Skip to main content

Tiomáint Shábháilte ar fud Luas

Tiomáint Shábháilte ar fud Luas

Tá sé an-tábhachtach go dtuigeann tiománaithe an chaoi chun na bóithre a roinnt go sábháilte le tramanna Luas. Mura dtuigeann siad, d’fhéadfaí an dlí a chur orthu agus d’fhéadfadh siad iad féin nó duine eile a ghortú go dáiríre. Agus tiománaithe ag dul thar línte Luas ag acomhail, in aice le Lánaí Tram Luas ar an mbóthar nó ar Thrambhealaí Luas Roinnte ba mhaith linn go dtiomáinfeadh tiománaithe go sábháilte. Thíos tá faisnéis sábháilteachta leagtha amach againn do thiománaithe don trí chineál limistéir ráille Luas; tá a rialacha féin agus noda sábháilteachta féin ag gach ceann acu.

Córas Ceamara Soilse Dearga Luas

An chéad Córas Ceamara Soilse Dearga in Éirinn atá lonnaithe ag an acomhal Phlás Blackhall agus an Líne Dhearg Luas/ Sráid na Binne Boirbe.

Is cion tiomána é soilse dearga a bhriseadh ag aon acomhal agus léiríonn an córas íomhánna de thiománaithe a bhriseann soilse dearga, mar aon lena n-uimhirphláta agus sonraí eile a ligeann do An Garda Síochána imeacht sa tóir ar chiontóirí faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre. Tá 3 phointe pionóis ag gabháil le soilse dearga a bhriseadh agus finéal suas le €120 ar íocaíocht i leith an mhuirir sheasta. Ardaítear líon na bpointí pionóis a bhronntar go 5 nuair a bhíonn ciontú cúirte i gceist.

Íomhánna samplacha ó Chóras Ceamara Soilse Dearga Luas

Tá Córas Ceamara Soilse Dearga Luas agus tionscnaimh eile mar chuid d’iarrachtaí sábháilteachta chun cosc a chur ar thuairteanna Luas-Feithicil #LuasSafety. Chun cosc a chur ar thuairteanna tá sé an-tábhachtach go dtuigeann tiománaithe an chaoi chun na bóithre a roinnt go sábháilte le tramanna Luas. Léigh ar aghaidh chun tuilleadh eolais a fhail.

Limistéir Ráille Luas

Is iad seo a leanas na 3 chineál ráille Luas;

  • Lánaí Tram
  • Acomhail
  • Trambhealaí Roinnte

Lánaí Tram

Tá breis agus 37 km de línte tram Luas i mBaile Átha Cliath. Is ionann 91% de na Lánaí Tram agus ráillí Luas.

Ní cheadaítear feithiclí bóthair ar Lánaí Tram; is limistéir shainithe iad na Lánaí Tram do thramanna amháin.

Is féidir na Lánaí Tram a shainaithint go soiléir leis na comharthaí rabhaidh ag tús na codanna leithscartha.

Is féidir Lánaí Tram a shainaithint go soiléir le haon cheann de na nithe seo a leanas, i gcoitinne;

  • Gan rochtain seachas comharthaíocht tram
  • Dáileacht theorannaithe á dhéanamh ar na Lánaí Tram le líne bhán leanúnach.

Is sárú é ar reachtaíocht na hÉireann um thrácht ar bhóithre chun tiomáint i Lánaí Tram agus d’fhéadfaí an dlí a chur ort. Is féidir rochtain a fháil ar reachtaíocht um thrácht ar bhóithre ag suíomh gréasáin Oifig Ard-Aighne na hÉireann ar a bhfuil bunachar sonraí inchuardaithe. Sonraítear reachtaíocht um thrácht ar bhóithre ar shuíomh gréasáin na Roinne Iompair, Turasóireachta agus Spóirt.


Acomhail

Tá breis agus 37 km de línte tram Luas i mBaile Átha Cliath. Nuair a chuirtear Acomhail agus Trambhealaí Roinnte le chéile is ionann iad agus 9% de thramanna Luas.

Trasnaíonn ráillí agus tramanna Luas go leor acomhail a úsáideann tiománaithe. Ar an iomlán, tá 62 Acomhal a rialaítear ag Soilse Tráchta ar na línte Luas; 48 ar Líne Luas Dhearg agus 14 ar Líne Luas Ghlas. Tá go leor acomhail eile freisin a bhfuil Comharthaí Stop acu.

Ba chóir do thiománaithe cloígh leis na treoirlínte sábháilteachta seo a leanas chun na ráillí Luas a thrasnú ag Acomhail;

  • Trasnaigh díreach thar an acomhail i gcónaí.
  • Cloígh leis na rialacha bóthair ar fad i gcónaí
  • Géill do na comharthaí tráchta ar fad i gcónaí
  • Géill don chomharthaíocht tráchta ar fad i gcónaí
  • Féach ar dheis agus ar chlé roimh dul ar aghaidh i gcónaí
  • Bí ag éisteacht amach do bhonnáin agus do chloigíní i gcónaí ó thramanna atá ag teacht
  • Ullmhaigh tú féin chun trasnú i bhfad roimh ré agus tóg d’aimsir i gcónaí
  • Tabhair roinnt spáis do thrácht os comhar d’fheithicle chun an trambhealach agus an t-acomhal bosca bhuí a réiteach
  • Bí ar an airdeall níos mó nuair a bhíonn sé fliuch agus in aimsir shioctha i gcónaí agus tabhair spás duit féin chun coscán a chur air roimh an trambhealach nó  t-acomhal bosca bhuí
  • Ná lig d’aon rud cur isteach ort agus tú ag tiomáint

Úsáideann go leor den Líne Luas Ghlas seanlíne Iarnróid mar sin ní roinntear go leor de na tramanna ar an Líne Luas Ghlas an méid céanna bóithre agus acomhail le feithiclí agus a dhéantar an Líne Dhearg. Ritheann 5.5km den Líne Dhearg Luas trí shráideanna cathrach gnóthacha; tá 16 Acomhal a rialáiltear le Soilse Tráchta idir Stop Heuston agus Stop Uí Chonghaile.


Trambhealaí Roinnte

Tá breis agus 37 km de línte tram Luas i mBaile Átha Cliath. Nuair a chuirtear Acomhail agus Trambhealaí Roinnte le chéile is ionann iad agus 9% de thramanna Luas.

I líon suíomhanna áirithe tá ráillí Luas lonnaithe i dTrambhealaí Roinnte a bhíonn in úsáid ag tramanna, feithiclí agus rothaithe. An tslí is éasca chun Trambhealaí Roinnte a shainaithint ná comharthaíocht tráchta agus marcálacha bóthair a sheiceáil. Mar threoir ghinearálta mura bhfuil tú 100% cinnte go bhfuil tú in ann tiomáint ann ná déan.

Ba chóir do thiománaithe cloígh leis na treoirlínte sábháilteachta seo a leanas do Thrambhealaí Roinnte:

  • Cloígh leis na rialacha bóthair ar fad i gcónaí
  • Géill do na comharthaí tráchta ar fad i gcónaí
  • Géill don chomharthaíocht tráchta ar fad i gcónaí
  • Féach ar dheis agus ar chlé roimh dul ar aghaidh i gcónaí
  • Bí ag éisteacht amach do bhonnáin agus do chloigíní rabhaidh i gcónaí ó thramanna atá ag teacht
  • Bí ar an airdeall níos mó nuair a bhíonn sé fliuch agus in aimsir shioctha i gcónaí agus tabhair spás duit féin chun coscán a chur air
  • Ná lig d’aon rud cur isteach ort riamh agus tú ag tiomáint.
  • Ná bí ag tiomáint róghar do thram riamh.

Tuilleadh Eolais

Má tá aon cheist agat téigh i dteagmháil le Seirbhís Custaiméara TFI trí Ghlao Áitiúil ag 0818 294 015 nó trí ríomhphost a chur chuig [email protected].