó Cárta Leap agus Ticéad Páirceála bailíochtaithe a chur ar fáil don Oibritheoir Clampála má iarrtar ort roimh an gclós páirceála Luas a fhágáil nó beidh tú faoi réir tháille custaiméara neamh-Luas de €45.00.
  9. Ní dhearbhaíonn íocaíocht as páirceáil go bhfaighidh tú spás páirceála.
  10. Déan d’fheithicil a pháirceáil i mbánna uimhrithe marcáilte amháin. Coinnítear na bánna páirceála míchumais do shealbhóirí cead/ cárta páirceála bailí do dhaoine faoi mhíchumas.
  11. Is féidir le shealbhóirí cead/ cárta páirceála bailí do dhaoine faoi mhíchumas páirceáil sna bánna páirceála saor in aisce. Ní mór do chead/ cárta páirceála bailí duine faoi mhíchumas a bheith le feiceáil go soiléir i d’fheithicil i gcónaí.
  12. Tá clampáil agus athlonnú i bhfeidhm i gcomhréir le Rannóg 7 d’Fhodhlíthe Luas agus leis an Acht um Theanntáil Feithiclí.
  13. Tá táillí clampála iníoctha má dhéantar d’fheithicil a chlampáil. D’fhéadfadh go mbeadh táillí athlonnaithe agus táillí stórála feithicle iníoctha sa chás go mbainfí d’fheithicil, féach https://www.luas.ie/pairceail-charr/?lang=ga chun sonraí a fháil.
  14. Tá páirceáil i gclóis pháirceála Pháirceáil agus Taisteal Luas faoi réir Fhodhlíthe Luas agus na Téarmaí agus Coinníollacha Chlós Páirceála Luas seo.
  15. Mura nglacann tú leis na Téarmaí agus Coinníollacha Chlós Pairceála Luas seo agus le Fodhlíthe Luas infheidhme do chlóis pháirceála Pháirceáil agus Taisteal Luas, is féidir leat fágáil láithreach gan táille  a thabhú.
  16. Baineann úsáideoirí clóis pháirceála Pháirceáil agus Taisteal Luas úsáid astu go hiomlán  ar a riosca féin. Ní ghlacfar le haon dliteanas ag Transport Infrastucture Ireland, ag an Oibritheoir Luas ná ag an Oibritheoir Clós Páirceála  i leith aon chaillteanais nó damáiste cibé ní faoi deara é.