Ar an Luan 9 Bealtaine 2022, tugadh isteach an Cárta Leap TFI d’Aosaigh Óga chun táillí laghdaithe ar iompar poiblí a thabhairt d’aosaigh óga idir 19 agus 23 bliana d’aois in Éirinn.Tá an Cárta Leap TFI d’Aosaigh Óga ar fáil ó do 19ú breithlá go dtí deireadh mhí do 24ú breithlá, eg. Má chasann tú 24 bliana d’aois ar an 9 Meitheamh, beidh an cárta bailí go dtí 30 Meitheamh.
Leis an gCárta Leap TFI d’Aosaigh Óga is féidir leat leas a bhaint as táillí laghdaithe airgid thirim ag úsáid an Cárta Leap TFI d’Aosaigh Óga mar aitheantas.Nuair a úsáidtear an Cárta Leap TFI d’Aosaigh Óga, faightear táillí laghdaithe íoctar mar a úsáidtear ar Luas agus iompar poiblí eile chomh maith. Mar aosach óg, tá go leor bealaí ina bhfuil tú in ann íoc as taisteal Luas.Bíonn luach níos fearr á thairiscint ag cuid acu ná cinn eile, mar sin cinntigh ndéanann tú do chuid roghanna a fhiosrú.
Cuir isteach ar Chárta Leap TFI d’Aosaigh Óga.
Má tá tú ag staidéar in Éirinn faoi láthair, is féidir leat leas a bhaint as táillí laghdaithe ag úsáid Cárta Leap TFI do Mhic Léinn. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil
Cén fáth ar cheart Cárta Leap TFI d’Aosaigh Óga a fháil?
Tá Cártaí Leap TFI Íoctar mar a Úsáidtear níos saoire ná Táillí Airgid Thirim Luas agus cuireann Caidhpeanna Chárta Leap TFI d’Aosaigh Óga, 1 Lá (€2.80) agus Seachtainiúil (€11.00), teorainn ar an méid a íocann tú ar Luas.
Táillí Chárta Leap TFI d’Aosaigh Óga Luas
Táillí Chárta Leap TFI d’Aosaigh Óga | |
---|---|
Táille TFI 90 Nóiméad | €1.00 |
Táille Ghearr | €0.75 |
Caidhpeanna Chárta Leap TFI d’Aosaigh Óga Luas
Déanann Cárta Leap TFI do chaiteachas a chaidhpeáil go huathoibríoch ar Luas.Ní féidir leat níos mó ná na Caidhpeanna a chaitheamh.
Caidhp Luas 1 Lá Cárta Leap TFI d’Aosaigh Óga:€2.80
Caidhp Luas Sheachtainiúil (Luan-Aoine) Cárta Leap TFI d’Aosaigh Óga:€11.00
Caidhpeanna Iloibritheora Chárta Leap TFI d’Aosaigh Óga
Déanann Cárta Leap TFI do chaiteachas a chaidhpeáil go huathoibríoch nuair a bhaineann tú úsáid as níos mó ná Luas amháin.Ní féidir leat níos mó ná na Caidhpeanna a chaitheamh.
Caidhp 1 Lá Cárta Leap TFI d’Aosaigh Óga:€4.00
Caidhp Sheachtainiúil (Luan-Aoine) Cárta Leap TFI d’Aosaigh Óga:€16.00
Ticéid Luas Aosaigh/ Aosaigh Óga/ Shingil agus Fhillte
Seo thíos praghsanna ticéad páipéir d’Aosaigh/ d’Aosaigh Óga/ do Mhic Léinn chun comparáid a dhéanamh.
Limistéir | Singil | Fillte |
---|---|---|
Limistéir amháin | €2.00 | €4.00 |
2-8 limistéir | €2.60 | €5.20 |
Cuimhnigh, tá táillí Chárta Leap TFI níos saoire ná Táillí Airgid Thirim Luas. Cuir isteach ar Chárta Leap TFI d’Aosaigh Óga má tá tú incháilithe agus déan airgead a shábháil ar do thaisteal Luas. Cliceáil chun cur isteach ar Chárta Leap TFI d’Aosaigh Óga..
Cliceáil anseo chun féachaint ar an PDF maidir le hAchoimre ar Tháillí Luas.