Skip to main content

Ticéid Shingil agus Fhillte

Tá Ticéad Luas bailí, Pas Bailí nó Cárta Leap TFI bailíochtaithe ag Stop Luas ag teastáil chun Luas a úsáid. Tadhaill Ar roimh gach turas agus Tadhaill As i ndiaidh gach turas Luas ag an Stop Luas chun Cárta Leap TFI bailíochtaithe a bheith agat le haghaidh do thurais.

Ticéad Singil Aosach Leanbh
1 limistéar €2.00 €0.90
2-8 limistéar €2.60 €0.90

Ticéad Fillte Aosach Leanbh
1 limistéar €4.00 €1.80
2-8 limistéar €5.20 €1.80

 

Níl aon Táille do Mhic Léinn ná Táille d’Aosaigh Óga i bhfeidhm do thicéid Shingil agus Fhillte. Tá ticéid shingil bailí ar feadh 90 nóiméad ón am eisithe, do thuras amháin. Ní cheadaítear sosanna sa turas. Tá ticéid fhillte bailí do thaisteal amach agus do thaisteal fillte ar an lá eisithe amháin. Ní mór an chéad turas a dhéanamh laistigh de 90 nóiméad ón am eisithe.

Ticéad Linbh: Bailí 5-15 bliana d’aois san áireamh. Taistealaíonn leanaí 0-4 saor in aisce. D’fhéadfadh go mbeadh fianaise aoise ag teastáil. Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le Ticéid agus Táillí Leanaí Luas cliceáil anseo.

Is féidir le daoine atá 66 bliana agus níos sine cur isteach ar Chárta Seirbhísí Poiblí le Saorthaisteal chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí. Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Cliceáil anseo chun féachaint ar an PDF maidir le hAchoimre ar Tháillí Luas.