Má fheiceann tú iompraíocht fhrithshóisialta ar bord Luas nó ag ardán Luas, is féidir leat í a thuairisciú ar thrí bhealach.
- Seirbhís téacs SMS Luas.
- Aip Luas tríd an bhfeidhm “Report” a úsáid.
- Seirbhís teachtaireachta WhatsApp Luas
Sonraítear thíos na treoracha iomlán ar an gcaoi le gach ceann acu sin a úsáid.
D’eachtraí a bhaineann le sábháilteacht nó éigeandála tram, cuir fios ar 999 i gcónaí.
Seirbhís téacs SMS Luas.
- Seol an t-eocharfhocal “LUAS”, mar aon le do thuairisciú maidir le iompraíocht fhrithshóisialta, chuig 51444.
- Tá sé tábhachtach go n-úsáideann tú an t-eochairfhocal “LUAS”, mar is Seirbhís Roinnte Téacs í an uimhir 51444, nuair a úsáidtear an focal “LUAS” cinntítear go bhfuil an téacs dírithe orainne.
- Ba chóir duit dearbhú a fháil go bhfuarthas an teachtaireacht.
- Beidh ort íoc as aon téacs a sheolann tú – tá rátaí caighdeánacha i bhfeidhm.
Aip Luas
- Tá an Aip Luas ar fáil saor in aisce ó shiopaí Apple App agus Google Play.
- Oscail an Aip agus cliceáil ‘Report’ (‘Tuairiscigh’) atá ag bun an scáileáin ar dheis. Tá deilbhín triantáin air agus comhartha uaillbhreasa (!) os cionn.
- Cuir isteach na sonraí maidir leis an méid a fheiceann tú sa bhosca.
- Cliceáil ‘Next’ (‘Ar aghaidh’) nuair atá tú críochnaithe.
- Ansin iarrfar ort do shuíomh a dhearbhú.
- Ba chóir duit dearbhú a fháil go bhfuarthas do theachtaireacht.
- Is seirbhís saor in aisce é seo.
Seirbhís teachtaireachta WhatsApp Luas
- Oscail WhatsApp ar d’fhón (nó déan é a íoslódáil ó shiopaí Apple App agus Google Play .
- Cuir Luas 087 055 5715 le do Theagmhálaithe.
- Scríobh an teachtaireacht “Hi” chun tús a chur leis an gcomhrá.
- Lean na leideanna agus tuairiscigh an eachtra.
- Scríobh “Menu” ag pointe ar bith chun filleadh ar an bpríomh-roghchlár.
- Gheobhaidh tú teachtaireacht dearbhaithe deiridh go bhfuarthas do theachtaireacht.
- Is seirbhís saor in aisce é seo.