Skip to main content

Triail Bhailiúcháin Sonraí Anaithnide

Is triail é an Triail Bhailiúcháin Sonraí Anaithnide i gcomhpháirtíocht le Flowly* atá dírithe ar sheirbhís Luas a fheabhsú do chustaiméirí d’anois agus don todhchaí.

Ó mhí na Nollag 2020, rinneadh braiteoirí Wi-Fi a shuiteáil ar 10 dtram agus déantar comharthaí éighníomhacha gléis leictreonacha a bhraith chun cuidiú le Transdev, oibritheoir Luas tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a mbogann custaiméirí tríd an líonra Luas.

Nuair a bhíonn Wi-Fi cumasaithe ag gléas leictreonach, cuireann sé amach comharthaí go héighníomhach (iarratais tóireadóra/ probe requests) ina mbíonn uimhir aitheantais atá sainithe don ghléas sin ar a dtugtar seoladh Rialaithe Rochtana Meáin (MAC). Nuair a bhraitear comhartha ag braiteoir Wi-Fi ar an tram bailítear sonraí loga.

Nuair a dhéantar anailís ar uimhreacha paisinéara agus treonna taistil fíor-ama, tabharfar deis dúinn seirbhís Luas a fheabhsú agus freastal ar riachtanais na gcustaiméirí Luas atá ag méadú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil cliceáil anseo.
De rogha air sin, téigh chuig Flowly, (soláthraí tríú páirtí) ag: https://luas.flowly.re/

Ba mhaith linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáideann custaiméirí Luas, ina iomlán, an tseirbhís, ní an chaoi a mbíonn daoine áirithe á húsáid.

Áirítear leis na hathruithe ar chóir a bheith le feiceáil:

  1. Athruithe clár ama níos minice agus athruithe minicíochta
  2. Freagairt a dhéanamh san fhíor-am chun uimhreacha na gcustaiméirí atá ag taisteal a mheaitseáil
  3. An fhaisnéis seo a chur in iúil san fhíor-am chun deis a thabhairt duit do thuras a phleanáil

Leis an réiteach seo, tugtar deis dúinn anailís a dhéanamh ar na hamanna taistil custaiméirí ar fud an líonra iomláin. Is féidir leis na hamanna naisc idir na Línte a fheiceáil freisin a bheidh ina chabhair mhór do chustaiméirí Luas a úsáideann an Líne Dhearg agus Ghlas.

Tá an réiteach seo in úsáid faoi láthair sna líonraí seo a leanas agus cuidítear le Transdev agus daoine eile leibhéal an iompair phoiblí a oiriúnú agus a rialú sna cathracha Francacha seo a leanas: Grenoble, La Havre, Roanne, Reunion, Toulon, Nimes, Avignon, Vitrolles, Rouen, Montpellier, Nice, Arles agus Manoque.

Chun a bheith rannpháirtíoch go gníomhach agus chun cur le rathúlacht na trialach seo, tugaimid cuireadh duit feidhm Wi-Fi do ghléas (do ghléis) a choinneáil ar siúl.

Mura bhfuil tú ag iarraidh páirt a ghlacadh sa triail seo, is féidir leat dul i gcoinne bailiúcháin do shonraí trí shuíomh gréasáin an tríú páirtí tiomnaithe (Flowly) ag: https://luas.flowly.re/

*Is réiteach faoi phaitinn é Flowly a comhforbraíodh ag Transdev a dhéanann daoine ar bord iompar poiblí a chomhaireamh.

Cé gur dearadh an réiteach Flowly ar dtús chun cuidiú le hoibritheoirí bainistíocht a dhéanamh ar shruth paisinéirí (uimhreacha) agus chun a dtairiscint a dhearadh chun freastal ar riachtanais na gcustaiméirí, anois is féidir leis cuidiú le scaradh fisiciúil trí é a úsáid chun léargas a fháil mar gheall ar na huimhreacha a bhíonn ag taisteal ar bord i bhfíor-am.

Leis na braiteoirí Wi-Fi a suiteáiltear ar thramanna, braiteoir comharthaí éighníomhacha (iarratais tóireadóra/ probe requests) ó ghléis leictreonacha.

Airítear in amhshonraí iarratais tóiredóra:

  • Seoladh Rialaithe Rochtana Meáin (MAC) – uimhir shainaitheanta sainithe don ghléas sin
  • Bealaí agus Am taistil
  • Sonraí loga (dáta, am, RSSI – táscaire láidreachta comhartha, cineál an ghléis, aitheantas braiteoirí Wi-Fi)

Ní úsáidtear sonraí a bhailítear chun daoine sonracha a shainaithint.

Níl sonraí á mbailiú againn amhail d’ainm, do stair brabhsála ná d’uimhreacha fóin.

Scagtar amach gléis eile seachas fóin póca leis na braiteoirí Wi-Fi agus déantar na sonraí a bhréagainmniú gar d’fhíor-am. Mar thoradh air sin, ní bheimid in ann aon duine aonarach a shainaithint ó na sonraí a bhailítear.

Déantar tuilleadh scagtha ar na sonraí chun aon úsáideoirí neamhthram a bhaint agus ansin déantar é a anaithnidiú.

Bréagainmniú is ea an próiseas chun daoine a idirdhealú i dtacar sonraí trí aitheantóir uathúil a úsáid nach nochtann a n-aitheantas san ‘fhíor-shaol’. Tá sé mar aidhm ag an anaithnidiú aon nasc leis an úsáideoir a bhaint. Tá bealach chun príobháideacht daoine a chosaint i gcomhréir le Treoir maidir le hAnaithnidiú agus Bréagainmniú (Mí an Mheithimh 2019) de chuid An Choimisiúin um Chosaint Sonraí.

Cuirtear an fhaisnéis staitistiúil (comhiomlánaithe) ar fáil chuig Transdev Dublin Ligh Rail Limited mar an t-obritheoir Luas ar ardán tiomnaithe.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil téigh chuig ‘An chaoi a ndéanaimid na sonraí a chosaint’ thíos.

Coinneoidh Transdev Dublin Light Rail Ltd. aon sonraí a bhailítear i gcomhréir lenár mbeartais um chosaint sonraí. Ciallaíonn sé sin nach gcoinneoimid sonraí níos faide ná mar is gá chun na críocha a fuaireamar é. Coinneofar Sonaí Wi-Fi Díphearsantaithe ar feadh 24 uair. Nuair a bheidh an tréimhse coinneála seo thart, ní choinneofar ach sonraí comhiomlánaithe amháin.

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig ‘Bailiúchán Sonraí agus Cosaint Sonraí’ thíos.

Táimid an-dáiríre faoi phríobháideacht ár gcustaiméirí.

Tá réimse beartas teicniúla agus eagraíochtúla i bhfeidhm chun Sonraí Wi-Fi a rialú, rochtain orthu a chosaint agus a n-úsáid a chosaint.

Déantar gach seoladh MAC a dhíphearsantú (a bhréagainmniú) go huathoibríoch agus a chriptiú chun sainaithint an seolta MAC bunaidh agus an gléas gaolmhar a chosaint taobh istigh den chéad 3 nóiméad.

Déantar an seoladh MAC a anaithnidiú ansin (tríd an teicníc RSA-OAEP a úsáid) taobh istigh de 3 uair ón mbraistint ar an braiteoir Wi-Fi.

Stóráiltear an bunachar sonraí ar bhonneagar slándáil tiomanta taobh istigh de lárionad sonraí OVH trí shraith i bPáras, sa Fhrainc. Stóráiltear sonraí bailithe i limistéir srianta i suíomh slán agus tá rochtain fisiciúil ar an lárionad sonraí a bhíonn á rialáil trí mhodhanna fíordheimhnithe tionscail caighdeánacha.

Tá rochtain teoranta chuig grúpa úsáideoirí – i.e. iad siúd amháin atá rochtain ar na sonraí riachtanach dá ról amháin.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil féach https://www.ovhcloud.com/en-ie/about-us/infrastructure-software/

Bailítear Sonraí Wi-FI ag Flowly SAS Saint-Paul, sa Fhrainc – an soláthraí seirbhíse (Próiseálaí Sonraí).

Déantar sonraí a stóráil ansin le OVH i bPáras, sa Fhrainc (Fophróiseálaí Sonraí).

Roinnfidh Flowly sonraí próiseáilte agus comhiomlánaithe le le Transdev Dublin Light Rail Ltd. (Rialtóir Sonraí) agus Bonneagar Iompair Éireann (gníomhaire rialtais).

Bailiúchán Sonraí agus Cosaint Sonraí

Táimid an-dáiríre faoi phríobháideacht ár gcustaiméirí.

Tá réiteach Flowly faoi phaitinn roghnaithe againn so chaoi is go bhfuil sé oiriúnach i leith príobháideachta agus go ndearbhaítear anaithnideacht agus cosaint sonraí pearsanta úsáideora.

Le cinntiú go bhfuil ár gcur chuige maidir le bailiúchán sonraí oiriúnach, rinneamar measúnuithe tionchair maidir le cosaint sonraí sula bhailíomar na sonraí.

 

Mar chuid den triail seo táimid ag bailiú agus ag coinneáil na sonraí pearsanta seo a leanas ar na cúiseanna thíos:

 

Sonraí Cúis Tréimhse coinneála
Seoladh Rialaithe Rochtana Meáin (MAC) Triail Bhailiúcháin Sonraí Wi-Fi 3 uair
Sonraí Loga Triail Bhailiúcháin Sonraí Wi-Fi 24 uair
Seoladh MAC ina choinne Chun  Alt 21 de chearta RGCS a chleachtadh Fad na trialach
Fianáin Chun Ailt 15 – 22 de chearta RGCS a chleachtadh trí shuíomh gréasáin Flowly Fad an tseisiúin
Seoladh IO Chun an seoladh MAC ina choinne a fhíorghníomhú 3 mhí
Sonraí a bhaineann le ceisteanna custaiméirí agus iarratais freasúra a fuarthas trí ríomhphost. Chun Ailt 15 -22 de chearta RGCS a chleachtadh trí ríomhphost tiomnaithe Flowly. 12 mhí

Níl Suibiachtaí Sonraí faoi réir uathphróiseála mar a shainítear in RGCS.

 

An bonn dlíthiúil maidir leis an bpróiseáil seo ná leas dlisteanach an rialtóra, ina mbíonn gléas tástála chun sruth paisinéirí a thomhas trí staitisticí comhiomlánaithe agus anaithnide a fhorbairt chun seirbhísí iompar poiblí a bharrfheabhsú.

 

I gcásanna áirithe, de réir an dlí tá an ceart agat:

  • rochtain a bheith agat ar shonraí pearsanta*
  • ceartú maidir le sonraí pearsanta a iarraidh*
  • scriosadh sonraí pearsanta a iarraidh*
  • srian maidir le sonraí pearsanta a iarraidh maidir le sonraí a bhaineann le suibiachtaí sonraí
  • cur i gcoinne próiseáil dá leithéid*

*Sula ndéantar na sonraí a anaithnidiú – suas le 3 uair tar éis bhailiú an seolta MAC; tar éis anaithnidiú sonraí, áfach, níl cearta na sonraí ná na cearta RGCS gaolmhara ar fáil a thuilleadh.

 

Mura dteastaíonn uait páirt a ghlacadh sa triail seo, is féidir leat cur i gcoinne bailiúchán do shonraí trí shuíomh gréasáin an tríú páirtí (Flowly) ag: https://luas.flowly.re/

 

Ní bheidh ort táille a íoc chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta (nó na cearta a chleachtadh); d’fhéadfaimis táille réasúnta a ghearradh, áfach má mheastar go bhfuil d’iarratas maidir le rochtain gan bhunús nó iomarcach. De rogha air sin, d’fhéadfaimis diúltú do chomhlíonadh an iarratais i gcásanna mar sin.

 

D’fhéadfadh go mbeadh sonraí áirithe mar gheall ort ag teastáil uainn chun cuidiú linn d’aitheantas a dhearbhú agus do cheart maidir le rochtain ar shonraí pearsanta a chinntiú (nó chun aon cheann de do chearta eile a chleachtadh).Is beart eile slándála cuí é seo le cinntiú nach nochtar faisnéis phearsanta chuig aon duine nach bhfuil an ceart acu í a fháil. D’fhéadfaimis imeacht i dteagmháil leat chomh maith chun tuilleadh faisnéise a fháil uait maidir le d’iarratas chun ár bhfreagra a dhéanamh níos tapúla.

 

Déanaimid iarracht freagra a thabhairt ar iarratais dlisteanacha taobh istigh d’aon mhí tar éis iad a fháil. Ó am go ham, glacann sé níos mó ná mí orainn má tá d’iarratas casta nó má tá cúpla iarratas déanta agat. Sa chás sin, tabharfar fógra duit agus coinneofar ar an eolas tú maidir le hamanna freagartha.

 

Aistriú sonraí: Fanfaidh na sonraí ar fad mar chuid den Aontas Eorpach.

 

Déanann an tOifigeach Cosanta Sonraí freagraí a bhreithniú agus a chomhordú maidir le haon iarratas a bhaineann le cearta an duine faoi RGCS mar aon le gearráin ó dhaoine a ndéanfar sonraí leo a phróiseáil mar chuid den triail seo. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí tríd an bpost chuig: Transdev Dublin Light Rail Limited, Iosta Luas, Timpeallán na Bó Deirge, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22 , D22 C5P3 nó trí ríomhphost a chur chuig [email protected].

 

Má tá aon deacracht agat maidir leis an gcaoi a ndéanaimid d’fhaisnéis pearsanta a láimhseáil nó mar gheall ar chomhlíontacht le cosaint sonraí, tá an ceart agat gearán a dhéanamh ag aon am chuig an gCoimisiún um Chosaint Sonraí (DPC), atá mar údarás maoirseachta na hÉireann maidir le reachtaíocht um chosaint sonraí (lena n-áirítear faoin RGCS).